mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Ceist Ghramadaí « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Usjes
Member
Username: Usjes

Post Number: 2
Registered: 04-2010
Posted on Tuesday, March 08, 2011 - 07:23 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá mé in amhras faoin bhfoirm cheart nuair a usáidtear an ginideach mar adiacht san iolra.
eg.

an capall -> cosa an chapaill
na capaill -> cosa na gcapall

mar sin céard í an Gheailge cheart ar 'horses legs'
cosa capaill (ar nós go bhfuil díreach cosa san iolra)
cosa capall (ar nós go bhfuil an dá rud san iolra)
?

Sampla eile:
cosa froig

cosa froganna
Nó an bhfuil an dá rud ceart ag brath ar cad go díreach atá tú ag iarraidh a chur in iúil? (frog legs vs. frogs legs)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mbm
Member
Username: Mbm

Post Number: 318
Registered: 01-2006


Posted on Tuesday, March 08, 2011 - 09:04 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Taispeánann sé seo chomh doiléir is féidir an Béarla a bheith nuair nach n-úsáidtear an uaschamóg. Imíonn an doiléire agus an uaschamóg ann:

horse's legs (na cosa atá faoi chapall amháin)
> cosa capaill (cosa an chapaill)

horses' legs (na cosa atá faoi iliomad capall)
> cosa capall (cosa na gcapall)

Ceapaim gur cruinn a rá go seachnaíonn an Ghaeilge an doiléire i gcásanna mar seo. Ní mór don chainteoir rogha a dhéanamh i gcónaí cá acu capall amháin nó iliomad capall atá faoi chaibidil.

Mo bhlag sa seanchló Gaelach:
www.cainteoir.com

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Usjes
Member
Username: Usjes

Post Number: 3
Registered: 04-2010
Posted on Tuesday, March 08, 2011 - 12:40 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá sé níos casta ná sin áfach mar is í an triú brí ina bhfuil suim agam inti.
ie. ní (the frog's legs) nó (the frogs' legs) ach (frog legs) (an bia Francach,http://en.wiktionary.org/wiki/frog_legs), sé sin a frása mar alt éiginnte
=> Má iarrtar ort cad a d'ith tú agus gan fios agat an ó frog amháin nó ó roinnt froganna a thánaig na cosa cad is ceart rá
cosa froig nó cosa froganna ?

Sampla eile:
Sa réigiún thall den siopa díoltar (hataí fear) nó (hataí fir) ?
Arís is í an brí éiginnte atá i gceist.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seánw
Member
Username: Seánw

Post Number: 1070
Registered: 07-2009


Posted on Tuesday, March 08, 2011 - 06:55 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

frog's legs (legs of a frog) = cosa froig
frogs' legs (legs of frogs) = cosa froganna
the frog's legs (the legs of the frog) = cosa an fhroig
the frogs' legs (the legs of the frogs) = cosa na bhfroganna
frog legs (= frogs' legs/legs of frogs) = cosa froganna
the frog legs (= the frogs' legs/the legs of the frogs) = cosa na bhfroganna



men's/mens' hats (hats for men) = hataí fear nó hataí d'fhir
the men's/mens' hats = hataí na bhfear nó hataí do na fir

I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Harp
Member
Username: Harp

Post Number: 71
Registered: 02-2006
Posted on Tuesday, March 08, 2011 - 10:25 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An cheist eile

Crág an fhroig

Tá lochán beag ag mo chomharsa agus tá froganna go leor ann…ag grágaíl toda la noche gan staonadh…a leithéid de núis, cinnte!!
An bhfuil eolas ag éinne ar shlí níos fearr chun díbirt na froganna amach as?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 45
Registered: 01-2011
Posted on Wednesday, March 09, 2011 - 05:27 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cuir liús sa lochán. D'íosfadh liús síol froganna. D'alpadh sé agus shlogfadh sé gach uile rian díobh.

Meas tú an íosfadh cat nó gadhar iad?

Ar an dtaobh eile de d'fhéadfá stopóga a chur i do chluasa nó ceol le Justin Bieber agus Jedward a chur ar siúl go han-ard feadh na hoíche?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seánw
Member
Username: Seánw

Post Number: 1072
Registered: 07-2009


Posted on Wednesday, March 09, 2011 - 09:06 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Nach bhfuil tú ag gabháil iad a ithe?

I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mbm
Member
Username: Mbm

Post Number: 319
Registered: 01-2006


Posted on Wednesday, March 09, 2011 - 11:19 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tuigim cad atá i gceist agat leis an tríú brí sin.

I roinnt teangacha bheadh aidiacht ar fáil chuige sin. Mar shampla sa tSeicis: frog legs = 'žabí stehna' (is aidiacht é 'žabí' dar ciall cosúil le 'froggy').

Sa Bhéarla is é an uimhir uatha a úsáidtear chun an chiall sin a chur in iúl (frog legs, baby food, horse manure, ...). Ní i gcónaí é, áfach: féach cow's milk.

Sa Ghaeilge, bheadh fonn orm an uimhir uatha a úsáid chomh maith: cosa froig, ach níl a fhios agam cén fáth. Ní cuimhin liom trácht air seo a fheiceáil in aon leabhar gramadaí.

Mo bhlag sa seanchló Gaelach:
www.cainteoir.com

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Onuvanja
Member
Username: Onuvanja

Post Number: 14
Registered: 07-2010
Posted on Thursday, March 10, 2011 - 07:18 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Déarfainn gurb í an uimhir uatha a theastaíonn uait sa gcás seo, cosúil le 'deoch phórtair' agus 'comhartha bóthair'.

Tá na rialacha a bhaineann leis casta go leor, ach tá siad uilig mínithe i nGraiméir Gaeilge na mBráithre Críostaí atá ar fáil ar-líne (féach ar phointe 4.14 go 4.16):
http://ec.europa.eu/translation/irish/documents/christian_brothers_comprehensive _irish_grammar_ga.pdf

Mar sin:

'cos/cosa froig' a bheadh ar 'frog leg/legs' agus
'cos/cosa capaill' ar 'horse leg/legs'.

Mar sin, ní i gcónaí a sheachnaíonn an Ghaeilge an éiginnteacht. :) Ach, ag an am céanna, 'hata(í) fir' a thabhairfinn ar 'men's hat(s), ach 'leithreas na bhfear' ar 'men's toilet, i.e. gents'.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seánw
Member
Username: Seánw

Post Number: 1078
Registered: 07-2009


Posted on Thursday, March 10, 2011 - 11:46 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Hmm ... tá an t-uatha ag an Fhraincis – cuisses de grenouille. Agus b’fhéidir gur cheart do dhuine úsáid a bhaint as lorga fá choinne cuisse.

I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3858
Registered: 01-2005


Posted on Thursday, March 10, 2011 - 12:41 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cuisse = thigh, ie. 'leis' nó 'sliasaid' i nGaeilg, dar liom. Lorga, sin an chuid atá eadar an ghlún agus an troigh - níl mórán le hithe ann. (Le fírinne char ith mise leis froga ariamh ach tá's agam gurb iad na leasracha a íosas na Francaigh!)

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seánw
Member
Username: Seánw

Post Number: 1079
Registered: 07-2009


Posted on Thursday, March 10, 2011 - 01:37 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maidir le bia, is shank an lorga, ach níor ith mise ariamh fosta. Níl a fhios agam cé acu a bhaineann sí leis an bhia seo. Ba dhóigh gur uile na coise iad.

I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Onuvanja
Member
Username: Onuvanja

Post Number: 15
Registered: 07-2010
Posted on Thursday, March 10, 2011 - 03:23 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhuel, 'leis chirce' atá luaite i nGraiméir na mBráithre, ach bhain mé úsáid as 'cos', mar sin é an focal a bhí faoi chaibidil againn.

Uair amháin a d'ith mé 'leasracha f(h)roig', más buan mo chuimhne, ach ní tugtha atá mé dhóibh go díreach, mar gheall ar an easpa feola freisin. :)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Harp
Member
Username: Harp

Post Number: 72
Registered: 02-2006
Posted on Friday, March 11, 2011 - 04:43 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cuir liús sa lochán. D'íosfadh liús síol froganna. D'alpadh sé agus shlogfadh sé gach uile rian díobh.

Meas tú an íosfadh cat nó gadhar iad?

Ar an dtaobh eile de d'fhéadfá stopóga a chur i do chluasa nó ceol le Justin Bieber agus Jedward a chur ar siúl go han-ard feadh na hoíche?

---------------------------------------------------------
GRMA as do chomhairle

B’fhéidir go mbeadh scéim níos fearr: Tógaim fógra suas os comhair an dorais na comharsan: “Frog legs
“for sale here
“Inquire within”
Tar éis a buailtear cnag go leor ar an doras…?!??
Cé acu is measa? Cnag ar an doras nó Crág an fhroig??

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge