Author |
Message |
Séasán
Member Username: Séasán
Post Number: 125 Registered: 06-2010
| Posted on Monday, November 29, 2010 - 07:11 am: | |
Breis agus fiche bliain ó shin,chan mé an t-amhrán seo i gceolchoirm na Nollag nuair a bhí mé i mo ghasúr óg sa bhunscoil.Is iad sin an céad agus an dara véarsa: Gaoth bhog ag seoladh Trína crainn ólóg Timpeall ar Bheithil Fadó fadó Caoirigh ar leirig sléibhe Faoi gealach óir Aoirí ag faire ann Fadó fadó Ach sin an méid atá in aithne agam mar tá an chuid eile den t-amhrán seo imithe go h-iomlán as mo chloigeann agus ní cuimhin liom aon véarsa nó líne ar bith don fhuilleach.An bhfuil eolas ag aon duine faoin t-amhrán "Fadó,fadó"? |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1026 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, November 29, 2010 - 09:01 am: | |
Cén múinteoir a bhí agat? Seol nóta chuici nó chuige f/ch seoladh na scoile in raibh tú. Bheadh áthas uirthi nó air gur cuimhin leat an méid sin féin tar éis fiche bliain. |
|
Séasán
Member Username: Séasán
Post Number: 126 Registered: 06-2010
| Posted on Monday, November 29, 2010 - 10:09 am: | |
Chas mé léi (mo mhúinteoir) san ollmhargadh an seachtain seo chugainn-is minic a bheadh sí ag siopadóireacht san ollmhargadh a oibríonn mé.Chuir mé an ceist uirthi,ach a Thaidhgín,creid nó ná chreid,níor chuimhin léi ach oiread!Bhí an céad líne don tríú véarsa aici-"Chonaic siad aingeal Dé..." ach ba é sin an méid.Bhaineamar triail as é a chanadh,an uair sin féin,(go ciúin,cinnte,mar bhíomar i lár an tsiopa:-)),ach ar an drochuair,níor chabhraigh sé sin ar chor ar bith!! |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1027 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, November 29, 2010 - 11:14 am: | |
Maith go leor. An bhfuil aithne agat ar dhuine de na chomhscoláirí a bhí i do chuideachta sa rang sin? Arbh fhiú ceist a chur orthusan? Cuirfidh mé geall gur choinnigh duine éigin acusan an cóipleabhar. :-)) |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1028 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, November 29, 2010 - 11:19 am: | |
Smaoineamh eile: más carúl nollag deas binn atá ann tá an-seans go bhfuil sé fós á mhúineadh ag duine éigin sa scoil sin inniu féin. Cad faoi ghúgal? Ar thriáil tú é sin? Nó YouTube? Is fánach an áit ina bhfaighfeá breac. |
|
Séasán
Member Username: Séasán
Post Number: 127 Registered: 06-2010
| Posted on Monday, November 29, 2010 - 11:56 am: | |
Sea a Thaidhgín,rinne mé ransú ar ghúgal riamh ach ní raibh aon trácht nó torthaí ann.Ach déanfaidh mé arís é ar ball-le focail nó téarma eile,b'fhéidir. Smaointe an-mhaith atá agat a Thaidhgín,is fíor é go mbeadh sé féidir go bhfuil na focail don t-amhrán sin ar eolas ag iarscoláirí an mbunscoil céanna.Agus bhféidir go bhfuil eolas ag daltaí agus iardaltaí scoileanna eile freisin.Míle buíochas leat as do chabhair. |
|
Scooby
Member Username: Scooby
Post Number: 22 Registered: 07-2009
| Posted on Friday, December 17, 2010 - 07:43 pm: | |
|
|