Author |
Message |
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1005 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, November 20, 2010 - 07:04 am: | |
Os foghlaimeoir mé b'fhearr liom mo chuid Gaeilge a chleachtadh anseo ná bheith ag cur le hallagar cainte trí Bhéarla. Níl suim agam sa Ghaeilge stairiúil ná sna canúintí. Níl uaim ach cumarsáid. Is féidir liom gach uile chineál Gaeilge dá bhfuil in úsáid inniú a thuiscint ach is mó mo shuim san ábhar ná sa mheán. Is le dea-mhéin do bhaill Daltaí atáim ag scríobh Cad is Gaeltacht ann? Coinceap? Pobal daoine? Limistéar tíre? Téarma maslach? Téarma stairiúil? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10710 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, November 20, 2010 - 07:32 am: | |
Gach ceann acu! Seachas, b'fhéidir, limistéar tíre. Ach ní heol dom teanga ar bith a lean forbairt uirthi nuair nach raibh pobail á labhairt; seachas b'fhéidir Laidin na hEaglaise; agus ansin féin tá feidhm docht daingean i gceist. Féach ar na teangacha atá á labhairt ag lucht foghlama amháin, an Esperanto, abair: síor streachailt atá i gceist leo sin. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 610 Registered: 04-2009
| Posted on Saturday, November 20, 2010 - 10:02 am: | |
"Téarma maslach"?! "Téir i dtigh an diabhail duit féin, a Ghaeltacht bhréagach bhradach!!", arsa Taidhgín LOL |
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 306 Registered: 08-2008
| Posted on Saturday, November 20, 2010 - 03:33 pm: | |
Go teicniúil, rud dlíthiúil atá ann go príomha, faraor. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1008 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, November 20, 2010 - 04:26 pm: | |
Bhíodh "an Ghaeltacht" chomh maslach tráth le "the mere Irishry" i mBéarla. Fós féin má bhuaileann tú bleid i nGaeilge ar Bhéarlóir ar imeall na Gaeltachta is minic go n-abróidh sé leat go gcaithfidh tú dul níos faide siar le daoine le Gaeilge a aimsiú. Go dtí gur aimsigh mé na pobail bheaga agus na teaghlaigh a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil -- na pócaí beaga Gaeltachta -- samhlaíodh domsa gur bhréag uilig a bhí sa téarma "Gaeltacht". |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3715 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, December 02, 2010 - 07:17 pm: | |
quote:Níl suim agam sa Ghaeilge stairiúil ná sna canúintí. Níl uaim ach cumarsáid. Mar sin is leor duit an Béarla. Na bi a' cur amugha do chuid ama leis a' Ghaeilg ;-) Agus muna bhfuil suim agad sna canuinti, cad chuighe a bhfuil tu ag cur ceiste fan Ghaeltacht? Is canuinti a labhairtear ins an Ghaeltacht. ;-) Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1029 Registered: 07-2006
| Posted on Friday, December 03, 2010 - 08:01 am: | |
A Lughaidh, a chara, (más féidir liom cara a thabhairt ort?) is den Ghaeltacht mé. Ní lá de mo shaol ó rugadh mé nár chuala mé focail agus nathanna Gaeilge arna meascadh tríd an smeadar de Hiberno-English a bhí mar urlabhra ag mo thuistí agus a ngaolta siúd. Ba é mian a gcroí go mbeadh Gaeilge ag a gclann agus níl duine againn nach raibh ag barr an ranga ar scoil agus go deimhin go hard i measc lucht ardleibhéil sna scrúdaithe Stáit. Thugamar uilig an teanga dár gclann féin agus dá labhrófá Gaeiilge le duine ar bith acu is beag duine nach bhfreagródh go fonnmhar is go líofa tú. Ní bhímse ach ag labhairt Gaeilge -- agus á scríobh. Cé chaoi a bhfuil ag éirí liom? |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1030 Registered: 07-2006
| Posted on Friday, December 03, 2010 - 08:21 am: | |
Ceartúcháin: Níl lá ... / Cén chaoi ... Is cuma faoi sin anois. Sean-duine mé. Droch-shláinte orm. Níor mhian liom ariamh masla a chaitheamh le duine ar bith. Táim sásta éirí as bheith ag scríobh anseo más amhlaidh go bhfuil mo chuid aistí ag cur isteach ar dhaoine. Cá bhfios do dhuine de m'aois-se nach treas-chiall atá air. Maidir le Gaeltacht cheapfainn gur gné den Ghaeltacht úr an clár plé seo dá n-úsáidfí é. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10831 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 03, 2010 - 08:28 am: | |
quote:Táim sásta éirí as bheith ag scríobh anseo más amhlaidh go bhfuil mo chuid aistí ag cur isteach ar dhaoine Mar a deir Séamas Mac Seáin go minic, is fearr an t-imreas ná an t-uaigneas. Sé an chaoi gur geall le ceisteanna creideamh cuid maith de na ceisteanna a chíortar anseo; tá tuairimí láidre againn go léir orthu, ach níl aon bhealach ann chun bheith cinnte faoi cé acu tuairim atá "ceart", ná fiú cad is ceart ann. Cuir leis sin nach bhfuil ar fáil anseo ach na focail loma; gan na nodanna eile a bhíonn ar fáil dúinn i gcomhrá beo. Is deacra dá réir an súgradh a aithint ón ndáiríre, gan trácht ar an mioscais. Bímis ag caint! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3717 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, December 03, 2010 - 09:42 pm: | |
quote:Os foghlaimeoir mé b'fhearr liom mo chuid Gaeilge a chleachtadh anseo quote:is den Ghaeltacht mé. ??? Cibith, is é seo mo bharúil, an duine nach bhfuil suim aige sna canúintí, níl suim aige sa Ghaeilg mar nach bhfuil ins a' Ghaeilg ach grúpa canúintí - go díreach mar achan teangaidh eile. So cha dtuigim mórán cad é atá tú ag iarraidh a ráidht. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1033 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, December 04, 2010 - 07:09 am: | |
Tuigim duit, a Lughaidh. Is deacair a chreidiúint go mbeadh muintir na Gaeltachta Móire ina bhfoghlaimeoirí. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3720 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, December 05, 2010 - 11:49 am: | |
Cad é ata sa "Ghaeltacht Mhor" ? Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1034 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, December 05, 2010 - 03:50 pm: | |
Gaeltacht chuimsitheach uile-ghabhálach ina nglacfaí leatsa agus liomsa agus le gach aon duine atá sásta an teanga a úsáid ar bhealach éigin: í a léamh, a scríobh, í a labhairt, agus cead a thabhairt do dhaoine eile í a labhairt ina láthair i.e. éisteacht léi. Caithfear dóchas a thabhairt dóbhsiúd nár rugadh sa Ghaeltacht "oifigiúil" ach a bhfuil díocas orthu an teanga a fhoghlaim, a shaothrú, agus a úsáid. Daoine a thabharfadh tacaíocht don teanga ar bhealach ar bith. Tá tuairisc i nGaelscéal an tseachtain seo ina ndeir Piaras Ó Dochartaigh, T.D. go bhfuil sé deacair páistí a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht. Ní Gaelscoileanna iad na scoileanna sa Ghaeltacht. Bíonn roinnt múinteoirí ar easpa Gaeilge ag múineadh iontu. Is é an Béarla teanga an chlóis ina bhformhór. Tuairisc eile sa pháipéar céanna ina ndéantar cur síos ar na ceisteanna a caitheadh le hEnda Kenny i mBaile Átha Cliath faoin mbeartas atá ag Fine Gael lucht na hArdteistiméarachta a scaoileadh saor ón ndualgas an Ghaeilge a fhoghlaim. Fágadh ina bhalbhán é nuair a hiarradh air inseacht faoin taighde ar ar bunaíodh an beartas. Labhair go leor ina choinne agus ní raibh a dhath le rá aige féin. Tá coipeadh "faoi thalamh" ar siúl go fóill ar fud na tíre i dtaobh na Gaeilge agus cá bhfios d'éinne cén toradh a bheidh air. Níor éag mo Róisín Dubh go fóill, ná Caitlín Ní Uallacháin ach oiread. Iad siúd a mhairfidh beo go ceann caoga bliain beidh scéal le hinsint acu. Beadsa i nGlas Naíon. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 744 Registered: 04-2009
| Posted on Monday, December 06, 2010 - 08:18 pm: | |
quote:Cibith, is é seo mo bharúil, an duine nach bhfuil suim aige sna canúintí, níl suim aige sa Ghaeilg mar nach bhfuil ins a' Ghaeilg ach grúpa canúintí - go díreach mar achan teangaidh eile. Tá an ceart ar fad aige Lughaidh. Is mairg a dhúnann súil ar an bhfírinne. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1118 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, January 08, 2011 - 08:27 am: | |
Ag breathnú siar dhom ar shnáithí a ligeadh i ndearmad feicim gur cuireadh clabhsúr leis an gceann seo le ráiteas áiféiseach: quote:an duine nach bhfuil suim aige sna canúintí, níl suim aige sa Ghaeilg mar nach bhfuil ins a' Ghaeilg ach grúpa canúintí - go díreach mar achan teangaidh eile. agus le "rún cuidithe" ón gCarmanach. Nuair a deirim nach bhfuil suim agam sna canúintí ní hionann sin is a rá go bhfuil droch-mheas agam orthu. Tá omós agam do na cainteoirí dúchais go háirithe dóibh siúd atá sásta labhairt nó scríobh go poiblí i nGaeilge. Is iomaí duine díobh nach bhfuil. Éistim le Raidio na Gaeltachta gach lá -- gan trácht ar an gcorruair a mbím i mo dhúiseacht i lár na hoíche -- agus labhraím nó labhróidh mé Gaeilge le gach aon duine a labhraíonn nó a labhróidh Gaeilge liom. (Tá's agam go bhfuil an peann dearg á bhagairt orm. :-) Ní dhéanaim idirdhealú idir eatarthu. Is cuma liom an "anglophones" "foghlaimeoirí" nó "neo-natives" iad. Dá ndéanfaí scagadh acadúil ar mo chuid cainte féin is cinnte go bhfuil mo chanúint féin agam -- mmar atá ag gach aon duine beo -- agus go bhfaighfí locht uirthi de réir slat tomhais éigin: "Ní bhíodh sé sin ag an Athair Peadar" -- "Ní chloisfeá a leithéid ag Máirtín Ó Cadhain." Nach cuma san! Nach bhfuilim in ann cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge. Táim féin, agus go leor eile mar mé, míle uair níos fearr ná daoine a tógadh sa Ghaeltacht ach atá anois ina gcónaí sa Ghalltacht agus nár labhair siolla Gaeilge lena gclann. Cad is fiú bheith ag caitheamh anuas orainn agus ag iarraidh droch-mhisneach a chur orainn. Cén toradh a bheidh ar chaint mar sin? An té a bhfuil suim aige sa Ghaeilge labhróidh sé í, scríobhfaidh sé í, éistfidh sé léi, ceannóidh sé leabhair agus irisí agus léifidh sé í. Bainfidh sé leas as na seirbhísí trí Ghaeilge atá á soláthar anois faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Níor ghá go mbeadh claon adhairte orainn go léir as bheith cromtha os cionn lss agus sinn sa tóir ar an tseoid dofhála cé go bhfuil omós agam do na scoláirí freisin, abhus is i gcéin. Ceist bheag neamh-urchóideach dea-mhéine: cad é an Ghaeilge neodrach ar "anglophone" agus ar "neo-native." Neodrach a deirim mar faoi mar atá samhlaítear dom go bhfuil na focail sin ar maos le droch-mheas agus ba bhreá liom leaganacha Gaeilge a fheiceáil nach mbeadh tarcaisne i gceist leo. (Message edited by Taidhgín on January 08, 2011) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11115 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, January 08, 2011 - 08:45 am: | |
Is in intinn an té a labhraínn agus an té a chloiseann a bhíonn an tarcaisne, más ann dó. Ní fiú mar sin a bheith ag lorg malairt focal; ní leigheasann sin faic. An deacracht is mó a bhíonn sa phlé anseo (agus in áiteanna eile) ná, cé gurbh ionann ar an dromchla an teanga atá á scríobh, bíonn daoine áirithe ag baint feidhm as téarma le brí chruinn, bheacht; agus daoine eile ag úsáid téarma le brí scaoilte Thadhg an Mhargadh. Eascraíonn an dúrud mí thuiscintí as sin. Mar shampla, tuigimse gur mar theangeolaí a bhí Lughaidh ag caint; agus ní fheicim blas dá laghad áiféiseach ina mhaíomh. Tuigim freisin céard a bhí i gceist agatsa le d'easpa suime. Ach sin mar a bhíonn. Muide a théann le Gaeilge, is dream muid a mbíonn tuairimí láidre againn (agus muid colgach dá gcosaint go minic). |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1121 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, January 08, 2011 - 03:25 pm: | |
Cuireann sé sin go léir dreach difriúil ar an scéal. GMA |
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 359 Registered: 08-2008
| Posted on Saturday, January 08, 2011 - 03:38 pm: | |
A Thaidhgín, Cad is Gaeltacht .... http://www.irishstatutebook.ie/1956/en/si/0245.html Sin é thuas, níl ann ach píosa reachtaíocht! |
|