mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Conamara inniu ... « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 165
Registered: 01-2011
Posted on Saturday, July 23, 2011 - 08:00 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Thug triúr againn cuairt ar Chois Fhairrge an tseachtain seo caite. Muid uilig líofa. Choinníomar cluas le héisteacht orainn. Chualamar neart Gaeilge ón dream meánaosta ach níor chualamar ach Béarla á labhairt ag óga lena chéile go dtí gur chuala siad muide ag gaeilgeoireacht. Ansin las a súile agus labhair siad Gaeilge go líofa linn. Caithfidh go bhfuil iarracht á dhéanamh agus gur maith leo lucht airgid ag teacht ag caitheamh.

Bhí díomá orainn go raibh an dá óstán ar an gCeathrú Rua dúnta.

Ceist agam oraibh, a Dhaltaí, ar thug aon duine eile agaibh cuairt ar an nGaeltacht le déanaí? Cén scéal agaibh?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seamás91
Member
Username: Seamás91

Post Number: 356
Registered: 10-2009


Posted on Sunday, July 24, 2011 - 07:32 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Measaim go bhfuil ort triail a bhaint as do chuid Gaelainn d'fhonn is go mbeifea i mbun comhra gaeilge. Sin an meid at ag taisteal.

'mar ná beidh ár leithidí arís ann'
-Tomás O'Croitháin (An t-Oiléanach)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 166
Registered: 01-2011
Posted on Monday, July 25, 2011 - 08:20 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Aontaím leat. Is léir go bhfuil an teanga ar eolas go maith ag an aos óg thart ar an Spidéal ach is ábhar bróin agus imní dhom gurb é an Béarla a roghnaíonn siad mar theanga chaidrimh eatarthu féin. Tá siad dhá-theangach ach is é an Béarla atá in uachtar. Má leanann siad conair Ghaeltachtaí eile gheobhaidh an Ghaeilge bás ar fad ina measc nuair a bheidh an tseanghlúin imithe.

Dá bhféadfaí gluaiseacht réabhlóide a chur ar bun ina measc ... In aghaidh an status quo ... Go léireoidis a mbród as a dteanga ...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seamás91
Member
Username: Seamás91

Post Number: 357
Registered: 10-2009


Posted on Monday, July 25, 2011 - 06:28 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ba choir gaelainn a bheith inar dteanga priobhaideach agus an bhearla inar dteanga idirnaisiunta.

'mar ná beidh ár leithidí arís ann'
-Tomás O'Croitháin (An t-Oiléanach)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 167
Registered: 01-2011
Posted on Tuesday, July 26, 2011 - 08:57 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Nílim cinnte gur ceart di bheith ró-phríobháideach. Chiallódh sé sin nár cheart do dhaltaí ná múinteoirí í a labhairt taobh amuigh den seomra ranga; agus nár cheart do mhuintir na Gaeltachta í a labhairt sa siopa ná in oifigí an Stáit; gan trácht ar chruinnithe poiblí a reachtáil trí Ghaeilge in áit ar bith sa tír..

Ba cheart di bheith mar atá an Ollainnís, an tSualainnís, nó an Liotuáinis srl ina dtíortha féin.

Caithfidh beotheanga ar bith a bheith luaite le ceantar tíreolaíoch éigin ar dhromchla an domhain mhóir agus pobal a labhróidh í a bheith lonnaithe sa dúiche sin. Caithfear an Ghaeltacht a chaomhnu, a neartú, agus a leathnú. Caithfidh an Ghaeilge a bheith ina teanga phoiblí in Éirinn agus ina príomhtheanga phobail sa Ghaeltacht.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Guevara
Member
Username: Guevara

Post Number: 111
Registered: 04-2007
Posted on Tuesday, July 26, 2011 - 09:04 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí mé i gCarna agus labhair mé Gaeilge amháin ach bhí aithne agam ar a lán daoine sa gceantair sin agus bhí a fhios acu go bhfuil Gaeilge líofa agam. Bhí mé sa Spidéal cúpla uair i rith an tsamhraidh agus is fíor gur Béarla a labhranns ann ag a bhformhór go háirid aon daoine faoi bhun fiche nó mar sin. Ach téigh go dtí an Builín Blasta sa gceardlann le haghaidh greim bia am éicint mar tá na mná chomh cairdiúil (agus dathúil) agus Gaeilge den scoth ag gach ball foirne. Tá fáilte roimh an Ghaeilge istigh Tigh Hughes chomh maith.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 168
Registered: 01-2011
Posted on Tuesday, July 26, 2011 - 01:51 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Chaitheamar cupán caife sa Bhuilín Blasta agus is fíor dhuit. Ní bhhfaighfeá bialann ní b'fhearr le Gaeilge, le cairdiúlacht ná le scéimh in áit ar bith. Mar an gcéanna i mBialann an Bhoth Loiscthe agus sa Chrúiscín Lán. Beirt Ghaeilgeoir as Árainn a chas ceol sa Tobar agus cé gur chan siad i mBéarla (tut tut) tá Gaeilge bhreá líofa acu araon. Admhaím go bhfuaireamar neart Gaeilge ar an Spidéal an uair seo. Ach muide a spreag í .....

Eatarthu féin ... ?

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge