A chairde na páirte,
'bhfuil a fhios agaibh cé acu atá leagan Gaeilge de shuíomh nuachta RTÉ ann nó nach bhfuil?
http://www.rte.ie/news/index.html an nasc le haghaidh na dtéacsanna Béarla, ach chinn orm a mhacasamhail as Gaeilge a fháil - ní míreanna raidió ná teilifíse atá uaim ach téacsanna Gaeilge den nuacht is déanaí.
Shíl mé gur chuir duine éigin ón fhóram seo nasc chuig míreanna nuachta as Gaeilge ar RTÉ tá dáta míonnna ó shin, ach níl teacht agam air anois.
Murab amhlaidh go bhfuil, ba mhór an náire RTÉ faillí dá leithéid a dhéanamh sa Ghaeilge.
FRC