Criostóir
Member Username: Criostóir
Post Number: 22 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, September 30, 2011 - 03:43 pm: | |
An bhfuil an fhadhb seo ag éinne ? Rinne TG 4 "uasghradú" ar a suíomh ghréasáin, agus anois ní féidir liom an nuacht a fháil. Nuair a bhainim triall as, ní fhaighim ach fógra i mBéarla a mhaireann ar feadh triocha soicind, agus ansin--faic. Níl ann ina dhiadh sin ach scaileán dubh. Sheol mé riomhphost chucu, ag lorg chomhairle, ach ní bhfuair mé freagra ar bith. |
Brídmhór
Member Username: Brídmhór
Post Number: 184 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, October 04, 2011 - 05:56 pm: | |
Tá mise in ann TG4 beo a fheiceáil faoi láthair, agus an Nuacht teipeáilte. BTW d'fhreagair mé ceist a chuir tú píosa ó shoin anseo. |
Dalta_seán
Member Username: Dalta_seán
Post Number: 9 Registered: 05-2011
| Posted on Wednesday, October 05, 2011 - 11:39 pm: | |
Tá fadhb agam leis an TG4-Seinnteoir chomh maith. Níl sé an fadhb céanna mar atá agat ach is fadhb mar gheall ar an uasghrádú a rinne siad. Sheol mé r-post chucu (..webmaster..) agus níl aon rud cloiste agam uathu fós. Rinne mé uasghrádú ar an leagan de Flash Player a bhí agam ar mo ríomhaire (mar a mhol siad) agus réitigh sin cuid acu de na fadhbanna. Ach fós níl an seirbhís chomh maith agus a bhí sé riamh. Níor d'fhéach mé ar Nuacht ach chonaic mé Ros na Rún. Fadhb amháin atá ann fós ná, Ní éalaíonn na smachtaí (méid na fuaime,lán scáileán agus rla) ar bun an scáileáin tar éis cúpla soicind le lán scáileán roghnaithe. Tá súil agam go mbeidh réiteach ann gan mhoill. Go n-eirí leath leis a Bhrídmhór. |