mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Úr-fhocail (na Liricí) do 'My Lagan Love' « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

David des Moines (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Sunday, May 08, 2011 - 06:57 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is cumadóir ceoil mé atá im chónaí sa bhFrainc. Fé láthair tá mé ag cóiriú ceoil 'My Lagan Love' do chór Francach a chanfaidh an píosa, agus é críocnaithe agam - mise an stiurathóir. Fuair mé amach go bhfuil stáid na liricí sa tSacs-Bhéarla an-chasta ó thaobh an dlí de, agus dá bhrí sin, táim ag cuardú na húr-fhocail don amhrán. An t-aon eolas amháin atá agam ná go dtagann sé ó chonntae Dhún na nGall agus téann sé siar go dtí an 15ú nó an 16ú aois. Ar an ábhar sin, ní bheadh aon fhadhb dlí ag baint leis an gcás.

Bheinn an-bhuíoch dá bhféadfaí mé a threorú chuig nasc; nó b'fhéidir na húr-liricí féin as Gaeilge a thabhairt dom ar an bhfóram seo. (Canann an cór roinnt amhráin as Gaeilge cheana féin.)

Go raibh míle maith agaibh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 112
Registered: 01-2011
Posted on Sunday, May 08, 2011 - 05:16 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní heol dom go bhfuil a leithéid ann. Níor chuala mé an t-amhrán sin "My Lagan Love" as Gaeilge riamh. An fonn nua-chumtha atá ag gabháil leis nó an amhrán traidisiúnta é? Más amhrán traidisiúnta é ba cheart go bhféadfaí na focail a aimsiú in áit éigin gan mórán stró. Más fonn nua-chumtha atá ann tharlódh nach bhfuil sé ar fáil i nGaeilge - go fóill.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

David des Moines (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, May 09, 2011 - 03:38 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Salut, Dia duit, a Jeaicín.

Go raibh maith agat.

An fonn tradisiúnta atá i gceist, cinnte. Rinne mé cuardú ar na hidirlíontaí agus deir Wikipedia an méid a ndúirt mé sa chéad alt ar scríobh mé inné; ach tógadh sin ón dlúthdiosc 'Celtic Women', agus tugtar arís agus arís eile an t-eolas céanna ar na suíomhanna eile. Ar ndóigh, is le Joseph Campbell an téacs sa tSacs-Bhéarla, ach b'fhéidir nach aistriúcáin den téacs bunaidh an méid a rinne Campbell, agus gur chúm sé 'úr-théacs' nua.

Más fíor go dtéann an fonn siar don 15ú nó 16ú aois, bheadh sé réasúnta a cheapadh go raibh téacs Gaelach ag dul leis, nach ea? Ach de réir mar a smaoiním ar an ábhar, níl mé ró-chinnte den seandacht a luaitear i dtaobh an amhráin seo. Muna féidir buntobar a chur le bonn, tá réiteach eile ann: dul ar aghaidh gan téacs agus é a chanadh gan focail, .i. 'a bocca chiusa' (le béal dúnta). Ach mar sin féin, ba breá liom an t-úr-théacs a aimsiú má tá sé ann.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 114
Registered: 01-2011
Posted on Monday, May 09, 2011 - 05:14 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá réiteach eile fós ann murar féidir leat teacht ar théacs bunaidh i nGaeilge. D'fhéadfá dán éigin nua-chumthha (nó ceann sean-bhunaithe féin :-) a mbeadh rithim oiriúnach ann nó líon áirithe siollaí sna línte.

An bhfuil an fonn sin le fáil sa Bunting Collection? Goodman? Tharlódh go mbeadh sé ann faoi ainm éigin eile.

Deirtear gur "Eimear's Farewell" ab ainm don bhfonn a ghabhann le "Danny Boy" É sin agus "The Derry Air". Caithfidh go bhfuil taighde ar siul chun na sean-amhráin i nGaeilge a cheangal leis na foinn. Ba mhór an trua go raibh oiread droch-mheas ar an nGaeilge nuair a bhíothas ag bailiú an cheoil gur caitheadh na focail i leataobh. Beidh sé deacair foinn is focail a chur le chéile arís.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, May 11, 2011 - 11:17 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí mé ag smaoineamh díreach mar a chomharlaíonn tú, a Jeaicín. Ach tá dhá fhadhb ag baint leis.

And chéad cheann: tá rithim an fhoinn seo an-neamhrialta agus go dtí seo níor éirigh liom dán a fháil a aontódh go maith leis an mírialtacht sin.

An tarna phoinnte: is trua, ach níl an méid sin ama agam le cuardú go mion tré Bhunting. Agus níl Goodman ar aithne agam ar chorr ar bith. Ach má fhaghaim uair a chloig saor... Ach táim an-ghafa faoi láthair leis an gcór agus an ceolchoirm deireadh-bhliana á ullmhú againn.

Go raibh maith agat as na moltaí a rinne tú.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 117
Registered: 01-2011
Posted on Thursday, May 12, 2011 - 05:15 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Athaistriú atá ag teastáil mar sin. Cad iad na focail atá agat féin faoi láthair sa leagan Béarla? Cuir suas anseo iad agus cá bhfios ach go bhféadfainnse nó duine éigin eile iad a aistriú. Níor ghá na focail féin a aistriú ach a mbrí a chur i nGaeilge tomhaiste nádúrtha a rachadh leis an gceol.

[Níl mé cinnte faoi Goodman. Is dóigh liom go raibh bailitheoir ceoil i gCorca Dhuibhne uair dá raibh ach nílim cinnte den ainm. Cuartóidh mé go bhfeice mé.]

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

David des Moines (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, May 16, 2011 - 04:05 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go raibh maith agat a Jeaicín. Bheinn lán sásta na focail a fhoilsiú anseo. Ach tá siad faoi chóipcheart. Mar sin, chun sin a dhéanamh, bheadh comhairle nó/agus cead ó na maoirseoirí ag teastáil. Ach creidim go ligtear braon mar thagairt a chur suas ar suíomh mar seo. Mar sin:

"Where Lagan stream sings lullaby
There blows a lily fair."

Is trua liom bheith chomh deireannach leis and bhfreagra seo, ach bhí cuairteoirí ó Éirinn sa tigh agam. D'imigh siad abhaile inné.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge