DALTAÍ NA GAEILGE
"GAELTACHT" WEEKEND
Deireadh Seachtaine na Gaeilge
(Daltaí na Gaeilge thall)
An t-Earrach 2007
A chara,
Cé go bhfuil Daltaí na Gaeilge ag reachtáil Deireadh Seachtainí Gaeilge
le 27 bliain anuas agus cé go mbíonn sceideal iomlán againn gach bliain, fós
bímid i gcónaí ag lorg bealaí nua le soiscéal na teanga a scaipeadh agus
lena mic léinn a shásamh.
Mar sin cuireann sé gliondar ar mo chroí a fhógairt anseo, go mbeidh
deireadh seachtaine againn aríst i mbliana dona cainteoirí líofa. Murab
ionann is na deireadh seachtainí eile, ní bheidh cuireadh ag tosaitheoirí
freastail ar an gclár seo. Tugann an clár seo deis shainiúil do na
Gaeilgeoirí líofa (nó beagnach líofa) deireadh seachtaine iomlán a
chaitheamh le chéile báite sa teanga. Beidh seimináir agus léachtaí againn
ar ábhair éagsúla. Tá sé ar intinn againn aríst rang gramadaí a
thairiscint do na mic léinn a bhfuil fáinní airgead acu. Ag an deireadh
seachtaine seo beidh ar chuile dhuine Gaeilge amháin a úsáid i rith an ama
ar fad agus beidh cosc ar gach teanga eile.
Obair dháiríre a bheidh ar siúl againn, ach mar sin féin beidh an-spraoi
againn freisin. Ist oíche Dé Sathairn beidh béile againn i mbialann áitiúil
agus beidh seisiún againn ina dhiaidh sin. Ná déan dearmad ar do ghléas
ceoil má tá ceann agat. Muna bhfuil, beidh muid ag súil le amhrán nó scéal
greannmhar nó dán uait. Tá súil againn go mbainfidh tú taithneamh agus
fiúntas as an gclár, agus tá muid ag súil le do chomhluadar.
Is mise, le meas,
Ethel Brogan
Dátaí
Idir an 13ú agus an 15ú d'Aibreáin 2007
Suíomh
Haven Beach Motel
Long Beach Island
(Ocean County)
New Jersey
Costas
$125 an duine ar lóistíní, béilí agus na
h-imeachtaí go léir
Béilí
Dé Sathairn--Trí bhéile
Dé Domhnaigh--Bricfeasta & Lón
(Dé hAoine - Tada)
Clárú
Spriocdháta - An 6ú lá d'Aibreáin
Bain usáid as an
bhfoirm chláraithe
Am Teacht
Dé hAoine - Am ar bith thar éis 5:00 i.n.
Cruinniú Tosaigh - 9:00 i.n.
Ceisteanna:
Cuir glaoach ar:
Liam (732) 571-1988
nó
Pádraig (732) 291-5426
EOLAS AN BHEALAIGH
Haven Beach Motel
11004 Long Beach Boulevard
Haven Beach, New Jersey 08008
Guthán: (609) 492-6223
Facs: (609) 492-1350
Tóg an Garden State Parkway go dtí Bealach Amach # 63 - Cúrsa 72 Soir.
Téigh 7.3 míle (thar Ron John's agus an Wawa) siar go deireadh.
Cas ar dheis agus beidh tú ar Long Beach Boulevard.
Lean ar aghaidh 4.1 míle (giota beag thar éis an Acme) agus feicfidh
tú an Haven Beach Motel ar thaobh na láimhe deise.
Tá tú anseo !
Take the "Garden State Parkway" to Exit # 63 - Route 72 East.
Go 7.3 miles (past "Ron John's" and the "Wawa") all the way to the end.
Turn right and you will be on "Long Beach Boulevard".
Continue on for 4.1 miles (a little bit past the "Acme") and you will see the
"Haven Beach Motel" on the right hand side.
Tá tú anseo !
©Daltaí na Gaeilge
|