mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Nóta buíochas - taighde ar áiseanna foclóireachta « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Éilis Uí Mhuirneáin (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Sunday, November 07, 2010 - 11:50 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A chairde

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do gach duine a bhí páirteach i mo shuirbhé ar líne i mí na Márta seo caite agus mé in mbun tráchtas MA a scríobh faoi áiseanna fhoclóireacht na Gaeilge. Má tá suim ag aon duine breathnú ar an obair agus ar thorthaí an tsuirbhé, tá leagan den tráchtas ar fáil anois ag an wordpress blag seo: http://barrdotheanga.wordpress.com

Déantar anailís ar an taighde i gCaibidil 6 agus tá sonraíocht an tsuirbhé ar fáil in Aguisín 6. Cuirim fáilte roimh bhur dtuairimí agus bhur moltaí agus is féidir plé a dhéanamh ina leith ar leathanaigh an bhlag.

Ós foghlaimeoir agus mac léinn mé, is cinnte go bhfuil mo thráchtas lochtach ar go leor bealaí éagsúla, agus mar gheall ar an am teoranta a bhí ceadaithe don obair bheadh neart in easnamh freisin.

Ach is é an fáth go bhfuil mé ag scaipeadh an taighde seo go poiblí inniu ná gur mian liom díospóireacht agus suim a spreagadh i bhur measc faoi na deiseanna atá ann le foclóir mór aonteangach Gaeilge a chur ar fáil ar líne ar chostas íseal agus laistigh de thréimhse sách gearr.

Déanfar cur i láthair ar an ábhar céanna ag an gcomhdháil teanga: 1st International Language Conference at NUI Galway; Translation, Technology and Autonomy in Language Teaching and Learning a bheidh ar siúl in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, 10/11 Nollaig. Chuirfinn míle fáilte roimh aon duine a bheidh ag freastal ann.

Gabhaim buíochas ó chroí arís do gach duine a ghlac páirt sa suirbhé agus a chabhraigh le mo chuid taighde a thabhairt chun críche.

Is mise le meas

Liz Warren
(Éilis Uí Mhuirneáin)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10619
Registered: 08-2004


Posted on Monday, November 08, 2010 - 06:18 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

CNAG (chun go bhfeicfear seo!)

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge