mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Ethel Brogan « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Admin
Board Administrator
Username: Admin

Post Number: 21
Registered: 01-1999


Posted on Thursday, October 06, 2011 - 11:27 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cailleadh ár gcara dil Ethel Brogan oíche aréir, an 5ú lá de Dheireadh Fómhair 2011. Grásta ó Dhia ar a hanam.

Rugadh Ethel Mathews i gCathair Ard Mhacha seacht mbliana is ceithre scór ó sin. Cé nach raibh ach cúpla focal acu sa bhaile, cheap Ethel go raibh sé tábhachtach a teanga féin a fhoghlaim. Chuaigh sí i dteannta a dearthair, John, agus a gcolceathracha go Conradh na Gaeilge. Bhuaileadar leis an Ath. John Quinn, nó wee Father John, mar a thug sí air. Thuig wee Father John gurbh í a gcultúr agus a dteanga féin í an Ghaeilge agus go mba hiad na daoine óga a choimeádach an teanga beo. Dá raibh a fhios aige cé chomh cruinn agus a bhí Ethel óg ag éisteacht leis. Mar thit sí i ngrá leis an nGaeilge.

Tháinig Ethel go Meiriceá i 1946 ach níor chaill sí riamh an grá dá teanga. Bhí sí ina ball sa Gaelic League i bparóiste N. Maitiú in Manhattan in ar bhuail sí le Bill Brogan. Phosadar agus nuair a bhí clann óg acu, bhogadar go Fishkill, New York. Thosnaigh sí ar an nGaeilge ag múineadh i ranganna Adult Ed ann. Agus tar éis tamaill, thuig Ethel go mbeadh seans níos fearr dá scoláirí da raibh deis acu an teanga a chleachtadh. Bheartaigh sí go mbeadh deireadh seachtaine acu in a mbeidís in ann labhairt le chéile go nádúrtha. As an gcéad deireadh seachtaine sin i 1981, d’fhás an gluais Daltaí na Gaeilge. Gluais atá fós beo láidir ag scaipeadh na teangan ar fud na tíre seo.

Is méala mór go deo dúinn bás ár Máthar Ab, ár gcara dil, ár gcarraig chiall.

Ba mhaith le foireann Dhaltaí na Gaeilge comhbhrón a dhéanamh le fear chéile Ethel, Bill, agus lena gclann, Patrick, Bridget, agus Brendan agus a gclann clainne.

Ar dheis Dé agus i measc na nGael go raibh anam Ethel dhílis Brogan.

Socair Sochraide
Dé Luain, 10 Deireadh Fómhair
Aifreann Dé - 11:00 a.m.
St. Mary Mother of the Church
106 Jackson Street
Fishkill, NY 12524

Faire *
Dé Domhnaigh, 09 Deireadh Fómhair
McHoul Funeral Home
1089 Main Street
Fishkill, NY 12524
(845) 896-2000

* Níl an t-am ar an Domhnach socraithe fós, ach nuair atá an t-eolas sin le fáil cuirfidh muid nóta sna Daltaí FORUMS anseo: http://www.daltai.com/discus/messages/board-topics.html Nó is féidir leat glaoch a chur ar McHoul’s (845) 896-2000.

Agus má’s maith leat bailiúchán grianghraf Ethel a fheiceáil, tá ceann curtha le chéile againn i gcuimhne uirthi anseo: http://www.daltai.com/grianghraifethel.htm

“In iothlainn Dé go gcastar sinn.”

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11741
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, October 06, 2011 - 12:00 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní maith liom bhur dtrioblóid. Go raibh suaimhneas síoraí agus leaba i measc naomh na nGael aici.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge