Author |
Message |
Seamás91
Member Username: Seamás91
Post Number: 323 Registered: 10-2009
| Posted on Wednesday, December 29, 2010 - 02:33 pm: | |
An ceapeann sibh go bhfuil an t-aire don Ghaeltacht ina bhall ag an bhforum seo go runda? Cá bhfios? 'mar ná beidh ár leithidí arís ann' -Tomás O'Croitháin (An t-Oiléanach) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10962 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 29, 2010 - 04:27 pm: | |
Caolseans. |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 983 Registered: 07-2009
| Posted on Wednesday, December 29, 2010 - 04:31 pm: | |
M'anam, ní dheánfadh sé rún air! I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10964 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 29, 2010 - 04:36 pm: | |
N'fheadar. Is Ciarraíoch glic é, tar éis an tsaoil. |
|
Seamás91
Member Username: Seamás91
Post Number: 324 Registered: 10-2009
| Posted on Wednesday, December 29, 2010 - 07:29 pm: | |
Cinnte. Ghoidfeadh se ár dtuairimí ar conas a bheidh muid an Ghaeilge a chur chun cinn, agus geobhaidh se an t-aitheantas as ucht an ghníomh san. 'mar ná beidh ár leithidí arís ann' -Tomás O'Croitháin (An t-Oiléanach) |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1081 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, December 29, 2010 - 07:45 pm: | |
quote:An ceapeann sibh go bhfuil an t-aire don Ghaeltacht ina bhall ag an bhforum seo go runda? Ní cheapfainn go bhfuil an chéad duine eile a bhfuil súil aige an jab sin a fháil dár leanúint anseo. Ar éigean má tá a dhóthain Gaeilge foghlamtha aige go fóill. Is dócha gurbh éigean aitheantas éigean a thabhairt dó, an créatúr. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10968 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 30, 2010 - 04:18 am: | |
Rogha an dá díogha. É féin nó Brian Ó Sé. Go bhfóire Dia ar an nGaeilge. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1085 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, December 30, 2010 - 08:31 am: | |
Cad faoi Phiaras Ó Dochartaigh? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10981 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 30, 2010 - 08:45 am: | |
Caolseans. Agus is beag maitheas a rinne a pháirtí siúd don Ghaeilge ó thuaidh. Agus pé rud eile fúthu, is inneall éifeachtach páirtí atá i gceist leo. |
|
Dalta_seán
Member Username: Dalta_seán
Post Number: 5 Registered: 05-2011
| Posted on Monday, May 23, 2011 - 12:19 am: | |
Tá impleachtaí, beaga nó móra le bheith páirteach i bhfóram mar seo, cé nach mbíonn aithne cinnte againn ar na daoine eile a úsáideann iad. Is cinnte go mbíonn tionchar éigin ag rannpháirtíocht i bhfóram mar seo ar ár ngaol le daoine eile lasmuigh iad. Bhféidir go n-aimsaíonn tú an ceimic céanna le daoine mar gheall ar am caite ar fóraim idirlíne. Is rud gan dabht nach bhfuil a lán tuiscint ná smacht ag éinne air ach ceapaim go bhfuil idé éigin agat ar cad atáim ag caint faoi. Is dóigh liom go bheadh polaiteoirí tofa an-chúramach faoi leithéid rudaí agus nach bheadh fóram oscailte mar seo oiriúnach dóibh ar bith. Bhfearr leo aithne cinnte a bheith acu ar na daoine a pléann siad leis. |
|