An ceann deiridh a cheannaíos-sa ná "Canfar an Dán - Uilliam English agus a chairde" le hÚna Nic Éinrí / Pádraig Ó Cearbhaill, Micheál Ó Súilleabháin agus Frances Boland. An-leabhar agus CD in éineacht leis. Fuaireas ón bhfoilsitheoir féin é sa Díseart, agus mé ar saoire sa Daingean tamall ó shin. Sár-laoch de chuid na Gaeilge an tAthair Pádraig Ó Fiannachta gura fada buan é. Táimid go léir, lucht léite na Gaeilge, go mór faoi chomaoin aige.
Posted on Wednesday, February 02, 2011 - 10:00 am:
Is maith liomsa filíocht na n-amhrán. Tá amhrán deas ag Róisín El Safti ar You Tube. "Una Dheas ní Niadh" atá air sílim. Ní léim mórán d'fhilíocht an lae inniu ach d'éistfinn lena leithéid sin.