Author |
Message |
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1071 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, December 23, 2010 - 10:38 am: | |
Tá tuairisc ag Aonghus agus agam féin ar ár n-iarrachtaí clann a thógáil le Gaeilge ar shnáth eile. An bhfuil aon duine eile ar an bhfóram seo a bhfuil taithí acu ar a leithéid? Comhairle? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10943 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 23, 2010 - 11:19 am: | |
|
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 338 Registered: 08-2008
| Posted on Sunday, December 26, 2010 - 09:05 am: | |
Labhrann muidne Gaeilge sa teach (agus Fraincis - cè nach bhfuil Fraincis ar bith agam). Creidim gur cheart foram ar lìne a bheith ann - in amannaì bìonn focal de dhìth orm caithfidh mè a admhail ach nì ùsàidim Bèarla ar bith agus nì chuireann m'inìon spèis ann (go fòill!). Muidne sa Ghaeltacht ach tà an easpa aiseanna dochreidte. Ba ghnàch liom scrìobh go rialta ar an àbhar. Ceann de na rudaì a mhothaim nà cè chomh caighdeànta is a labhraim le mo phàiste, thosaigh mè amach ag labhairt go canùnach ar fad ach d'athraigh mè - nì dòigh liom go dtuigfeadh gach duine anseo cèn fàth ach silim gur tabhachtaì cumarsaid nà caomhnù canùintì. Cad fuibhse? A Aonghus - spèis agat foram a bhunù? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10948 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, December 26, 2010 - 10:16 am: | |
Rinne Brian Ó Broin liosta r-phost a thosú; agus tá fóram ag Comhluadar, cé nach mbainim féin feidhm as. http://groups.yahoo.com/group/tuismitheoiri/ Is deacair dlús a choinneáil le rud mar seo: athraíonn na riachtanais chomh gasta sin! |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1074 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, December 26, 2010 - 10:54 am: | |
Bheadh an-suim agam ina leithéid d'fhoram. Tá eagraíocht ann cheana féin www.comhluadar.ie agus cheapfainn gurbh shin an áit le fóram dá leithéid a bhunú dá mbeidis sásta. Ón láithreán s'acu tá triúr fostaithe. Níl liosta de na teaghlaigh atá sásta tacaíocht a thabhairt don eagraíocht ar an láithreán acu. Bhíodh "Na Teaghlaigh Ghaelacha" ann tráth dá raibh agus imeachtaí suimiúla á n-eagrú acu do theaghlaigh ach is go deonach a dhéantaí an t-eagrúchán. Fágadh an obair faoi na daoine céanna i gcónaí rud a chuir bac ar dhaoine óga clárú. Táimidne ró-shean le baint a bheith againn le tógáil leanaí -- mura bhfuil Mamó nó Deaideo le Gaeilge ag teastáil ó theaghlach le hamhráin a chanadh. Cuirimid fáilte roimh theaghlaigh sa teach s'againn an tráth seo bliana ach go scaipeann na rudaí óga ar fud an tí ag leagan vásaí, ag póirseáil i dtarraiceáin, á bhfliuchadh féin sa chithfholcadh agus á gcur féin i mbaol báis le sreanga leictreachais. Ar éigean a bheimis in ann dóibh. Dá mbunófaí Pobal Nua Gaeltachta i ngar dúinn cá bhfios nach mbúnófaí teach altranais ann ina bhfaighimis dídean. Cheapfainn go mbeinnse an-sona dá dtiocfaí i mo ghaobhar le teiripe na n-athchuimhní: d'fhéadfainn mo laethanta deiridh a chaitheamh agus mé ag míogarnach faoin "Captain Carlsen agus an Flying Enterprise" (1951) nó buamaí ar an Trá Thuaidh (1941) agus an Páidrín Páirteach á rá ag mo mháthair agus sinn cuachta le chéile ina baclainn aici le sceimhle faoi bhord na cistine amhail is dá dtabharfadh an písín adhmaid sin foscadh dá hál dá dtitfeadh buama orainn. B'shin an droch-shaol duit deirimse leat. |
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 341 Registered: 08-2008
| Posted on Tuesday, December 28, 2010 - 04:05 am: | |
Rud atà suimiùil, i mo thaithì fèin, nà gur tògadh le Gaeilge an chuid is mò de na daoine a bhfuil aithne agam orthu atà ag tògàil chlainne le Gaeilge. Suimiùil, dar liomsa, glacann sè iarracht is dòcha chun briseadh frìd a dhèanamh. Ar an làmh eile, tà aithne agam ar dhaoine a d'fhoghlaim Gaeilge dìreach chun pàistì a thògàil le Gaeilge - iarracht dochreidte agus rud an-chosùil leis an dòigh a thiontaigh daoine ar an Bhèarla sa chèad dul sìos. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10951 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 28, 2010 - 06:00 am: | |
Ach in éineacht le chuile rud eile, is céatadán beag díobh siúd a tógadh le Gaeilge a thógann clann le Gaeilge go héifeachtach. Tá an dua ag baint leis (agus céile tuisceanach de dhíth). Sílim go bhfuil sé níos fusa acu siúd atá pósta le heachtrannach! |
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 342 Registered: 08-2008
| Posted on Tuesday, December 28, 2010 - 07:08 am: | |
B'fhèidir è a Aonghusa, b'fhèidir è. Is minic a chuala mè faoi dheacrachtaì agus Gaeil posta le héireannach gan Ghaeilge. "go héifeachtach" Nì thuigim caithfidh mè a admhàil. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10952 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 28, 2010 - 07:12 am: | |
"éifeachtacht" - Go mbeadh níos mó ná cúpla focal ag na leanaí a bhí i gceist agam. An deacracht is mó sílim ná cur ina luí ar duine aonteangach nach ualach ach buntáiste is ea ilteangachas. |
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 343 Registered: 08-2008
| Posted on Tuesday, December 28, 2010 - 07:32 am: | |
Nìor smaoinigh mè ar sin. I mo thaithì fèin, deir daoine go ndearna siad a ndicheall agus gurbh rogha na bpàistì ina dhiaidh sin è. Tà aithne agam ar dhaoine nach labhraìonn aon Ghaeilge ach a bhì aonteangach le Gaeigle nuair a bhì siad òg - ach in amannaì tà Gaeilge go fòill go fìormhaith ag dearthair nò deifiùir dena gcuid. Is dòcha go mbìonn rogha ag an duine aonair sa deireadh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10954 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 28, 2010 - 02:03 pm: | |
Bíonn, cinnte. Ach cothaíonn an sochaí an aeráid; aeráid atá alabhog go fóill i leith na Gaeilge, cé go bhfuil feabhas mhór ann ón uair a tógadh mise le Gaeilge i mBÁC. |
|
Cáitín
Member Username: Cáitín
Post Number: 7 Registered: 05-2007
| Posted on Tuesday, May 24, 2011 - 04:23 pm: | |
Táimse ag tógaint mo chlann le Gaeilge. Tógadh mé féin le Gaeilge, tá sí agam ón gcliabhán, ní raibh aon bhéarla in aon chor agam nuair a thosnaíos ar scoil. Ní rabhamair ag maireachtaint sa ghaeltacht. Tá mo iníon (3 bliana) go hiomlán líofa as Gaelainn, Gaelainn álainn aici. Tá béarla aici leis, mar níl aon Ghaelainn ag mo fhear chéile. Is dóigh liom gurb é an rún gan focal Béarla a labhairt leo. Níl a fhios agam cad a dhéanfaidh sí nuair a bheidh sí níos sine, ach má thosnaíonn sí ag labhairt béarla liom, is dóigh liom go mbeidh comhrá agam lei mar gheall ar agus a mhíniu di gur féídir lei Béarla a labhairt le daoine eile, ach Gaelainn liomsa... chífimid............. |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 128 Registered: 01-2011
| Posted on Tuesday, May 24, 2011 - 06:17 pm: | |
Tréaslaím leat do dhíograis, a Cháitín. Rinne muide é chomh maith. D'éirigh linn sár-Ghaeilge a thabhairt don chlainn. Nílim cinnte go rabhas féin inniúil eolach ar theanga na mothúchán: na hainmneacha ceana agus na nathanna a ghabhhann le leanbh a bhréagadh, a spreagadh chun spraoi agus gáire, a shuaimhniú agus a chur a chodladh. Chaithfeá sár-Ghaeilge a bheith agat leis an sruth cainte ba ghá chun cur síos a dhéanamh don leanbh ar an uile rud timpeall oraibh. Da shaibhre do chuid Gaeilge féin is ea is líofa a bheidh an leanbh ar ball. Dúirt síceolaí áirithe gurb í "teorainn mo theanga teorainn an domhain." Mura bhfuil focal agat do choincheap ní heol duit an coinceap sin a bheith ann. Tá buntáiste ag muintir na Gaeltachta -- nó bhíodh -- go labhraíodh gach aon duine eile leis an leanbh ar an gcaoi chéanna agus ní chloiseadh an leanbh ach Gaeilge chraicneach nádúrtha gach lá -- agus an fhoghraíocht chruinn dúchasach. Is baolach gur samhail scatháin iad na teaghlaigh Ghaelacha sa tír anois den athrú teanga atá ar siúl sa Ghaeltacht le fada. Cé go labhraíonn aosaigh na Gaeltachta an Ghaeilge nuair is cuí (cigire an deontais nach ann dó anois a bheith ina ngaobhar)is é an Béarla is fearr leo a labhairt lena bpáistí. Bíonn eagla orthu roimh an mbád bán agus cúis acu. Botún mór is ea é sin dar liom. Ní bhfaighidh siad an dara seans. Dúirt Maria Montessori gur ag gearradh fréamhacha na teanga atá siad. Ba chóir an mhionteanga a labhairt i dtosach leis an leanbh agus cloí léi mar theanga ghrámar mhuirníneach sa teach. Foghlaimeoidh an leanbh an Béarla go han-tapa ó na meáin agus ó na comharsana. Ar aon nós, a Cháitín, molaim ó mo chroí thú. Éireoidh go breá leat. |
|
Cáitín
Member Username: Cáitín
Post Number: 8 Registered: 05-2007
| Posted on Wednesday, May 25, 2011 - 03:21 pm: | |
Go raibh maith agat a Jeaicín. Tá Gaelainn cuíosach maith agam, agus labhraíonn mo chlann go léir Gaelainn leo, agus tugann sé sin ana chabhair dom. Úsáidim foclóir anois agus arís muna bhfuil focail áirithe ar eolas agam. Is í an fhadhb is mó atá agamsa ná mo chuid gramadaí agus mar sin de. Táim chun cúrsa ar líne a dhéanamh le gaelchultúr agus táim ag iarraidh níos mó leabhair as gaelainn a léamh. Tá mo chuid Gaelainne scríofa cuíosach olc chomh maith! Saghas 'pudsy ryan' is ea mé!! Is é an rud is mó atá de dhith (?? litriú??) orm ná seans a fháil cur le mo chuid stóir focail, ag labhairt le cainteoirí dúchais srl, ach níl an seans sin agam. Téimíd síos go dti Ciarraí gach samhradh, agus bíonn sé ana dheas an ghaelainn a chlos níos minicí. Ach níl gaelainn chomh maith ag na daoine óga sa ghaeltach agus atá ag na daoine níos sine in aon chor, go mór mhór an blas, agus bíonn an iomarca béarla caite isteach lei.... 'sé an trua. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3955 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, June 14, 2011 - 06:20 pm: | |
Cad chuighe a n-abrann tu nach bhfuil Gaeilg mhaith agad, nuair a togadh le Gaeilg thu 's nach rabh Béarla ar bith agad no go dteachaigh tu ar scoil?... Cha dtuigim... Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 150 Registered: 01-2011
| Posted on Tuesday, June 14, 2011 - 07:32 pm: | |
Murach go bhfuil an Béarla dá phulcadh siar inár scórnaigh agus á shacadh isteach inár gcluasa de shíor ní bheadh an teanga sin chomh maith is atá againn. Is beag nach dtagann gach eolas chugainn trí Bhéarla, gach leabhar a léimid, gach scannán a mbreathnaímid air, gach amhrán a dtugaimid cluas dó, gach comhrá sa siopa nó sa séipéal. Cá hionadh gur faoiseamh dúinn casadh ar RnaG, TG4, Gaelscéal, Foinse, agus leabhair le Joe Steve nó Maidhc Dainín. Bímid báite sa Bhéarla agus gan teacht againn ach ar bheagán Gaeilge uair uma seach agus is foghlaimeoirí muid uilig anois geall leis. Tuigimse a bhfuil á rá ag Cáitín. Táim féin sa chás céanna ach go dtugaim súil ar na leabhra gramadaí nuair is gá. Caithfidh an Gaeilgeoir díograiseach é sin a dhéanamh feasta. Is éasca go mór teacht ar Ghaeilge den scoth anseo ar an Idirlín anois le hais mar a bhíodh fadó. Tá Gaeltacht úr faoi na cnaipí anois againn uile anseo i nganfhios dúinn ach sinn leas a bhaint aisti. Caithfimid a thuiscint nach ionann cuspóir do gach aon duine a bhíonn ag plé le Gaeilge anseo. Tá lucht na hársaíochta ann agus fonn ar chuid mhór acu a gcuid eolais a léiriú trí mheán an Bhéarla. Mise agus Cáitín, cheapfainn, is ag iarraidh a bhfuil againn den Ghaeilge a chleachtadh agus a thabhairt ar aghaidh d'éinne a éistfidh linn ... nó a léifidh a leithéid seo de theachtaireacht. Sonas oraibh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11560 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 15, 2011 - 04:02 am: | |
Ráite go maith, Jeaicín. |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 151 Registered: 01-2011
| Posted on Wednesday, June 15, 2011 - 05:28 am: | |
gma |
|
Pol
Member Username: Pol
Post Number: 3 Registered: 05-2011
| Posted on Friday, October 21, 2011 - 06:00 pm: | |
is muinteoir gaelscoile me fein, an fhadbh is mo a fheicimse na tionchar an Bhearla agus gramadach agus foghraiocht an bhearla ar Ghaeilge na Scoile. An bhfuil aon leighis ar seo? An doigh libh ma eirionn linn an Ghaeilge a athbheochaint sa Ghallacht gurab amhlaidh a bheidh se? Ar tharla se seo in aon tir eile inar eirigh leo a dteanga a aiseiriu? |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 257 Registered: 01-2011
| Posted on Friday, October 21, 2011 - 09:00 pm: | |
An rud a chloiseann an leanbh abróidh sé nó sí. Lean ort le do chuid foghraíochta féin. Beidh na páistí ag déanamh aithris ort mar mhagadh ach beidh siad ag foghlaim uait chomh maith. Nuair a fhágfaidh páistí na Gaelscoile an timpeallacht sin agus nuair a thosóidh siad ag labhairt le cainteoirí maithe Gaeilge beidh a fhios acu "an difear idir ceol agus ceol binn." Cloisfidh siad an dea-fhoghraíocht. Déanfaidh siad aithris air amach anseo. Ná bí buartha. Is fearr oiread den Ghaeilge agus is féidir linn a thabhairt don chéad ghlúin eile ná géilleadh agus éirí as an teanga a mhúineadh. Coinnigh do mhisneach. Ardaigh do mheanma. Tá jab an-tábhachtach agat. Déan do dhícheall. Éireoidh go seoigh leat. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 4020 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, October 21, 2011 - 09:39 pm: | |
quote:an fhadbh is mo a fheicimse na tionchar an Bhearla agus gramadach agus foghraiocht an bhearla ar Ghaeilge na Scoile. An bhfuil aon leighis ar seo? An moithíthear tionchar a' Bhéarla ar Ghaeilg na múinteoirí fosta? Muna bhfuil, caithfidh go dtiocfaidh feabhas ar Ghaeilg na bpáistí de réir a chéile, má chluineann siad Gaeilg cheart an t-am ar fad. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|