Author |
Message |
Onuvanja
Member Username: Onuvanja
Post Number: 3 Registered: 07-2010
| Posted on Friday, September 10, 2010 - 02:48 pm: | |
Ós rud é go raibh caint ar "Learning Irish" le Mícheál Ó Siadhail ar an taobh eile den fhóram, tá ceist agam. De réir an tSiadhalaigh, "i" fada a fhuaimnítear i dtosach an fhocail "aontaím". Ach an bhfuil sé sin fíor, go fiú i gcanúint Chois Fhairrge? Nach "e" fada a ba cheart a rá ina áit? Ar aon nós, "e" fada a chuirtear i dtosach an fhocail "aonturas" ar an gCeathrú Rua, seachas "i" fada mar a luann Ó Siadhail. Tá meas mór agam ar an saothar úd agus ar a údar, ach tá an chosúlacht ar an scéal gur botún a rinne sé sa gcás seo d'fhonn "rialacha na canúna" a bhrú ar an bhfocal. Céard a cheapann sibhse? |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 63 Registered: 04-2009
| Posted on Friday, September 10, 2010 - 03:06 pm: | |
Déarfainn go ngeofá freagra do cheiste ach Gaeilge Chois Fhairrge: An Deilbhíocht a chuardach. Níl sé fém láimh anso agam, is baolach. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3587 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, September 10, 2010 - 03:18 pm: | |
In most parts of Ulster, I think, people use the /e:/ sound as well for most words related to aon (aontaigh etc). Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3588 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, September 10, 2010 - 03:21 pm: | |
Foc, scriobh mé i mBéarla... Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10212 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, September 11, 2010 - 03:15 am: | |
Chuige sin an cnaipe eagarthóireachta! |
|
Onuvanja
Member Username: Onuvanja
Post Number: 4 Registered: 07-2010
| Posted on Saturday, September 11, 2010 - 08:55 am: | |
GRMA as bhur gcuid freagracha! Bhuel, tá mé théis súil a chaitheamh in An Teanga Bheo: Gaeilge Chonamara - cén fáth nach ndearna mé é sin roimhe - agus is dóigh go socraíonn sin an cheist. Séard a deirtear ar leathanach a 5 ná: AO = [i:]: aonach, caol, taobh, ach = [e:] aon, aonraic, aontú B'fhéidir nach dtiocfadh canúint Chois Fhairrge le Gaeilge Chonamara sa méid sin... An bhfuil a fhios ag aon duine cé air ar bhunaigh Ó Siadhail a leabhar? Más é an Deilbhíocht an t-aon foinse amháin a bhí aige, seans go raibh sé beagainín as dáta agus é foilsithe in 1953... Ag cainteoirí dúchais Chois Fhairrge amháim a bheadh an freagra, cinnte. :) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3591 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, September 11, 2010 - 07:38 pm: | |
quote:An bhfuil a fhios ag aon duine cé air ar bhunaigh Ó Siadhail a leabhar? An rabh foinse ar bith de dhíth air, ó tharla gur cainteoir dúchais as Cois Fhairrge é? Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Onuvanja
Member Username: Onuvanja
Post Number: 5 Registered: 07-2010
| Posted on Monday, September 13, 2010 - 04:14 am: | |
Tá an ceart agat, a Lughaidh, gan dabht. Ach ní hiondúil go mbeadh teangeolaí ina fhoinse féin agus arbh'féidir go ndeachaigh Ó Siadhail i muinín "An Deilbhíocht" ar fhaitíos go mbeadh a chanúint chomhaimseartha féin truaillithe ag an bhfuaimniú caighdeánach srl? Níl a fhois 'am agus ar an drochuair ní féidir liom a fhiosrú cén fuaimniú a thugtar ar "ao" in "An Deilbhíocht" mar níl sí agam. Ah, bhuel... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10219 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 13, 2010 - 04:22 am: | |
quote:ó tharla gur cainteoir dúchais as Cois Fhairrge é? Nach é an fear seo atá i gceist? http://aosdana.artscouncil.ie/Members/Literature/O-Siadhail.aspx Jeaicín cosúil liom féin? Nó an bhfuil an dara Mícheál Ó Siadhail ann? |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 699 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, September 14, 2010 - 08:20 am: | |
Tá mé beagnach cinnte nach cainteoir dúchais é Mícheál Ó Siadhail. Rinne sé staidéar ar feadh blianta ar chanúintí Árann agus Chois Fhairrge. Mar bharr ar an mí-ádh, chaill mé na taifeadtaí a théanns le Learning Irish, agus mar sin ní féidir liom féin éisteacht le ag aontú sa téacs de Cheacht 20 atá léite ag cainteoir dúchais. Ba cheart dhuit féin éisteacht leis an taifead agus ansin tabhair do bhreith air, Onuvanja. Rud eile, d'aimsigh mé an fuaimniú a thuganns Ó Siadhail ar in aonturas agus is é /əN' e:Ntorəs/ é agus é ceart ní hé amháin mar leagan Chois Fhairrge. Leagan Chonamara atá ann. Mar sin, an rud a dúirt tú faoin leagan cainte seo, ní fíor é. Sin ráite, is suimiúil go bhfuil aontú luaite le e fada ag Séamas Ó Murchú mar an t-aon leagan amháin atá le fáil i nGaeilge Chonamara ar an bhfocal seo. Pé scéal é, fuair mé d'aontaíodar mar /d'e:nti:dər/ i mír 11.129 de Irish of Iorras Aithneach le Brian Ó Curnáin, mar sin tá fianaise i bhfoinse a bhfuil trust agam aisti gur féidir e fada a bheith i dtús an fhocail seo i gConamara. Ina cheann sin, ba chóir dhúinn a chur san áireamh gur "iasacht Nua-Ghaeilge" atá in aontaigh, mar a deir an Curnánach, agus tá seans gur annamh a bhaintear úsáid as sa ngnáth-chaint in aon chor agus go bhfuil leagan eile in úsáid go hiondúil ina leaba, e.g. teagaim leis nó rud mar sin. 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr' |
|
Onuvanja
Member Username: Onuvanja
Post Number: 6 Registered: 07-2010
| Posted on Tuesday, September 14, 2010 - 10:38 am: | |
Go raibh maith agat as do mhíniúchán, a Pheter! Bhí mé cineál ag súil le cloisteáil uait, de bharr an tsuim atá agat sa gcanúint. Dul amú a bhí orm maidir le "in aonturas", gabhaigí mo leithscéal, ach fós féin ní thuigim cén fáth go mbeadh [i:] in "aontú"... Níl teacht agam ar na téipeanna ach an oiread, mo léan géar, mar sin is dócha nach bhfuil aon réiteach ar an scéal ach ticéad a cheannacht go dtí an Spidéal... :) Dála an scéil, ni raibh "An Deilbhíocht" in aice láimh leat, an raibh? |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 700 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, September 16, 2010 - 10:42 am: | |
Bhí, ach ní luann De Bhaldraithe an focal seo. Seans go bhfuil sé le fáil in Irish of Cois Fhairrge: a Phonetic Study, ach sa Rúis a d'fhaga mé mo chóip den leabhar seo, i meacs leabhartha eile a bhfuil baint acu leis an nGaeilge. Tá mé ag cheapadh go mbeidh mé in ann í a fháil sa leabharlann seo againne anseo, seans. Mar a dúirt mé cheana, b'fhéidir nach bhfuil an focal seo sa ngáth-chaint ach go hannamh. "New Irish borrowing" a thuganns an Curnánach air. Caithfidh mé teachtaireacht a chur ag mo chairde sa nGaeltacht, seans gur féidir leo míniú a thabhairt air. 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr' |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 701 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, September 16, 2010 - 11:37 am: | |
Tá mé théis na dlúthdhioscaí a ghabhanns le Learning Irish agus Irish of Cois Fhairrge chomh maith leo a ordú ón leabharlann. Tiúrfaidh mé mo bhreith ar an bhfoghar dhuit amáireach! 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr' |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 703 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, September 20, 2010 - 06:34 pm: | |
Tá mé théis éisteacht leis an taifead. Is dóigh go bhfuil an ceart agat agus séard a fhuaimníonns an cainteoir dúchais, cineál e leath-fhada, leath-dhúinte (close-mid unrounded), rud beag srónach, seans. Níl aon lua ar an bhfocal 'aontú' in Irish of Cois Fhairrge. Ach seo sliocht as an leabhar atá bainteach le do cheist, is dóigh: Agus ao, aoi dhá bplé, '... it is sometimes pronounced e: by certain speakers, but for the most part only in songs, or in unfamiliar words in stories.' Tá an chosúlacht ar an scéal nach focal coitianta i gCois Fhairrge é 'aontú', agus teagann a fhuaimniú leis an méid a deir de Bhaldraithe. 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr' |
|
Onuvanja
Member Username: Onuvanja
Post Number: 7 Registered: 07-2010
| Posted on Tuesday, September 21, 2010 - 03:22 am: | |
Bhí sé an-chineálta uait an cheist seo a fhiosrú chomh cruinn sin ar mo shonsa, a Pheter. Tá súil agam nár chuir mé as dhuit an iomarca mar gheall ar na téipeanna a ordú as an leabharlann agus mar sin de. Agus, go deimhin, go raibh míle míle maith agat as an eolas sin a fuair tú as na leabhartha a roinnt linn. Spasibo bolshoye! |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 704 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 11:32 am: | |
Не за что! Is maith liom féin a bheith ag cuartú agus ag soláthar freagraí ar a leithidí de na ceisteanna. Is beag eile atá le déanamh agam ar na laethanta seo atá bainteach leis an nGaeilge. 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr' |
|
Mickrua
Member Username: Mickrua
Post Number: 140 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, September 25, 2010 - 06:11 pm: | |
Éan - Taoím an fhoghraíocht a chuirtear ar Aontaím i gConamara thuaidh agus theas |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 708 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, September 27, 2010 - 09:55 am: | |
Go raibh maith agat, a Mhickrua! Mara miste leat mé a bheith ag fiafraí, an bhfuil aon leagan thart ansin i gConamara atá níos coitianta ná 'aontaigh' agus an chiall chéanna leis? (Message edited by peter on September 27, 2010) 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr' |
|