mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Undrach « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 1141
Registered: 07-2006
Posted on Friday, January 14, 2011 - 11:42 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is fánach an áit ina bhfaighfeá breac. Uair dá rabhas i mo chónaí thiar sa Ghaeltacht agus mé bréan den leadrán agus den síor-bháisteach d'iarras siab go dtí an baile mór ar dhuine de na comharsana. Mar a tharla bhí gnó aige féin is a bhean ann an tráthnóna sin agus iad breá sásta mé a thabhairt leo.

Timpeall a dó a chlog chualas bonnán cairr amuigh. Amach liom agus isteach liom taobh thiar den tiománaí. Baineadh stangadh asam. Ní raibh romham ach brat tuí ar urlár an chairr áit ar baineadh amach na suíocháin chúil. Is amhlaidh go mbíodh cúnna á dtabhairt ag mo ghiolla chuig na rástaí con agus go raibh an carr feistithe aige faoina gcomhair.

Shuigh mé fúm ar mo ghogaide. Mhínigh sé an scéal dom agus ghabh sé a leithscéal. Ansin, ar seisean, "Ar chaoi ar bith, a Thaidhgín, bhí a fhios agam nach mbeifeá undrach."

Tá breis is daichead bliain ann ó tharla sé agus cá bhfios cén saibhreas Gaeilge a thug an fear bocht sin chun na huaighe leis. Meas sibh an bhfuil a fhios aige go bhfuilimse á cheiliúradh inniu?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11192
Registered: 08-2004


Posted on Friday, January 14, 2011 - 11:58 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cén chiall atá le baint as "undrach"?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11193
Registered: 08-2004


Posted on Friday, January 14, 2011 - 02:30 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Focal deas. Fuair mé san Dálach é. giodalach.

Maith agat as an bhfocal.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 707
Registered: 04-2008
Posted on Friday, January 14, 2011 - 05:21 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní raibh an focal sin agam. GRMA as an nod.

Cén Ghaeltacht a bhí i gceist?

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 1067
Registered: 04-2009
Posted on Saturday, January 15, 2011 - 10:27 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Brilléis" - focal breá eile a thugann an scéilín maoithneach thuas im cheann.

"Chuirfeadh an gliogar cainte sin múisc ar chat" - leagan eile a dh'oirfeadh go mór do.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge