quote:Rialacha maidir le hOllainnis san Ísealtír
Recte: "Rialacha maidir leis an Ísiltíris san Ísiltír". Ní hionann an Ollainn agus an Ísiltír. Tabhair aird ar leith ar an leitriú le do thoil. Gaibheann an t-alt le hainmneacha tíortha i gcónaí lasmuigh d'fhocheann leithéidí Chúba, Angóla, Shasana, etc.
quote:An scéal atá tú a inseacht, is ar éigin a bhaineann sé le coisint na teanga. Tá an Ollainnis slán sábháilte, ná bíodh muid ag déanamh imní fúithi.
Díreach é. Mórtheanga náisiúnta athá aiges nach éinne is ea an Ísiltíris san Ísiltír ní hionann is an Ghaelainn in Éirinn.
quote:An gcuirtear scrúdú orthu? An gcaithfidh siad eolas ar an nGaeilge a bheith acu? Cén fáth nach gcaithfeadh. Nach í "an phrímh-theanga oifigeamhail í" de réir ár mBunreachta.
Cad ina thaobh go gcaithfeadh?! Mionteanga is ea an Ghaelainn in Éirinn an lae inniu. Níor chóir go mbeadh ceangal docht dlíthiúil ar éinne - Éireannach nó inimirceach - í a dh'fhoghlaim nó a labhairt mara mian leis nó léi é. Agus féach féin ná fuil ach focal nó dhó don dteangain aige formhór mór na nÉireannach. Níl sa Bhunreacht ach mianta gan cuir leo. Tá a fhios aige madraí an bhaile é sin! Tá dhá theanga oifigiúla sa Stát agus is é rogha gach saoránaigh pé teanga is toil leis nó léi a labhairt. Níor chóir go gceanglófaí ar éinne Gaelainn ná Béarla a shoinniú ar éinne eile dá ainneoin nó dá hainneoin.
Recte: "an phríomhtheanga oifigiúil" ós ag caint thar leitriú caighdeánach sinn.
quote:Cuirimse fáilte roimh eachtrannaigh go hÉirinn a fhad is nach méadaítear ar líon na mBéarlóirí gan Ghaeilge.
Féach a bhfuil scríte thuas agam. Labhrann gach aon tsaoránach a rogha don dá theanga. Más mian le duine Béarla a labhairt, is é a cheart nó a ceart é sin a dhéanamh.
quote:Más mian le hEachtrannaigh (nó Éireannaigh ó chearnaí eile den tír) cur futhu sa Ghaeltacht an gcuirfear scrúdú orthu? Cé a bheadh freagrach as a leithéid de scrúdú?
Féach thuas.
quote:Athsmaoineamh: beidh an-tábhacht le teorainneacha na Gaeltachta amach anseo más féidir a mhaíomh gur gá Gaeilge a bheith agat le cur fút go buan ainti. B'fhiú limistéar agus fairsinge na Gaeltachta a mhéadú go mór sula dtagann ionradh eile eachtrannach inár dtreo.
Teoraintí na Gaeltachta a leathnú amach go háiteanna ná maireann aon ruainne don nGaelainn annta? Cad é an chiall athá agat leis sin? "Ionradh eile eachtrannach"?! Níorbh eol dom an chéad ionradh a bheith déanta acu! Cad é is brí do "ionradh" agat? Bíodh a fhios agat nách iad na Polannaigh, na Rómánaigh, na Nigéaraigh, etc. fé ndeár an Ghaelainn a bheith maislithe basctha mar athá sí in Éirinn an lae inniu ach na hÉireannaigh iad féinig, agus cabhair acu ós na Sasanaigh.
Recte: "sula dtaga/dtiocfaidh ionradh eile eachtrannach inár dtreo". Níl aon dealramh le "sula dtagann" ag tagairt don bhfáistineach!