mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through October 07, 2010 » Litir oscailte chuig an Taoiseach – Guth na Gaeltachta « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seánw
Member
Username: Seánw

Post Number: 703
Registered: 07-2009


Posted on Wednesday, September 01, 2010 - 01:37 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ó Nuacht24

Cad é atá sibh ag déanamh air seo?

* * *

An Taoiseach Brian Ó Comhain & An Tánaiste Máire Ní Chochláinn,

Teach Laighean,

Baile Átha Cliath.

A Thaoisigh agus a Thánaiste, a chairde,

Tá muid ag scríobh chugaibh mar phobal Gaeltachta aontaithe mar go bhfuil imní mhór orainn faoi Thuarascáil na Roinne Airgeadais ar Chaiteachas Caipitiúil 2010-2016. Má ghlactar lena bhfuil molta, beidh deireadh go praiticiúil leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus le hÚdarás na Gaeltachta faoi 2016 agus muid ag comóradh 100 Bliain Éirí Amach 1916.

An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais & Gaeltachta
Caiteachas Caipitiúil 2008-2016 (€ Milliúin)
2008 2009 2010 2011 2012 2013 2014 2015 2016
149 133 105 86 86 86 40 30 30


Tá na ciorruithe is airde i ndán don Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta mar a léirítear thíos:

Laghdú i mbuiséad caipitil na roinne molta

An Roinn Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta 9.6%
An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha 8.1%
An Roinn Cosanta -12.5%
An Roinn Oideachais agus Scileanna -12.9%
An Roinn Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt -16.7%
An Roinn Sláinte agus Leanaí -18.5%
An Roinn Airgeadais -20.0%
An Roinn Iompair -21.0%
Meánlaghdú -26.4%
An Roinn Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí -26.8%
An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil -27.1%
An Roinn Coimirce Sóisialaí -40.0%
An Roinn Gnóthaí Eachtracha -60.0%
An Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia -60.5%
An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta -71.4%

Mar is eol daoibh ón Staideár Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, tá géarchéim teanga ins an Ghaeltacht faoi láthair, fiú ins na Gaeltachtaí is láidre:

“Is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliana agus scór blianta fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht, is é sin le rá an chuid den Ghaeltacht a bhaineann le Catagóir A, mura féidir an patrún seo a chur ar mhalairt treo.” (SCT, 2007:27)

Caithfear dul i ngleic leis an fhadhb seo láithreach sula mbeidh sé ró-mhall agus mar sin de, iarraimid oraibh glacadh leis na moltaí uilig a rinne Tuarascáil an Comhchoiste Oireachtais ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar na mallaibh agus iad a chur i bhfeidhm.

Glacann muid leis go bhfuil muid i ndrochstaid eacnamúil faoi láthair agus go bhfuil gá le ciorruithe a dhéanamh i gcaiteachas an Stáit ach ní fhanfaidh slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht le cúrsaí eacnamaíochta domhanda.

Is muidinne, le meas,

Coistí Pobail & Coláistí SamhraidhGhaeltacht Dhún na nGall Sínithe
Guth na Gaeltachta Éamonn Mac Niallais
Coiste Áislann Chill Chartha Mícheál Mac Giolla Easbuic
Coiste Paróiste Ghort a Choirce Séamus Mac Géidigh
Gaeltacht Bheo Fhánada Brídín B. Nic Chearáin
Coiste Ban Tí Thír Chonaill Gráinne Mhic Géidigh
Coiste Áislann Rann na Feirste Bríd Uí Dhonaill
Comharchumann Oileán Árainn Mhór Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh
Coiste Forbartha Anagaire Séamus Mac Ruairí
Comhairle Pharóiste Chill Chartha Séamus Mac Briartaigh
Coiste Pobail Eascarrach Caitlín Uí Laifeartaigh
Coiste Forbartha Theileann Siobhán Ní Churraighín
Coiste Forbartha Dhobhair Teo Máire Ní Chomhaill
Coiste Sheáin Bháin, Baile na Finne Máire Uí Cheallaigh
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Máire Mhic Niallais
Coiste Céim Aniar, Na Dúnaibh Aodh Mac Laifeartaigh
Lár Comhairle Paróiste Gleann Cholm Cille Brian Mac Cuinneagán
Comharchumann na nOileán Beag Máirín Uí Fhearraigh
Comharchumann Oilean Thoraí Bridget Nic Gairbheith
Coiste Forbartha an Tearmainn Eoghan Ó Treartaigh
Cumann Trádala & Tionscail Ghaoth Dobhair Éamon Mac Giolla Bhríde
Coláiste Gael Linn Bhun an Inbhir Réamonn Ó Ciaráin
Coláiste Gael Linn Mhachaire Rabhartaigh Póilín Ní Dhonnchadh
Coláiste Mhuire, Loch an Iúir Daithí Ó Muirí
Coláiste Árainn Mhór Mánas Ó Luathaire
Coláiste Cholmcille Gaoth Dobhair Seosamh Ó Gallchóir
Oideas Gael Gleann Cholmcille Dr. Seosamh Watson
Coláiste Chill Chartha Máiréad Uí Bhrádaigh
Coláiste Rann na Feirste Niall Ó Sluáin
Coláiste na Rosann, Anagaire Seosamh Ó Duibheannaigh
Coláiste Bhun a Leaca Gavin Ó Fearraigh & Colleen Nic Aodha



Mná Tí Mhín an Chladaigh Bríd Ní Cholla
Mná Tí Bhun an Inbhir Máire Treasa Mhic Pháidín & Marian Mhic Pháidín
Mná Tí Bhun na Leaca Pádraig Mac Pháidín
Mná Tí Mhachaire Rabhartaigh Rosemary Bn Mhic Fhionnlaoich
Mná Tí Rann na Feirste Aodh Mac Ruairí, Máiread Mhic Grianna & Anne Bn Mhic Eamharcaigh
Mná Tí Choláiste Theileann Gráinne Mhic Giolla Easpaig
Mná Tí Loch An Iúir Marie Bn Mhic Gairbheith
Mná Tí Dhún Lúiche Máire Bn Uí Cholm
Mná Tí Ghort an Choirce Sorcha Ní Fhíoruisce
Mná Tí Choláiste Cholm Cille Bella Uí Dhochartaigh
Mná Tí Anagaire Fionnuala Mhic Giolla Bhríde& Attie Ní Dhomhnaill

I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 929
Registered: 07-2006
Posted on Wednesday, September 01, 2010 - 10:50 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go dtarrthaí Dia sinn. Cad faoi phostanna nua a chruthú sa Ghaeltacht?



©Daltaí na Gaeilge