|
A chara,
Reachtáil Daltaí na Gaeilge
, eagraíocht a bhfuil dul chun cinn na Gaeilge i Meiriceá mar chúram aici, deireadh
seachtaine le haghaidh daoine atá in ann Gaeilge a labhairt, 27 - 29 Márta, 1998.
Tionóladh an Deireadh Seachtaine i Long Beach Island, New Jersey, áit atá timpeall
céad míle ó dheas ó Chathair Nua-Eabhrac, ar chósta an Atlantaigh Mhóir.
Agus tháinig na sluaite. Ghlac os cionn trí fichid duine páirt in imeachtaí an deireadh
seachtaine agus níor labhraíodh ach Gaeilge ar feadh an ama uilig, ó Aoine go Domhnach.
Meiriceánaigh ba mhó a bhí ann, ach bhí roinnt mhaith ann, freisin, a rugadh in Éirinn.
Casadh bean orm as Contae an Chláir, bean eile as Baile Átha Cliath agus, ar ndóigh,
bhí Ethel Brogan ann, arb as Contae Ard Mhacha ó cheart í, Sóisear Mac Cionnaith
as Doire agus Barra Ó Donnabháin as Corcaigh. Bhí cainteoirí dúchais ann, freisin,
ina measc an tAthair Stiofán Ó Donchú as Indreabhán agus Pádraig Mac a'Ghoill as
Ard a' Rátha.
Bhí ceardlanna, seimineáir agus díospóireachtaí ann. Ceann de na ceisteanna a pléadh
ab ea "An bhfuil an tUachtarán Clinton ciontach?" Agus Walter Stock, fear atá ag
múineadh na Gaeilge i Nua-Eabhrac le cúig bliana déag is fiche, thug sé an lucht
éisteachta leis ar thuras draíochta go Tír na nÓg. Thug mé féin léacht ar "Béaloideas an
Chreidimh in Éirinn agus in Albain Nua".
Bhí Aifreann Gaeilge ann, freisin, a léigh an tAthair Ó Donchú, tráthnóna Dé Sathairn,
agus thug sé seanmóir uaidh i nGaeilge bhreá ar an Soiscéal "An té atá saor ó pheaca,
caitheadh sé an chéad chloch".
Oíche Dé Sathairn, bhí dinnéar mór agus cóisir ann. Níl a fhios beo ná beirthí cén
spraoi a bhí ann. Tháinig cuid de na daoine isteach agus iad gléasta go fiú na mbróg,
mar ó Dhia, ar na mná, láimhíní fada ar chuid acu suas go dtína gcuid uillineacha
agus cleití ina gcuid hataí!
Dheamhan a leithéid de spórt (nó a leithéid d'éadaí) a chonacthas ó tionóladh Aonach
an Domhain i Siceagéo i 1893. Tar éis an tsuipéir, bhí neart amhránaíochta agus aithriseoireachta
agus chuile rud ó thus go deireadh i nGaeilge bhinn bhlasta.
Mar a dúradh thuas, ní deireadh seachtaine le haghaidh tosaitheoirí a bhí sa tionól
seo ach ceann le haghaidh daoine a bhí sásta gan ach Gaeilge a labhairt. Is iontach
an obair atá déanta ag Daltaí na Gaeilge
agus go mór mór ag Liam Guidry, Sóisear Mac Cionnaith agus Ethel Brogan. Comhghairdeas
do Daltaí na Gaeilge
agus go maire siad i bhfad!
Is mise,
Kenneth E. Nilsen
An Roinn Cheilteach
Oilthigh Naomh Fransaidh Xavier
Antigonis, Tír Mór
Albainn Úr
Ceanada
Nóta: Tionólfar an chéad
"Deireadh Seachtaine Lán Gaeilge" eile ar 3ú d'Aibreáin - 5ú d'Aibreáin 2009.
Beidh an Fógra Oifigiúil agus
an Fhoirm Chláraithe curtha suas anseo 6 nó 8 de sheachtainí roimh ré.
Bí linn!
|