|
The Summer
Week
|
|
|
Féach ar na NAISC thíos le haghaidh Foirm Chláraithe,
s.r.l.
Gach samhradh, téann dream Gaeilgeoirí le chéile faoin tuath in Nua Eabhrac faoi choimirce Daltaí na Gaeilge. Tagann siad ó Nua Eabhrach, Nua Ghéirsí, Connecticut, California, Ceanada agus áiteanna eile. Go hiodúil, bíonn idir 40 agus 60 daoine ann. Cén fáth an dtiocfadh an méid sin daoine le chéile mar sin? Chun a gcuid Gaeilge a fhoghlaim is a chleachtadh, ár ndóigh! Conas a dhéantar é sin? Léigh agus faigh amach an scéal. Nuair a thagann tú don teach mór sa tuath, buailfidh tú le Ethel Brogan, An Bhean Uasal, atá in gceannas na seachtaine. Cuirfidh sí fáilte mór romhat. Ansin, tabhairfidh sí seomra leapa duit, áit ins a mbuailfidh tú le cairde nua! Tosnaíonn na ranganna ar maidin Dé Luain. Tá bun ranganna, meán ranganna agus ard ranganna le fáil. Beidh múinteoir amháin agat ar maidin agus múinteoir eile agat um tráthnóna. Mar a bhíonn stíl difriúil ag gach múinteoir, gheobhaidh tú ceachtanna éagsúla - scéalta, dánta, amhráin, gramadach agus comhrá an-shuimiúil. Tar éis na ranganna beidh seans agat do scith a ligint. Má's maith leat snamh, tá linn snámha deas ann. Nó b'fhéidir gur fearr leat súil go ciúin sa gcoill. Ar imir tú "Pictionary" as Gaeilge riamh? Bhuel, seo do sheans. San oíche, bíonn na Gaeilgeoirí cruinnithe le chéile ag imirt cluichí mar "scrabble" (as Gaeilge, cinnte), cartaí, fiche ceist, srl. Nó b'fhéidir go bhfuil siad ag breathnú ar fhístéipeanna - cartúin, dramaí nó stair. Agus an t-am ar fad, bíonn na ceoilteoirí ag seinm, na h-amhránaithe ag casadh agus craic de chuile short ann. Bíonn lá saoire againn i rith na seachtaine. Téann dream eachtrúil "ag túibiáil" san Abhainn Esopus. Ach is fearr le daoine níos ciallmhaire dul go dtí áiteanna eile mar Hyde Park nó Woodstock. Bain do rogha féin astu. Tá an t-am caite againn ró-luath. Ach i ndeireadh na seachtaine beidh Gaeilge níos fearr agat, cairde nua agat agus scéalta go leor agat le n-insint do do chairde. Tionólfaih muid Seachtain na Gaeilge 2008 i Esopus, Nua Eabhrac in idir an 24ú lá Lúnasa agus an 30ú lá Lúnasa.
(Brú anseo
le haghaidh Sonraí agus Eolas an Bhealaigh.)
(Brú anseo le haghaidh an Fhoirm Chláraithe.) Bí linn! |
|
February Weekend |
Teachers Workshop |
Advanced Speakers Weekend
May Weekend | June - Irish Saturday | Summer Week November Weekend ©Daltaí na Gaeilge |