Ar fheabhas.
Agus liosta a dhéanamh de dhaoine le Gaeilge ar fud na hÉireann -- mar muide -- atá sásta teacht amach chuig caifé áitiúil agus Gaeilge a labhairt (go deas mall soiléir) le cuairteoirí ó thíortha i gcéin a déarfadh linn go rabhadar ar cuairt sa cheantar agus gur bhreá leo cupán tae nó caife a ól i lár an lae / um thráthnóna srl agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh le cainteoirí maithe.
Beidh na tábhairneoirí ar dearg-bhuile faoi seo ach níor ghá dúinn deochanna meisciúla a ól le Gaeilge a labhairt. Ba leor meisce na Gaeilge beo a bheith orainn.
D'fhéadfaimis athnuachan a dhéanamh ar Theach Airneáin nó Teach Cuartaíochta mar nós chun fáilte a chur roimh chuairteoirí le Gaeilge.
Deirtear fós sa Bhéarla "He came céilí-ing" = Is ionann é sin agus "tháinig sé le dreas comhrá a bheith aige". Bhíodh "an Bhothántaíocht" mar chaitheamh aimsire ag muintir an Bhlascaoid Mhóir. Tá na hionaid oidhreachta ag cuid de na Gaeltachtaí. Cá bhfios ach go bhféadfaí Club-Áras Gael a bhunú ar ball i mbailte áirithe dá gcuirfí tús le rud mar seo. Chaithfí an droch-íomhá a sheachaint áfach: an meisceoir ina chodladh ag an mbear i lár an lae. Tae, Coffee, agus áit ghlan chompordach do pháistí súgradh agus éisteacht le Gaeilge. Bímis ag smaoineamh.
B'fhurasta comhluadar deas Gaelach a bhailiú le chéile sa bhaile ina bhfuilimse i mo chónaí ach fógra uair a chloig a thabhairt. Tá go leor de na Gaeilgeoirí ar pinsean agus iad ina mbaintreacha nó ina n-aonar. Bheadh áthas orthu leithscéal a bheith acu dul amach agus bualadh le Gaeilgeoirí eile nó foghlaimeoirí.
Dá dtarlódh nach raibh an té a bhí luaite leis an scéim seo ar fáil d'fhéadfadh sé/sí uimhir duine eile ar an liosta áitiúil a thabhairt
Dá dtabharfaí fógra lá nó dhó dúinn seans go bhféadfaí cuireadh chun tí a fháil ó Ghaeilgeoir áitiúil agus cá bhfios nach gcloisfeá stéibh d'amhrán nó a leithéid as Gaeilge.
Déarfainn go mbeadh daoine mar muide in gach baile in Éirinn: daoine ar pinsean (nó dí-fhostaithe !) a bheadh ar fáil láithreach bonn baill ach glao gutháin a fháil.
Nár bhreá linn Gaeilge a labhairt le cairde nua!