Author |
Message |
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 856 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, June 24, 2010 - 07:45 pm: | |
An bhfuil éinne ag dul ar saoire chun na Gaeltachta i mbliana? |
|
Sneachta
Member Username: Sneachta
Post Number: 1 Registered: 05-2010
| Posted on Friday, June 25, 2010 - 06:18 am: | |
Tá súil agam go mbeidh mé i nGleann Cholm Cille i mbliana arís , cad é fuatsa ? |
|
Guevara
Member Username: Guevara
Post Number: 84 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, June 25, 2010 - 07:26 am: | |
Ba mhaith liom tréimhse a chaitheamh i Rath Chairn nó i gConamara ós rud é go bhfuil mé ag foghlaim canúint Conamara faoi láthair. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 857 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, June 27, 2010 - 12:29 pm: | |
Tá cúpla lá in Inis Meáin beartaithe uair éigin againn agus beimid ag Lá an Logha i mBéal an Mhuirthead ar an 15 Lúnasa. Béarla is mó a chloisfear i mBéal an Mhuirthead ar ndóigh ach mar sin féin mar is eol do Liam_Mac_G beidh muintir na Eachléime, An Fháil Mhóir, Tamhain a hUltaigh(?), Glais, Tearmann, An Slagar, An Baile Úr, Cartúr, Turán, agus An Mullach Rua ann agus cloisfidh tú muintir Cheathrú Thaidhg, Cheathrú na gCloch, Chill Ghallagáin, Phort a' Chlóidh, Greannaí, agus Ros Dumhach ann. Níl a sárú de Ghaeilgeoirí ar fáil.... Tá súil agam go mairfidh an aimsir seo. Tá sé breá te agus tirim murab ionann is blianta eile. |
|
Harp
Member Username: Harp
Post Number: 68 Registered: 02-2006
| Posted on Sunday, June 27, 2010 - 05:10 pm: | |
Glenn Cholm Cille !!...talamh is áille sa Ghaeltacht, dar liom! Abar Dubh…teach lóistín (bricfeasta/leaba) is fearr…agus tá Gaeilge acu ann! Oideas Gael…Liam Ó Cuinnigeán ina stiúrthóir…foghlaimeoidh cuairteoir deireadh seachtaine an Ghaeilge ann!...agus tá craic agus ceol go leor ann!! Aire!!Cur d’ainm in áirithe chomh luath agus is féidir!! Bain sult as..., Harp |
|
Sneachta
Member Username: Sneachta
Post Number: 3 Registered: 05-2010
| Posted on Monday, June 28, 2010 - 11:12 am: | |
Aontaím leat Harp , déanfaidh mé sin gan dabht. Grma |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 289 Registered: 01-2009
| Posted on Wednesday, June 30, 2010 - 06:02 pm: | |
Tá teach curtha in airithe againn i nDún Chaoin ar feadh seachtain. Labharfar gaeilge briste idir na caisleain gainimh. |
|