Author |
Message |
Alexderfranke
Member Username: Alexderfranke
Post Number: 105 Registered: 05-2008
| Posted on Wednesday, February 09, 2011 - 09:50 am: | |
Dia dhaoibh, do léigh mé tríd an mblog luaite thuas. Agus thug mé faoi déara go bhfuiltear ag cur in iúl fuath roimh chuid mhaith polasaí na Gaeilge. Go minic, is dóigh liom gur fuath le cuid na dtráchtóirí an Ghaeilge í féin. Más é bhur dtoil é, coimhéadaigí altanna an bhlog agus scríobhaigí tráchtanna a chuireann in iúl meas roimh an nGaeilge! Níor cheart fuath in aghaidh na Gaeilge a fhanacht gan chur in éadan, fiú amháin má tá tuairimí éagsúla againn de réir polasaí oifigiúla na Gaeilge. Alex |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 633 Registered: 06-2009
| Posted on Wednesday, February 09, 2011 - 09:58 am: | |
Is mór an lán buinneachántacht chainte ar bhlaganna mar sin. Ná bac le mac an bhacaigh... :) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11379 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 09, 2011 - 10:06 am: | |
Ní fiú bheith le mo dhuine, Alex. Cur amú ama atá ann. Rinne mé cúpla iarracht, ach is amhlaidh go rabhas ag cuir strus orm fhéin, gan tairbhe. |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 16 Registered: 01-2011
| Posted on Wednesday, February 09, 2011 - 04:42 pm: | |
Is doiligh bheith fuarchúiseach faoi rud chomh pearsanta leis an nGaeilge. |
|