Author |
Message |
Liam_n
Member Username: Liam_n
Post Number: 6 Registered: 08-2009
| Posted on Wednesday, December 29, 2010 - 06:12 pm: | |
Tá an gearrscéal so le Micheál ó Conghaile á léamh agam i láthair na huaire agus táim ag iarraidh céille (an ceart í seo a bheith sa TG?) éigint a bhaint as an tarna chuid den abairt seo a leanas: "Iad sáinnithe ina dtranglam stálaithe éiginnte istigh ann amhail is dá mbeadh MOGAILL I nGREIM CÚIL IONTU Á gCOSCADH" (Sé comhthéacs an fhocail "cúl" is mó atá ag cur isteach orm) Bhéinn an-bhuíoch dá mbeadh aoinne istigh aon threoir a thabhairt dom. Ina theannta san, tá sé tugtha faoí ndeara agam i scríobhneoireach Uí Chonghaile go mbaineann sé úsáid as ainmbhriathar + réamhfhocal go mion minic in áiteanna nach mbéinn ag súil leo- e.g. " go mbeidh si AG SEOLTÓIREACHT LÉI ina bréag láidir..." N'fheadar an nós é seo a bhainneann le Gaeilge Uí Chonghaile (Gaeilge Chonamara is dócha?) nó an mbaineann sé úsáid as an réamhfhocal chun ciall na n-ainmbhriathar a threisiú nó b'fhéidir a athrú? GRMA, Liam. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1080 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, December 29, 2010 - 07:37 pm: | |
Cad é an comhthéacs inar cuireadh an abairt seo? Cad é an "ann" atá i gceist. Is minic sa chaint gurb ionann "mo chúlsa" agus "mo chuid gruaige." Shamhlóinn eangach iascaire le "mogaill" ach níor chuardaigh mé na foclóirí. Maidir leis an TG úd: níor cheart é a chur anseo "ag iarraidh ciall éicint a bhaint as an tarna cuid den abairt ..." Nílim cinnte den téarma gramadaí -- "Réamhtheachtaí?" -- is ea "ciall" roimh an bhforainm coibhneasta "a" -- agus níor cheart é a athrú. |
|
Liam_n
Member Username: Liam_n
Post Number: 7 Registered: 08-2009
| Posted on Wednesday, December 29, 2010 - 08:13 pm: | |
Tagraíonn an "ann" do gáireachtaí nó easpa gáireachtaí an phríomhcharachtair. Seo leanas giota níos iomláine "..gur cuireadh "braces" ar a dhrad fiacla nuair a bhriseadh a ghiall i scliúchas a óige, rud a chúlaigh siar ar ais ann a gháire nuair a bhíodh gach duine eile timpeall air sna trithí ionas gur fágadh a chuid gáireachaí in aimhréidh air, iad uile meascartha bun ós cionn agus droim ar ais. Iad sáinnithe ina dtranglam stálaithe éiginnte istigh ann amhail is dá mbeadh MOGAILL I nGREIM CÚIL IONTU Á gCOSCADH." |
|
Liam_n
Member Username: Liam_n
Post Number: 8 Registered: 08-2009
| Posted on Wednesday, December 29, 2010 - 08:29 pm: | |
An aistriúcháin cruinn é seo a gceapannn tú? "cosúil le eangach go raibh greim aige ar chúl (agus an brí "goal" leis)....." |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10967 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 30, 2010 - 04:17 am: | |
I ngreim cúil iontu: Greim aige ar a gcúl, á dtarraingt siar. Ní féidir leis an fear bocht gáire de bharr droch-fhiaclóireacht! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10976 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 30, 2010 - 06:51 am: | |
Seo sampla ó Mhuimhneach (Maidhc Dainín ó Sé) D' oscail Tadhg Bacach comhla an bhúit agus rug greim cúil ar Rós , d'ardaigh as an mbút í agus shiúil ar luas i dtreo botháin a bhí in aice an tí cónaithe Tá dornán samplaí eile sa chorpas, ach is leis an gConghaileach mórchuid acu. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1087 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, December 30, 2010 - 09:11 am: | |
Ceist bheag agam ort, a Aonghuis, an amhlaidh go bhfuil dhá chorpas ann anois? An ceann atá le fáil ar www.focal.ie agus an ceann ón Acadamh? Tá an dara ceann agam ach níor chuireas isteach ar ríomhaire go fóill é. An éilíonn sé mórán spáis nó cad é an toirt atá ann? Ní theastaíonn uaim eilifint a ligean isteach ar mo ríomhaire ar fhaitíos go múchfaí cláir eile. Bheinn buíoch díot as do chomhairle. (Feicim an tsonraíocht a mholtar ar an leabhrán ach ní léir dom cén spás a thógfaidh an corpas ar mo ríomhaire.) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10984 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 30, 2010 - 09:21 am: | |
Ar líne atá an corpas a cheadaigh mise, mar sin níl spás dá laghad i gceist. http://corpas.focloir.ie Tá teacht ar sin tríd focal.ie ceart go leor. Ní ionann é agus CDROM an Acadaimh. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1088 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, December 30, 2010 - 09:32 am: | |
Go raibh maith agat. Táim ag breathnú anois ar "Corpas na Gaeilge 1600-1882". Déanfaidh mé iarracht é a chur ar siúl go bhfeice mé "an tsean-Ghaeilge cheart". Má thosaím ag scríobh ar nós an Athar de Hindeberg fadó beidh a fhios ag Daltaí gur éirigh liom. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 898 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, December 30, 2010 - 10:53 am: | |
quote:"..gur cuireadh "braces" ar a dhrad fiacla nuair a bhriseadh a ghiall i scliúchas a óige, rud a chúlaigh siar ar ais ann a gháire nuair a bhíodh gach duine eile timpeall air sna trithí ionas gur fágadh a chuid gáireachaí in aimhréidh air, iad uile meascartha bun ós cionn agus droim ar ais. Iad sáinnithe ina dtranglam stálaithe éiginnte istigh ann amhail is dá mbeadh MOGAILL I nGREIM CÚIL IONTU Á gCOSCADH." Tá roinnt ciall le "mogall" sa Ghaelainn; mogall i líontán, mogall do shúl, mogall cnó. Is dóichí gur mogall lín atátar a rá anso, siod é, ionann is dá mbeadh greim ages na mogaill ar chúl na ngáiríocha agus gurb iad athá á gcosc. Déarfadh duine go mbeadh "greim coise/láimhe/gruaige aige duine ar dhuine eile" = he had a hold of him by the foot, etc. quote:Ina theannta san, tá sé tugtha faoí ndeara agam i scríobhneoireach Uí Chonghaile go mbaineann sé úsáid as ainmbhriathar + réamhfhocal go mion minic in áiteanna nach mbéinn ag súil leo- e.g. " go mbeidh si AG SEOLTÓIREACHT LÉI ina bréag láidir..." ag seoltóireacht/siúl/sodar/cabairecht léi = sailing along/walking along/trotting along/yapping away - rud an-choitianta is na haon áit. D'fhéadfá an réamhfhocal "roim" a dh'úsáid chomh maith céanna: bhíos ag siúl romham nuair a chuala an glór = I was walking along when I heard a voice |
|
Liam_n
Member Username: Liam_n
Post Number: 9 Registered: 08-2009
| Posted on Thursday, December 30, 2010 - 06:31 pm: | |
GRMA go léir. Tá sin i bhfad níos soléire. |
|