mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Caoimhe = 'qweeva' ??????? « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cáitín
Member
Username: Cáitín

Post Number: 6
Registered: 05-2007
Posted on Tuesday, May 24, 2011 - 03:56 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An féidir le éinne cabhrú liom an cheist seo a fhreagairt? An bhfuil sé ceart an t'ainm Caoimhe (nó an focal Caoineadh) a rá ar nós 'qwee-va' in aon chanúint? Cheapas nach raibh, ach go bhfuil se deacair do dhaoine an 'c' bog as Gaeilge a rá, agus mar sin go ndeirtear 'Q' in ionad. Ach tá cúpla duine ag iarraidh cur ina luí orm go bhfuil 'qw' i gceart i gcúpla canúint.... An féídir le éinne an cheist seo a fhreagairt dom?

Cáit

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 129
Registered: 01-2011
Posted on Tuesday, May 24, 2011 - 06:24 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is dóigh liom go bhfuil an ceart agatsa, a Cháitín. Is ionann an "c" i "Caoimhe" agus an "c" i Cáitín, ach, ní hionann "aoi" agus "í". Beidh "Daltaí" eile in ann é seo a mhíniú.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Brídmhór
Member
Username: Brídmhór

Post Number: 175
Registered: 04-2009


Posted on Monday, September 12, 2011 - 04:15 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Aontaím leat a Chaitlín.
Níl Béarlóirí in ann an t-ainm Gaeilge a rá i gceart.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3988
Registered: 01-2005


Posted on Tuesday, September 13, 2011 - 04:25 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ta "glide" eadar an fhuaim c agus an fhuaim i : cineal fuaim "uh" ata iontach gairid : kuh-EE-veh.
Ach is fearr an rud sin a chluinstean siocair nach bhfuil a leithéid ann i mBéarla so tuigfidh tu nios fearr cad é ata i gceist ma chluineann tu é.

Nil sé ach giota beag cosuil le w an Bhéarla. Nuair a fhuaimneas tu w an Bhéarla, bionn do liopacha cruinn ; nuair an fhuaimnithear an glide ata i gceist agam, cha bhionn. So nil sé ceart "kwee-va" a raidht, mar nach bhfuaimneann na cainteoiri Gaeltachta mar sin.

Rud céarna leis an fhocal "Gaeilge", deireann na Béarloiri duchais "gwaylga" go minic ach is é guh-AYL-geh or guh-AY-linn or guh-AY-lic a deirtear. Ach arist eile, caithfear sin a chluinstean mar go bhfuil sé deacair na fuaimeannai Gaeilge a scriobh le leitriu fhoghraioch ar nos a' Bhéarla mar seo.

(Message edited by Lughaidh on September 13, 2011)

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 211
Registered: 01-2011
Posted on Tuesday, September 13, 2011 - 04:49 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ochón! Ó! Is Béarlóir mé. Táthar á mhaíomh nach dtig liom "Caoimhe" ná "Gaeilge" a rá i gceart. Och! Och! Ochón! Ó!

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge