TIONSCADAL AN FHOCLÓRA NUA BÉARLA-GAEILGE
Is mian le Foras na Gaeilge na ceapacháin seo a leanas a dhéanamh chun cur le foireann lánaimseartha an tionscadail:
• EAGARTHÓIR (3 phost; scála pá €55,863 – €69,132)
• AISTRITHEOIR (3 phost, scála pá €30,738 – €59,604)
• OIFIGEACH CLÉIREACHAIS (2 phost, scála pá €22,015 – €35,515)
Conradh go dtí deireadh an tionscadail (31 Nollaig, 2012) a bheidh i gceist leis na poist seo ar fad, agus is in oifigí an Fhorais i mBaile Átha Cliath nó i nGaoth Dobhair a bheidh siad lonnaithe.
Tá gach eolas agus foirmeacha iarratais do gach post acu le fáil ar
www.focloir.ie SPRIOCDHÁTA
Ba chóir go mbeadh na foirmeacha iarratais comhlánaithe seolta chuig Foras na Gaeilge faoi 5.00 p.m. Dé hAoine 17 Meán Fómhair 2010.
Tá Foras na Gaeilge tiomanta don chomhionannas deise agus fáiltímid roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu, beag beann ar chreideamh, ar inscne, ar mhíchumas, ar chine, ar dhearcadh polaitíochta, ar aois, ar stádas pósta, ar chlaonadh gnéis nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu. Is ar bhonn fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas.
Proficiency in the Irish language, both written and verbal, is an essential requirement for the above panel.
BREIS EOLAIS & FOIRMEACHA IARRATAIS
Foclóir •
• T: +353 1 639 8434