Author |
Message |
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 122 Registered: 01-2011
| Posted on Tuesday, May 17, 2011 - 02:02 pm: | |
Tá sí tagtha agus fáilte curtha roimpi ag maithe agus mór-uaisle. Is aisteach sráideanna Bhaile Átha Cliath a fheiceáil gan duine ná deoraí amuigh ach gárdaí agus ionair bhuí orthu. Gardaí in gach aon áit. Gardaí agus saighdiúirí. Uaigneach. Mí-shuaimhneach. Scanrúil. |
|
Seamás91
Member Username: Seamás91
Post Number: 349 Registered: 10-2009
| Posted on Tuesday, May 17, 2011 - 05:10 pm: | |
Seachas an phracas san a raibh ar siul leis na heagraiochta amadach siud, mar shampla Sinn Fein agus Eirigi. Conas a fhogroidh muid ar dtir iontach leis na sceimhlitheoiri san? 'mar ná beidh ár leithidí arís ann' -Tomás O'Croitháin (An t-Oiléanach) |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 123 Registered: 01-2011
| Posted on Wednesday, May 18, 2011 - 09:27 pm: | |
Labhair sí Gaeilge: "A Uachtaráin agus a chairde," ar sise. Fuair sí bualadh bos a mhair i bhfad. |
|
Onuvanja
Member Username: Onuvanja
Post Number: 26 Registered: 07-2010
| Posted on Thursday, May 19, 2011 - 12:08 pm: | |
"Cuid de na rudaí a rinneadh, ba cheart iad a dhéanamh ar bhealach eile nó gan iad a dhéanamh ar chor ar bith..." sin an méid a dúirt sí. Caithfidh sé go bhfuil an-fhaitíos ag rialtas Shasana le héilimh ar chúiteamh a d'fhéadfadh muintir na hÉireann a chur isteach, dhá ndéanfadh an Bhanríon leithscéal a ghabháil go hoscailte. ;) |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 126 Registered: 01-2011
| Posted on Monday, May 23, 2011 - 07:51 pm: | |
Tá níos mó Gaeilge ag Barak ná mar atá ag Éilis: "A Uachtaráin agus a chairde" v "Tá áthas orm a bheith in Éirinn" agus "a chairde" agus "is féidir linn." |
|
Seamás91
Member Username: Seamás91
Post Number: 350 Registered: 10-2009
| Posted on Tuesday, May 24, 2011 - 07:01 am: | |
Bhuel, ta an ban san thart ochto mbliana d'aois, cad a bhis ag tnuth uaithi? 'mar ná beidh ár leithidí arís ann' -Tomás O'Croitháin (An t-Oiléanach) |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 127 Registered: 01-2011
| Posted on Tuesday, May 24, 2011 - 09:39 am: | |
Bíodh a fhios agat, a Shéamais91, go bhfuilimse an-sásta leis an gcaoi ar fhreastail muid uilig ar ár gcuairteoirí. Is maith liom gur tháinig siad, gur caitheadh go maith leo, agus gur imigh siad abhaile slán. Níl i gceist agam sa teachtaireacht thuas ach moladh a thabhairt dóibh araon. Más féidir leosan abairtíní Gaeilge a fhoghlaim gan stró nach mór an náire iad na daoine dár muintir féin a bhíonn de shíor ag maíomh nach bhfuil Gaeilge acu. "Níorbh fhéidir linn í a fhoghlaim." Scread mhaidine orthu! |
|