Author |
Message |
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1271 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, August 30, 2010 - 06:46 pm: | |
Tá mé i mBÁC arís ag freastal ar chomhdháil matamaitice. Tá i gceist agam ruainnín siopadóireachta a dhéanamh leis an gConradh, deoch a chaitheamh sa gclub thíos staighre - ar son na cúise, tuigeann tú - agus má bhíonn an t-ádh liom gheobhaidh mé mo 'sean-nós fix' thuas i gClub an Ghóilín oíche Dé hAoine. Na gnáthturasannaí mar sin... ach an mbeidh rud ar bith eile a bhaineann le Gaeilge ar siúl idir seo agus deireadh na seachtaine? Seoladh leabhair, ceolchoirm, ciorcal comhrá... níl mé ró-phicky, mar is beag seans a bhíonn agam ar a leithéid san Eilvéis ar chor ar bith. (Ar ndóigh má bhíonn fonn ar Dhaltaíodóir ar bith bualadh amach áit eicínt, deoch nó cupán caife a ól i mo theannta, ní móide go ndiúltófaí dó!) Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 701 Registered: 07-2009
| Posted on Monday, August 30, 2010 - 08:14 pm: | |
quote:Tá mé i mBÁC arís ag freastal ar chomhdháil matamaitice. Bhuel, nach bhfuil an t-ádh leatsa! Déan spraoi! I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10166 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 31, 2010 - 03:50 am: | |
Tá an Ciorcal Díospóireachta ann anocht (Oíche Máirt). Café an Alliance i Sráid Chill Dara @ 18:30 |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1272 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, August 31, 2010 - 09:30 am: | |
Go hiontach. :) Tá lucht na comhdhála le dul ar thuras go drioglann Mhic Shéamais anocht, agus is beag mo spéis-sa ina leithéid. Ní mise an té is argóintí amuigh ach fáscfaidh mé tuairim nó dhó chugam féin - ar son na cúise, tuigeann tú - agus beidh ann. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10171 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 31, 2010 - 09:46 am: | |
Bí ann roimh 18:30 más mian leat cupán caifé d'fháil! Caint seachas argóint a bhíonn an de ghnáth (agus gáire chroíúil níos minice ná a mhalairt) |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1273 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, August 31, 2010 - 11:08 am: | |
Tá go maith agus níl go holc. Bis bald! :) Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Hugo
Member Username: Hugo
Post Number: 59 Registered: 09-2008
| Posted on Tuesday, August 31, 2010 - 01:42 pm: | |
A Abigail, an fíor go mbeidh tú ag cur suas deochanna ó oíche go maidin? |
|