mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » An focal "doiligh" agus an chaoi a úsáidtear é « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 203
Registered: 01-2011
Posted on Thursday, September 08, 2011 - 06:58 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Glacaim leis gur ó thuaidh is mó a deirtear "doiligh" ach shíl mé gur leis an gcopail a chuirtear é.

Is doiligh nuacht an raidió a thuigbheáil.
Is doiligh broic le hiompar den chineál sin.

srl

Nílim cinnte go ndéarfadh cainteoirí maithe "tá sé + doiligh etc" Airím domlas ar a leithéid?

Bhur mbarúil?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11676
Registered: 08-2004


Posted on Friday, September 09, 2011 - 04:07 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is doiligh bheith cinnte! (Níl bheadh doiligh i m'fhoclóir gníomhach)

Seo cúpla sampla ón gcorpas:
An mbíonn sé doiligh agat comhairle a chur ar stócach óg a bheadh ag smaointiú ... -- RnaG, Tamalt Comhrá
Agus an raibh sé doiligh agat fáil isteach in jab mar sin agus tú ar an Choláiste ? -- RnaG, Tamalt Comhrá

Bheadh breis eolais ag Lughaidh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 204
Registered: 01-2011
Posted on Friday, September 09, 2011 - 05:21 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is dóigh liomsa go bhfuil an dá cheann sin "mí-cheart"! B'fhearr liom "An doiligh duit comhairle ..." agus "Ar dhoiligh duit fáil isteach ..."

Aidhe neo! Trócaire orm! Cé mise... Nach dána an mhaise do Jeaicín a bheith ag ceartú daoine a bhfuil Gaedhalaig na gcnoc is na gcaorach acu.

Rud eile:
Más ionann "stócach" agus buachaill lán-fhásta cén fáth ar chuir an cainteoir sin "óg" leis? Nach "tautology" é sin má thuigim brí an fhocail.

Caithfidh go bhfuil úsáid an fhocail "doiligh" ag athrú agus daoine ag tréigean na copaile. Tionchar scoile? Tionchar an Bhéarla? Tionchar an dátheangachais agus an Ghaeilge sa dara háit.

Oidhe na Manannaise atá romhainn más ea.

[Ná bac liom! Is ag iarraidh focail a chur ag rince atáim. Ag cleachtadh is ag iarraidh bheith cuideachtúil!]

Dála an scéil, tá botún i dteideal an tsnátha seo. An bhfaca éinne fós é?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11677
Registered: 08-2004


Posted on Friday, September 09, 2011 - 06:39 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Más ionann "stócach" agus buachaill lán-fhásta cén fáth ar chuir an cainteoir sin "óg" leis?



Ní bhíonn an chiall céanna ag gach canúint le focail a bhaineann le daoine - stócach ina measc.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 205
Registered: 01-2011
Posted on Friday, September 09, 2011 - 09:28 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Aontaím leat, a Aonghuis. Glacaim leis sin. Thárla go raibh an focal "stócach" á chíoradh agam an lá cheana féachaint an bhféadfainn é a chur ar chomh-chéim le "ainnir" (in-fhir). Tá sé in Ó Dónaill. Sna canúintí is dócha go bhfaighfeá "dubh" ina bhán. Is doiligh brí a chur in iúl go beacht.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11679
Registered: 08-2004


Posted on Friday, September 09, 2011 - 09:39 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11680
Registered: 08-2004


Posted on Friday, September 09, 2011 - 09:40 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Más buan mo chuimhne tá sraith focail ag Duinnín do fir agus mná de réir aois & cumas.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Hugo
Member
Username: Hugo

Post Number: 118
Registered: 09-2008
Posted on Friday, September 09, 2011 - 10:45 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní doiligh liom a chreidbheáil ''go bhfuil sé doiligh ag go leor daoine'' an chopail a úsáid.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge