Author |
Message |
Alexderfranke
Member Username: Alexderfranke
Post Number: 100 Registered: 05-2008
| Posted on Sunday, January 30, 2011 - 11:31 am: | |
Dia dhaoibh, faoi seo, cuirim an cheist mar sin orm: Mar is eol againn, bhíodh athrú ag cosúlacht teangacha. Cad faoin lá atá inniu ann agus amach anseo? An dtiocfaidh athrú ag cosúlacht teangacha go fóill agus chomh maith ag an gceann na Gaeilge nó an dóigh nach mbeidh ar siúl ach athruithe beaga de réir na meáin cumarsáide agus tráchta chomh maith leis an gcóras oideachais? Agus cad faoin nGaeilge mura mbeadh beagán aon chainteoir dúchais ann go fóill? An mbeidh athrú ag teacht ag cosúlacht na Gaeilge in ainneoin? Sílimse gurb é tionchar an Bhéarla an t-athrú is tábhachtaí atá agus a mbeidh ar siúl, bheith caint na ndaoine nó an urlabhraíocht. An í an Ghaeilge 300 bliain amach anseo an ceann céanna den chuid is mó nó an mbeidh cosúlacht beágáinín athruithe uirthi? Do léigh mé alt faoi Laidin na Meánaoise agus an abairt istigh mar atá: Tháinig dochar ar an Laidin mar theanga bheo as na hiarrachtaí an Laidin a thabhairt ar ais chuig an bhfoirm chlasaiceach. Ní raibh an Laidin na Meánaoise le tionchar ó na teangacha dúchais na scríbhneoirí fós sách-mhaith. Do smaoin mé ar an nGaeilge. Is fiú tionchar éigin ón Bhéarla a fhulaingt, is dócha chun go bhfanfaidh an teanga beo... Le deá-mhéin, Alex |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 634 Registered: 06-2009
| Posted on Wednesday, February 09, 2011 - 10:00 am: | |
An amhlaidh go bhfuil 'dul chun cinn' na Gaeilge i gceist agat? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11380 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 09, 2011 - 10:07 am: | |
Ní hionann forbairt agus dul chun cinn, a Shinéad. Tá gá leis an dá rud! |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 635 Registered: 06-2009
| Posted on Wednesday, February 09, 2011 - 10:29 am: | |
Is féidir a n-idirdhealú gan aimhreas a Aonghus ach chomh fada is a bhaineann sé seo leis ár dteanga Gaeilge b'fhearr liomsa féachaint le dul chun cinn a dhéanamh ná ag dul "céim ar aghaidh" :) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11381 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 09, 2011 - 10:51 am: | |
"Forbairt" -> an chaoi a n-athraíonn an teanga chun freastal ar lucht a labhartha. "Dul chun cinn" -> an Ghaeilge á scaipeadh; líon na gcainteoirí agus na n-áiseanna ag dul i méid. |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 637 Registered: 06-2009
| Posted on Wednesday, February 09, 2011 - 11:26 am: | |
Sea a Aonghus aon rud a dhéantar ar mhaithe leis an nGaeilge and a cainteoirí dul chun cinn a bhíos i gceist.. iarrachtaí agus tograí mar focal.ie, ainm.ie, gaelscoileanna a chur ar bun, páipéir nuaíochta sa nGaeilge a chur ar fáil, deontaisí le haghaidh taighde a dhéanamh srl. Forbairt? Focal uafásach. Ní haon dóitín an Ghaeilge a bhfuil aithne agamsa uirthi. Ní fheicimse aon bhuntáistí a bhaineanns le 'tionchar an Bhéarla' a bhraith uirthi agus níl aon ghá dul i muinín thionchar an Bhéarla sa ngnáthchaint. Maidir le caipéisí dlíthiúla, fág leis an dream úd an saghas Gaeilge sin. Ní bhíonn formhór na ndaoine ag plé leis an nGaeilge sin ar aon chaoi. Ach oiread le Alexander. Cuireann sé olc orm. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11385 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 09, 2011 - 11:50 am: | |
Is cuid den bheith beo forbairt. Tá gá le Gaeilge i ngach réimse, nó gheobhaidh sí bás. Tá gá le Béarlagair sa Ghaeilge do gach réimse. Is mian liomsa mo ghairm a phlé tré Ghaeilge (agus déanaim). Ciallaíonn sin nach mór dom téarmaí nua a mhúnlú ó am go ham. Is mian liom an idirlíon agus a bhaineann leis a phlé tré Ghaeilge (agus déanaim). Agus mar sin de. (Céard go díreach a chuireann olc ort?) |
|
Alexderfranke
Member Username: Alexderfranke
Post Number: 106 Registered: 05-2008
| Posted on Wednesday, February 09, 2011 - 02:32 pm: | |
Mar shampla, úsáidtear béarlagair na sráide ag ócáidí neamh-fhoirmiúla. Ach ní bhíonn an réimse nathanna cainte as Gaeilge ag lucht a d'fhoghlaim an Ghaeilge níos déanaí ná na céad blianta sa saol thar mar a bhíonn ag cainteoirí dúchais i dteagmháil le cainteoirí dúchais eile. Ní féidir ach nathanna cainte na gnáth-chainte Bhéarla na hÉireann a aistriú go dtí an Gaeilge. Is dóigh go ndéanann muintir na Gaeltachte é sin den chuid, freisin. Mar shampla, tógadh an abairt "Tóg go bog é!" as an mBéarla "Take it easy!", Seo is fiú a fhulaingt. alex |
|