Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
Ar feadh trí lá/lae?
Posted: 10 April 2019 03:14 PM   Ignore ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  1
Joined  2019-03-30

An ndéarfá “ar feadh trí lae” nó “ar feadh trí lá”?
Agus ce acu is ceart: “ar feadh dhá seachtaine” nó “ar feadh dhá sheachtain”?
Go raibh míle as bhur gcabhair!

Profile
 
Posted: 11 April 2019 09:27 AM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  442
Joined  2011-10-27

Is iad ‘ar feadh trí lá’ agus ‘ar feadh dhá sheachtain’ (nó níos fearr fós, ‘ar feadh coicíse’) na leaganacha ceart. Ní bhaintear úsáid as an nginideach, mar gheall air go bhfuil an focal ‘lá’ á cháiliú ag focal eile, i.e. ‘trí’. Sampla eile: ‘feicfidh mé tú i gceann cúpla lá’, áit a bhfuil ‘cúpla’ ina cháilitheoir. Mura mbeadh aon cháiliú i gceist, chuirfí an tuiseal ginideach ann, m.sh. ‘i gceann lae’ nó ‘ar feadh míosa’.

Profile
 
Posted: 14 April 2019 03:31 PM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  15
Joined  2019-04-13

Eolas úsáideach. An cainteoir líofa thú a Chomhalta?

Profile
 
Posted: 22 April 2019 09:44 AM   Ignore ]   [ # 3 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  442
Joined  2011-10-27

Tá fáilte romhat! Níl ionam ach foghlaimeoir. Is iad Labhrás agus Lughaidh na daoine is eolasaí ar an bhfóram seo.

Profile