mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through October 07, 2010 » "caithfidh mé fágáil" (an briathar 'fág' gan chuspóir) « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mbm
Member
Username: Mbm

Post Number: 303
Registered: 01-2006


Posted on Friday, August 06, 2010 - 12:42 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ceist agam oraibh maidir le comhréir an bhriathair fág.

Cloisim daoine ag rá leithéidí caithfidh mé fágáil agus beidh mé ag fágáil ag deireadh na míosa agus tá mé in amhras faoi sin de bharr nach bhfuil aon chuspóir luaite. Mothaímse nach féidir fág a úsáid gan chuspóir: tá caithfidh mé sibh a fhágáil ceart ach tá caithfidh mé fágáil mícheart. I gcás nach bhfuil cuspóir le lua, théinn i muinín imeacht: caithfidh mé imeacht, beidh mé ag imeacht ag deireadh na míosa.

An ceart dom?

Mo bhlag sa seanchló Gaelach:
www.cainteoir.com

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3544
Registered: 01-2005


Posted on Friday, August 06, 2010 - 02:39 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Ceist agam oraibh maidir le comhréir an bhriathair fág.

Cloisim daoine ag rá leithéidí caithfidh mé fágáil agus beidh mé ag fágáil ag deireadh na míosa agus tá mé in amhras faoi sin de bharr nach bhfuil aon chuspóir luaite. Mothaímse nach féidir fág a úsáid gan chuspóir: tá caithfidh mé sibh a fhágáil ceart ach tá caithfidh mé fágáil mícheart. I gcás nach bhfuil cuspóir le lua, théinn i muinín imeacht: caithfidh mé imeacht, beidh mé ag imeacht ag deireadh na míosa.

An ceart dom?



Is ceart. Usaideann na foghlaimeoiri "fagail" an t-am ar fad mar aistriuchain ar "to leave" i mBéarla, a dtig a usaid le cuspoir no gan chuspoir. Ni mar sin ata an scéal i nGaeilg, afach, agus caithfear "imeacht" a usaid nuair nach mbionn cuspoir ar bith ann, agus "fagail" nuair a bios cuspoir ann. Sin le raidht : Béarlachas arist.

Caithfidh mé imeacht.
Caithfidh mé an ait seo a fhagail.

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10106
Registered: 08-2004


Posted on Friday, August 06, 2010 - 03:09 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Fágfaidh mé an cheist seo fúibh!

Tá orm imeacht anois....

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séasán
Member
Username: Séasán

Post Number: 79
Registered: 06-2010
Posted on Friday, August 06, 2010 - 05:28 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níor chuala mé "Caithfidh mé fágáil" riamh.Don téarma sin,nuair a bhíomar ar scoil,bhí an focal "imeacht" le h-úsáid againn i gcónaí.Go minic,bíonn brí difriúil idir "imigh" agus "fág",mar shampla:

D'imigh sé,ach d'fhág sé an doras ar oscailt ina dhiaidh.

Beidh mé ag imeacht,ach caithfidh mé slán a fhágáil ag mo chairde ar dtús.

Ceapaim go bhfuil an téarma "Tá sé ag imeacht" alán níos coitianta ná "tá sé ag fágáil".

Ach níl sé sin ach m'intinn féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 906
Registered: 07-2006
Posted on Friday, August 06, 2010 - 11:27 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

D'fhoghlaimíos rud anocht. Nár bhreá dá mbeadh leabhar nó láithreán againn a mheabhródh a leithéid sin de bhéarlachas dúinn. Caithfidh go bhfuil neart samplaí ar eolas agat, a Lughaidh?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mbm
Member
Username: Mbm

Post Number: 304
Registered: 01-2006


Posted on Monday, August 09, 2010 - 06:23 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí an ceart agam, mar sin. Go raibh maith agaibh as bhur gcuir tuairimí.

Mo bhlag sa seanchló Gaelach:
www.cainteoir.com

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10108
Registered: 08-2004


Posted on Monday, August 09, 2010 - 07:27 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Nár bhreá dá mbeadh leabhar nó láithreán againn a mheabhródh a leithéid sin de bhéarlachas dúinn



http://www.acmhainn.ie/athchlo/lorganbhearla/index.html

quote:

Is é atá in Lorg an Bhéarla leabhrán leis an údar Ultach Seán Mac Maoláin. Ba é cuspóir an údair lucht na Gaeilge a chur ag smaoineamh faoi róthionchar an Bhéarla ar a gcuid saothair scríofa, féachaint leis an róthionchar sin a mhaolú. An Gúm a d’fhoilsigh an chéad eagrán sa bhliain 1957, agus is le caoinchead an Ghúim a fhoilsítear an t-atheagrán seo - an chéad saothar sa tsraith Athchló. Is saothar é Lorg an Bhéarla atá ag teacht go han-mhaith le haidhmeanna acmhainn.ie Ní hé amháin gur mian le heagarthóirí an láithreáin seo cabhrú le nuathéarmaíocht na Gaeilge a chur i láthair phobal na Gaeilge, ach chomh maith leis sin, léargas a thabhairt ar shaibhreas traidisiúnta na Gaeltachta agus ar na leabhair a scríobhadh le linn an 20ú haois ag cur comhairle ar fhoghlaimeoirí Gaeilge faoi ghnéithe d’úsáid na teanga. Sciar maith de na leabhair sin, is amhlaidh atá siad as cló le fada an lá, agus tá súil againn iad a athfhoilsiú ar an gcuid seo den láithreán.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Scooby
Member
Username: Scooby

Post Number: 16
Registered: 07-2009
Posted on Monday, August 09, 2010 - 01:57 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tuigim a bhfuil ráite agaibh agus gach seans gur Béarlachas atá i gceist. Fós féin, d'fhéadfaí a rá go bhfuil an cuspóir intuigthe. Nach bhfuil an frása seo atá in FGB ar aon dul leis i ndáiríre?

'D'fhág sé go luath'

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3546
Registered: 01-2005


Posted on Monday, August 09, 2010 - 03:00 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Níor chuala mé "Caithfidh mé fágáil" riamh.



Éist le cainteoirí neamhdhúchasacha :-) Is minic a chualaidh mé nó a léigh mé sin ó fhoghlaimeoirí/ó chainteoirí neamhdhúchasacha.

quote:

Fós féin, d'fhéadfaí a rá go bhfuil an cuspóir intuigthe.



is iomaí meancóg a thig leat a dhéanamh agus déarfaidh tú "tá x intuigthe", ach bheadh sé rófhurast... (scríobhfaí "an bean" agus déarfaí go bhfuil an séimhiú intuigthe :-) )
Caithfear caint na gcainteoir dúchais a scriúdú agus tchíthear cad é a deireann siad..., agus cha bhíonn do dhíth cuartú an bhfuil rud inteacht intuigthe nó nach bhfuil...

In FGB, sin atá scríofa i ndiaidh "fágáil" : "v.t." ie. transitive verb, ie. caithfear cuspóir a chur leis.

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Scooby
Member
Username: Scooby

Post Number: 17
Registered: 07-2009
Posted on Monday, August 09, 2010 - 03:28 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is fíor duit. Tá sé furasta meancóg a dhéanamh agus a rá go bhfuil x intuigthe. (Cosúil leis an meancóg a rinne mé féin: 'an cuspóir'!) Mar sin féin, tá 'd'fhág sé go luath' sa bhfoclóir. Nach bhfuil cuspóir de dhíth ansin? Nach mbeadh sé níos cirte 'D'imigh sé go luath' a rá? ...nó rud éigin ar nós 'D'fhág sé an teach go luath'.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10111
Registered: 08-2004


Posted on Monday, August 09, 2010 - 03:39 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Mar a a tharlaíonn sé "vt & i" atá ag an Dálach. Mar sin, tá cásanna ann - D'fhág sé go luath - fágaim - inár féidir fág a úsáid gan chuspóir.

Maidir le fágaim, fch. Uimhir 6 faoi fág!

Fágfaidh mé mar sin an cheist agus imeoidh mé liom....

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3547
Registered: 01-2005


Posted on Monday, August 09, 2010 - 06:14 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tchíom "d'fhág sé go luath" anois. Is féidir gur cor cainte siocthaí atá ann, mar gurb é sin an t-aon sampla amháin ins an alt go léir nach bhfuil cuspóir ann.

Maidir le huimhir 6, tá cuspóir ann achan uair.

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10112
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, August 10, 2010 - 03:48 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Maidir le huimhir 6, tá cuspóir ann achan uair.



Tá, cinnte. Bhíos ag tarraingt airde ar an slí a d'úsáid mé fágaim; ní úsáid choitianta é.



©Daltaí na Gaeilge