Author |
Message |
Sneachta
Member Username: Sneachta
Post Number: 59 Registered: 05-2010
| Posted on Tuesday, December 28, 2010 - 03:21 pm: | |
Bhí Nollaig mhaith agam, agus tá rudaí níos fearr arís toisc go bhfuil an sneachta imithe. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1076 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, December 28, 2010 - 04:25 pm: | |
D'fhéadfá a rá. Is fuath liom an sneachta agus an ghreallach a leanann é. |
|
Brídmhór
Member Username: Brídmhór
Post Number: 106 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, December 28, 2010 - 06:50 pm: | |
Bhí an sneachta go deas cinnte, mar ní fheiceann muid móran dhó an taobh seo tíre. Ach thréis píosa d'éirigh mé tuirseach dhó. Go mór mór as go raibh an t-uisce reóite orm agus fadhb leis an mboiler freisin. |
|
Eadaoin
Member Username: Eadaoin
Post Number: 93 Registered: 02-2009
| Posted on Wednesday, December 29, 2010 - 06:11 am: | |
Bhí an t-ádh orm ! Cheannaigh m'fhear-chéile "spikies" dom, agus bhi mé in ann siúil go tapa gan deacracht sa sneachta. buíochas le Dia, ní raibh orainn an gluaistean a úsaid, ach amháin ag dul go dtí an aerphort chun síob a thabhairt do m'inion is sine (agus sí ar maidí croise, an créatúr!) eadaoin |
|
Sneachta
Member Username: Sneachta
Post Number: 60 Registered: 05-2010
| Posted on Wednesday, December 29, 2010 - 06:58 am: | |
Bhuel bhí níos mó sneachta anseo i mbliana ná riamh agus ní raibh a leithéid den fhuacht sin ann leis na blianta fada ach an oiread. Sin ráite bhí atmastféar den chéad scoth ann. An rud is mó atá i gceist agam ná níl cleachtadh nó taithí againn le sneachta nó fuacht ag an leibhéal sin. Ach an rud is tabachtaí bhí mé breá te taobh istigh sa teach le mo theaghlach agus bhí béile deas mór againn le chéile agus milseog álainn. Fuair mé bronntanas iontach ó mo bhean chéile, ticéad fá choinne ceolchoirm Bon Jovi i mBaile Átha Ciath. Bhí Cúpla deoch os comhair na teilifíse agam agus níos moille chuaigh muid uilig go coisir i dteach mo dheirfúir. Gan dabht bhain muid sult as lá Nollaig i mbliana. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1077 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, December 29, 2010 - 12:45 pm: | |
Cad a tharlaíonn d'uisce le linn an tseaca? An atann sé nó an gcrapann sé? Is le linn na coscairte a fheictear píopaí ag sceitheadh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10963 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 29, 2010 - 04:28 pm: | |
Atann sé. Agus réabtar na píopaí, ach is le linn na coscartha a fheictear an toradh. Ag 4 chéim celsius atá an dlús is mó ag uisce. |
|
Sneachta
Member Username: Sneachta
Post Number: 61 Registered: 05-2010
| Posted on Wednesday, December 29, 2010 - 04:57 pm: | |
tá rudaí níos measa anois ,tá daoine ann gan uisce ar bith toisc go bhfuil ganntanas uisce ann .... Droch scéal ar fad i ndiaidh na rudaí a tharla díobh cheana féin ... sneachta , fuacht srl |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1082 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, December 29, 2010 - 07:56 pm: | |
Agus uisce inóil á ligean le fán! Caoga bliain ó shin dhéanfaí gáire faoi dhuine a bheadh ag iarraidh luach a chur ar uisce agus é a dhíol i mbuidéil. Shíleamar gur ó Neamh anuas a tháinig sé chugainn saor in aisce. Nach mór an t-athrú atá tagtha orainn. Cén uair a chuirfear praghas ar aer glan úr? |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, December 29, 2010 - 06:57 am: | |
Bhuel bhí níos mó sneachta anseo i mbliana ná riamh agus ní raibh a leithéid den fhuacht sin ann leis na blianta fada ach an oiread. Sin ráite bhí atmastféar den chéad scoth ann. An rud is mó atá i gceist agam ná níl cleachtadh nó taithí againn le sneachta nó fuacht ag an leibhéal sin. Ach an rud is tabachtaí bhí mé breá te taobh istigh sa teach le mo theaghlach agus bhí béile deas mór againn le chéile agus milseog álainn. Fuair mé bronntanas iontach ó mo bhean chéile, ticéad fá choinne ceolchoirm Bon Jovi i mBaile Átha Ciath. Bhí Cúpla deoch os comhair na teilifíse agam agus níos moille chuaigh muid uilig go coisir i dteach mo dheirfúir. Gan dabht bhain muid sult as lá Nollaig i mbliana. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10969 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 30, 2010 - 04:19 am: | |
quote:níl cleachtadh nó taithí againn le sneachta nó fuacht ag an leibhéal sin Beidh raidhse againn más fíor do na saineolaithe! |
|
Sneachta
Member Username: Sneachta
Post Number: 64 Registered: 05-2010
| Posted on Thursday, December 30, 2010 - 05:14 pm: | |
Ní bhíonn saineolaithe gan locht. |
|
Brídmhór
Member Username: Brídmhór
Post Number: 110 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, December 30, 2010 - 09:45 pm: | |
Tá sneachta chomh neamhchoitianta i gConamara go gcaithear taifead a dhéanamh dhó... http://www.facebook.com/album.php?aid=2081073&id=1305845052&l=c1f95bb59a |
|
Sneachta
Member Username: Sneachta
Post Number: 65 Registered: 05-2010
| Posted on Friday, December 31, 2010 - 07:13 am: | |
B'fhéidir nach bhfuil a fhios agaibh cad chuige a bhfuil a leithéid ann. Ní raibh mise anseo le tamall fada toisc go mbíonn an méid sin cainte faoi na rudaí céanna aríst agus aríst eile agus go fóill. Cá bhfuil an craic ? cá bhfuil an cuidiú? cá bhfuil na rudaí maithe atá a bhaint leis an teanga álainn. Is fíor le rá go bhfuil scoth na Gaeilge ag na daoine atá ag glacadh páirt ann agus cúpla duine eile chan mórán. Cad chuige nach bfuil sibh sásta scríobh faoi na gnáth rudaí nó cuir deireadh le post ag pointe áirithe, nuair atá sé glan soiléir nach bhfuil sibh ach ag dul suas an bóthar céanna arís agus aríst gan réiteach. Gabhaigí mo leithscéal a chairde..... tá a fhios agamsa nach bfhuil an fhadhb libhse ... ach liomsa atá sé ... ach leis an fhírinne a rá nach mothaíonn sibh dubh dóite leis uaireanta? níl me ag iarraidh cuir isteach ar dhuine ar bith ach tá na ceisteanna seo agamsa le tamall. Mhothaigh mé cúpla duine ag iarraidh stad a chur leo ach theip orthu. Is mise le Meas Ailéin |
|
Eadaoin
Member Username: Eadaoin
Post Number: 97 Registered: 02-2009
| Posted on Sunday, January 02, 2011 - 05:00 pm: | |
Scriobh Rothaí an piosa seo i mí Bealtaine ... "Ba mhaith liom foghlaim Gaeilge i Gaeilge oscailte. Ni maith liom foghlaim Gaeilge as Bearlas a thuilleadh. Tá foclóirí go leor agam agus tá Buntús Cainte agam, etc. Táim idir bun-leibhéal agus mean-leibhéal. David (roimhe seo Bodhrán)" an bhféidir linn téadanna i nGaeilge simplí a scríobh anseo ar an bórd - ag plé gnáth-rudaí ... ?? ag tosnú le "Téad Furasta..." Cad a cheapann sibh eadaoin |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1102 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, January 02, 2011 - 09:06 pm: | |
Táim sásta. Tá mé an-sásta. Ba mhaith liom cúrsaí an lae a phlé as Gaeilge. Seo iad laethanta na cuartaíochta. Bíonn cuairteoirí againn beagnach gach lá. Bhíomar amuigh inniu ar feadh an lae agus nuair a d'fhilleamar bhí cárta (Gaeilge) agus bronntanas fágtha ag an doras dúinn. Táimid an-sona na laethanta seo. Buíochas le Dia. [Maidir le cuartaíocht: sa Ghaeltacht fadó -- i dteach áirithe -- dá mbogfá den chathaoir déarfadh bean an tí leat "Ara! Suigh fút agus déan do ghoradh!"] |
|
Sneachta
Member Username: Sneachta
Post Number: 67 Registered: 05-2010
| Posted on Monday, January 03, 2011 - 06:45 am: | |
Bhfuil plean ar bith agaibse don bhliain úr? beidh mise ag dul ar ais chuig an gym inniu .. chuir mé stad leis na toitíní roinnt blianta ó shin. Bhfuil duine ar bith ag streacailt leis an rún sin go fóill? Ailéin |
|
Sneachta
Member Username: Sneachta
Post Number: 68 Registered: 05-2010
| Posted on Monday, January 03, 2011 - 11:45 am: | |
Bhuel ar ais ón Gym agus buíochas mór le Dia, go bhfuil an Jacuzzi agus an seomra Steam ag obair aríst. |
|
Eadaoin
Member Username: Eadaoin
Post Number: 98 Registered: 02-2009
| Posted on Monday, January 03, 2011 - 12:47 pm: | |
Taidhgín Tá an cuartaíocht thart anois - Tá na daoine ó Sasana ar ais ag obair. Agus tá sinne ag tnúth le dul ar ár laethe saoire i gceann seachtaine. Le cúnamh Dé - ni bheidh an sneachta ar ais, agus sinn ag dul go dtí an aerphort! Sneachta maith thú - ag dul go dtí an gym! Ta mise ró-leisciúil, ach is maith liom siúil. eadaoin |
|
Hugo
Member Username: Hugo
Post Number: 93 Registered: 09-2008
| Posted on Monday, January 03, 2011 - 02:23 pm: | |
A Éadaoin, nach méanar daoibh, atá ag imeacht ar laetha saoire. Níor thit an tóin as bhur ngeilleagar féin mar sin :-) Is fearr liomsa gin ná gym. |
|
Eadaoin
Member Username: Eadaoin
Post Number: 99 Registered: 02-2009
| Posted on Monday, January 03, 2011 - 04:02 pm: | |
Sinne na "Grey Panthers"! An airgead atá againn - tá orainn é a caitheamh anois - ar eagla na heagla! eadaoin |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1106 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, January 03, 2011 - 05:25 pm: | |
Ba bhreá liom dul ar saoire anois díreach. Cúpla bliain ó shin chuamar go Níce na Fraince an tráth seo agus bhí teas agus grian againn. Anois, mo léan, is ag comhaireamh na bpighneachaí a bhímid. Cá bhfios dá gceannóinn ticéad crannchuir nach bhfeicfeadh sibh Taidhgín ar an teilifís agus an Rotha Mór á chasadh aige. Deirimse libh gur mé a chuirfeadh ar bóróiricín é. [An bhfeileann an focal sin "ar bóróiricín" do roth a bheadh ag rothlú nó an é an focal bóthar is bun leis?] |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1107 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, January 04, 2011 - 05:26 am: | |
Ahem! Mise arís! Do mo cheartú féin: quote:[An bhfeileann an focal sin "ar bóróiricín" do roth a bheadh ag rothlú nó an é an focal bóthar is bun leis?] An sampla é "an bhfeileann" san abairt sin agam de bhéarlachas an fhoghlaimeora? Cad eile a déarfainn? Arbh fhearr "an bhfuil "ar bóróiricín" feiliúnach ~~~? Teanga ar mór léi briathra is ea an Béarla murab ionann is an Ghaeilge. FRC |
|