Onuvanja
Member Username: Onuvanja
Post Number: 38 Registered: 07-2010
| Posted on Wednesday, October 05, 2011 - 06:23 am: | |
Tá sé de nós agam éisteacht le stáisiúin raidió Gearmánacha le mo chuid Gearmáinise a fheabhsú agus mé ag tiomáint go dtí an oifig ar maidin. Mar sin, chuir sé ríméad orm píosa beag a chloisteáil faoi Flann O'Brien ar Deutschlandfunk maidin inniu. Bhí léiritheoirí an chláir eolach ar ghnéithe éagsúla an scríbhneora, idir mar údar próis ceannródach, iriseoir agus fear na Gaeilge. Nach deas go bhfuil an cháil atá ar Mhyles scaipthe chomh fada sin as an mbaile! :) |