Author |
Message |
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 967 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, October 17, 2010 - 07:24 am: | |
An cuimhin le haon duine anseo "Brú na Mí"? Coláiste cónaithe Gaeilge a bhí ann i nGaeltacht Bhaile Gib, Condae na Mí. Cineál bearaic adhmaid a bhí ann, foirgintí tógtha thart ar cheithre chliathán cearnóige agus cuaille ard le bratach na hÉireann ina lár. Bhí suanleasa agus buncanna iontu, leithristí, halla don chéilí, don Aifreann, agus do na béiltí, agus bialann. Na Bráithre Críostaí a bhí i bhfeighil an chúrsa a chuir dlús le mo chuidse foghlama agus bhíodar macánta cneasta gealgháireach. Táim fós buíoch díobh. Chualas ina dhiaidh sin gur le Gael-Linn é. Thugas cuairt arís ar an áit tríocha (?) bliain ó shin agus ba léir gur fothrach a bhí ann. Bhí duine éigin tar éis dul timpeall ar an áit le hord agus smísteáil a thabhairt do gach aon rud so-bhriste. Fágadh mar sin é. Cad chuige nár tógadh coláiste ceart ar an láthair má ba gaiste dóiteán féin a bhí sa cheann adhmad? Cén fáth ar tréigeadh é? An ligfear do Choláiste na Mumhan dul an bealach céanna? Tá scéal le hinsint fós faoi Bhrú na Mí. An bhfuil eolas ag aon duine anseo faoi? |
|
Eadaoin
Member Username: Eadaoin
Post Number: 82 Registered: 02-2009
| Posted on Sunday, October 17, 2010 - 10:45 am: | |
Bhí mise ann i 1956. Ba cailin mé - ní raibh na Bráithre ann! ó am go chéile bhíodh tinte cnámh, agus gach cailín ag canadh - bhí am maith agam ann. eadaoin |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 968 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, October 17, 2010 - 01:15 pm: | |
Thaitin sé liomsa freisin. 1954 a bhíos-sa ann is dóigh liom agus buachaillí ar fad a bhí ann. Lá dá ndeachaigh muid ar shiúlóid labhair mise le sean-fhear a bhí ag faire ar an bprósaisean agus muid ag dul thar a gheata. "An bhfuil madra agat? arsa mise. "Céard é fhéin?" a deir sé, "gadhar, ab ea?" B'shin mar a bhí an uair sin. Níor thuig cainteoirí dúchais ó cheantar amháin daoine ó cheantar eile agus caitheadh lucht na gcanúintí uilig ar mhullach a chéile i mBaile Gib. Ní raibh de réiteach acu féin air ach tarraingt ar an gCaighdeán Oifigiúil s'acu féin: an Béarla. Mar sin féin, mhair an Ghaeilge. Tá sí ar eolas go maith ag daoine áirithe. Tá bunscoil ag múineadh trí mheán na Gaeilge ansin. Ceist eile an féidir í a úsáid go poiblí ag cruinniú pobail mar shampla. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1523 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, June 01, 2011 - 12:03 pm: | |
D'fhoghlaim mé go leor ar an Ollscoil faoi na Gaeltachtaí & ábhair mar sin. Ach, go dtí gur thug mé cuairt ar Bhaile Ghib cúpla seachtain ó shin cheap mé go raibh Gaeilge ar bith ann. Bhuel, nach mise a bhí ar strae! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 136 Registered: 01-2011
| Posted on Wednesday, June 01, 2011 - 02:59 pm: | |
"go raibh" nó "nach raibh"? Inis dúinn. Cár chuala tú an Ghaeilge? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1524 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, June 02, 2011 - 05:18 am: | |
Bhí mé ag tiomáint ó Bhrú na Bóinne chuig Contae an Chabháin agus ba léir dom go raibh mé sa ghaeltacht nuair a chonaic mé na comharthaí - poiblí agus príobháideacha - i nGaeilge amháin. Bhuail mé isteach chuig an siopa agus d'iarr mé ceist i nGaeilge ar an mbean. I nGaeilge a bhí m'fhreagra. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|