Author |
Message |
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 93 Registered: 01-2011
| Posted on Wednesday, April 13, 2011 - 02:20 pm: | |
Tá fógartha ag Dinny McGinley go bhfuil deireadh curtha le Scéim an Deontais um Labhairt na Gaeilge. Cad é bhur mbarúil faoi sin? Sábhálfaidh an cinneadh seo tuairim is €700,000 sa bhliain. |
|
Seamás91
Member Username: Seamás91
Post Number: 343 Registered: 10-2009
| Posted on Wednesday, April 13, 2011 - 03:58 pm: | |
Ni bheadh aon ga doibh (na daoine a fhaigheann an dheontas) an t-airgead a fhail agus iad gan suim da laghad acu 'a dteanga' a labhairt tar eis doibh a bheith ag fail an airgead don theanga sa chead ait. 'mar ná beidh ár leithidí arís ann' -Tomás O'Croitháin (An t-Oiléanach) |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 94 Registered: 01-2011
| Posted on Wednesday, April 13, 2011 - 07:44 pm: | |
Is dócha nach raibh ag éirí leis an scéim dáiríre. Leanaí a bhí ag freastal ar scoil agus ag foghlaim na Gaeilge ar scoil bhí siad in ann an deontas a thuilleamh ach na leanaí óga, ceithre nó cúig bliana d'aois, ní bheadh Gaeilge ar bith acu. I ndeireadh báire bhí an deontas sin dírithe ar mháithreacha a labhródh an teanga leis an naíonán sa chliabhán. Bhí agus tá máithreacha a dhéanadh a ndícheall ainneoin meáin an Bhéarla a bheith á mbodhradh gach uile lá. Ba spreagadh dóibh an duais bheag sin gach bliain. Is iomaí cainteoir dúchais a déarfadh leat go raibh Gaeilge sa teach s'acusan i gcónaí agus go bhfaighidis an deontas gach bliain. Bhíodh mórtas orthu é a fháil. Anois tá an bua faighte ag lucht an Bhéarla sna paróistí Gaeltachta. Tá an dealg sin curtha ar ceal. Beidh siad in ann "We're in the Gaeltacht too!" a rá feasta agus ní bheidh slat tomhais ar bith ann le neart na teanga sa cheantar a mheas. Droch-chinneadh dar liomsa. |
|
Guevara
Member Username: Guevara
Post Number: 106 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, April 14, 2011 - 08:09 am: | |
Sé an tslat tomhais is fearr chun measúnú a dhéanamh ar cé chomh láidir is atá Gaeilge i gceantar áirid ná Scéim Labhairt na Gaeilge. Níl sa Daonáireamh ach daoine ag insint bréag dóibh féin. Léirigh an scéim deireanach go raibh ardú suntasach i nGaeltacht Mhuscraí agus titim tubaisteach i gContae Mhaigh Eo. Sé sin cén ceantar a bhfuil feabhas tagtha ar chúrsaí teangan. Tá Donncha Ó hÉallaithe den tuairim gurbh é an scéim an slat tomhais is fearr agus gur chóir critéir Gaeltachta a bheith bunaithe ar sin seachas daonáireamh. Beidh sé níos éásca anois do cheantracha ar nós Béal a Mhuirthead An Clóchán Liath srl a stadás Gaeltachta a choinneáil nó bhféidir go raibh rud éicint eile taobh thiar den chinneadh seo. |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 95 Registered: 01-2011
| Posted on Thursday, April 14, 2011 - 10:30 am: | |
D'aontóinn leis sin gurb é Scéim Labhairt na Gaeilge an slat tomhais is fearr ar neart na Gaeilge in áit ar bith. Tá caint ar chúnamh éigin a thabhairt do thuismitheoirí óga a gheallfadh go dtógfaidis clann le Gaeilge. Cheapfainn go mbeadh scuaine deich míle ar fhad dá mbeadh an "cúnamh" substaintiúil go leor. Ansin chaithfí an mionchló a léamh. Clann a thógáil le Gaeilge? Le Gaeilge amháin nó le G agus teanga eile? Dá mbeadh máchail ar an leanbh, slán mar a n-instear é, ar ghá cloí le Gaeilge ansin? An dtabharfaí an cúnamh taobh amuigh den Ghaeltacht? Agus dá ndéanfaí an gcuirfí scrúdú ar na tuismitheoirí roimhré féachaint an raibh an tsean-Ghaeilge cheart acu? Níor chóir airgead a chaitheamh ar "Revival Irish" dar le daoine áirithe. Ceist eile: an gcaithfidh cibé scéim a bheidh ann don Ghaeilge a bheith ar aon dul le scéim a bheidh á reachtáil don Ultais? Cuirfidh sé sin caidhp an bháis ar iarracht ar bith an Ghaeilge a chur chun cinn le hairgead Stáit. Nuair a scríobhfar stair na teanga i gceann caoga bliain eile áireofar an scor seo ar an mbuille deiridh in aghaidh choincheap na Gaeltachta. Beidh an solas múchta, an aibhleog deiridh curtha as. Ní bheidh ach Béarla ag an aos óg agus is gearr go dtiocfaidh aois oraibhse atá in ann é seo a léamh agus ní bheidh oidhre oraibh. Beidh scoláirí ann chúns a mhairfeas an t-airgead ach beidh an tír tugtha ar ais go dtí ré Uí Dhonabháin agus Uí Chomhraidhe.(?) Ní bheidh seans ag mo leithéidse de Jeaicín an teanga a fhoghlaim feasta. |
|
Onuvanja
Member Username: Onuvanja
Post Number: 24 Registered: 07-2010
| Posted on Friday, April 15, 2011 - 09:01 am: | |
Nach tubaisteach an scéal é sin! Cén chaoi ar éirigh leo a fháil réidh le scéim an deontais chomh héasca sin, sin scéim a bhí ann le blianta? Agus cén bunús atá leis an gcinneadh sin má atá? Cén fáth go mba cheart do theaglaidh na Gaeltachta an teanga a choinneál beo, más léir gur cuma leis an Stát an labhraítear í nó nach labhraítear... Caithfidh mé a rá go gcuireann sé mearbhall ar fad orm. |
|