Author |
Message |
vabahing (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, June 22, 2010 - 03:46 am: | |
Dia daoibh! Tá ceist agam oraibh. Tá sé in intinn agam Teastas Eorpach na Gaeilge (léibhéal C1) a thógáil i mí Nollag an bhliain seo chugainn (2011). Níl mo chuid Gaoluinn go maith faoi láthair ach ba bhreá liom í a fheabhsú agus ceapaim go dtugann smaoineamh an scrúdaithe spreagadh dom an staidéar riachtanach a dhéanamh. Níl ach Gaeilge lárach leadránach agam ach ba mhaith lem' chroí blas chanúint na Mumhan a bheith agam. Tá cuid mór leabhar agam, téacsleabhair, closleabhair agus graiméir ó chanúint na Mumhan, ón gcanúint Chonnacht agus ón gCaighdéan. An cheist atá agam ná: an molfaí mo chuid staidéir a dhéanamh go hiomlán ar an gCaighdéan, canúint na Mumhan a chur i leataobh agus í a fhoghlaim nuair a bheidh an scrúdú TEG críochnaithe agam? Cad a cheapann sibhse? Cad í an tábhacht baint le deighilt na canúintí i scrúduithe/ scríbhneoireacht foirmiúil. Ní mian liom meascán gránna a scríobh sa scrúdú. Go raibh maith agat as bhur gcuid comhairle! Nótaí: 1 - Scríobh mé an post céanna seo ar fóram eile ach ba mhaith liom bhur gcuid comhairle a fháil freisin. 2 - Chuir mé iarratas isteach chun cuntas a fháil 10 lá ó shin ach ní bhfuair mé freagair ar bith. Bhfuil a fhios ag éinne cad a tharla? |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 854 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, June 24, 2010 - 11:21 am: | |
Is anois díreach a chonaic mé an teachtaireacht uait, a vabahing (Cén bunús atá leis an ainm sin?) Níl a fhios agam cén fáth nach bhfaca mé roimhe seo í. Mholfainn duit canúint na Mumhan a fhoghlaim agus a labhairt ach í scríobh sa Chaighdeán Leathan. Níl bac ar bith ort "cím" a scríobh in áit "feicim" nó "níor dheineas" in áit "ní dhearna mé." Ach ní gá duit focail a chur as a riocht ar nós "canathaobh" a scríobh amhail is dá mba aon fhocal amháin a bhí ann nuair is abairtín ceithre-fhoclach atá ann dáiríre "cad ina thaobh." [cad + i + a + taobh] Deirtear sa Chaighdeán féin "níl teir ná toirmeasc ar cheartfhoirmeacha eile." Go n-éirí leat le TEG. Is iontach an spreagadh é. |
|
vabahing (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, June 28, 2010 - 06:18 am: | |
*ligeann osna* Níl cuntas agam fós. Go raibh maith agat a Thaidhgín as do chuid comhairle. Aontaím leis an méid a dúirt tú. Is dhá fhocail Eastóinise é an t-ainm 'vaba hing'. Ciallaíonn sé 'anam saor'. |
|
Onuvanja (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, July 06, 2010 - 08:44 am: | |
Bail ó Dhia ort, a Vabahing! Tá do chuid Gaeilge go hiontach ar fad! Ní bhaineann sé sin leis an ábhar, ach chuir sé iontas an domhain orm ainm Eastónach a fheiceáil ar an bhfóram seo... An san Eastóin nó in Éirinn atá tú i do chónaí? Agus cén chaoi ar fhoghlaim tú an teanga? Ar aon nós, molaim go hard an obair atá ar siúl agat agus ón méid atá scríofa agat, déarfainn nach mbeidh aon deacracht agat TEG a bhaint amach. :) Maidir leis an scrúdú féin, ní hí an scríbhneoireacht an chuid is mó a mbeadh fadhb agam leithe mar eachtrannach nach mbíonn i dteaghmháil leis an teanga go laethúil, seachas an chluastiscint. Ach cinnte, tá réiteach ar an bhfadhb sin ann freisin agus áiseanna mar RnaG agus TG4 ar fáil anois ar fud na cruinne... Go n-éirí go geal leat sa scrúdú! Onuvanja Iar-nóta: Ag Ollscoil Tartu i ndeisceart na hEastóine a thosaigh mé féin ag déanamh staidéir ar an nGaeilge agus Gearmánach a bhí i mo chéad mhúinteoir. Is ait an mac an saol. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10005 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, July 07, 2010 - 07:10 am: | |
quote:Gearmánach a bhí i mo chéad mhúinteoir. Cérbh é (nó í)? B'fhéidir go mbeadh aithne agam air/uirthi. |
|
vabahing (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, July 07, 2010 - 08:45 am: | |
Go raibh maith agat as do theachtaireacht a Onuvanja. Tá Gaeilge agam toisc go bhfuil mé im' Éireannach, rugadh agus togadh i gCorcaigh mé. Tá mé im' chónaí san Eastóin, is Eastónach mo bhean chéile. Tá post agam mar múinteoir Béarla i dTallinn. Tá do chuid Gaeilge go hiontach ar fad! Nár lagaí Dia do lámh! :-) |
|
Onuvanja (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, July 07, 2010 - 07:50 am: | |
Quote: "Cérbh é (nó í)? B'fhéidir go mbeadh aithne agam air/uirthi." Axel Jagau an t-ainm atá air. Is as Hamburg é, ach san Eastóin atá cónaí air le blianta fada. Bhí na seacht dteangacha ar a thoil aige siúd, an Ghaeilge ina measc. Onuvanja |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10010 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 08, 2010 - 05:06 am: | |
Níl aithne agam air, ach táim cinnte gur chuala an t-ainm cheana. Ádh mór oraibh ansiúd san oirthear chianda! |
|
Donall (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, July 09, 2010 - 05:54 pm: | |
bfhear liom gaeilge caideanach na bac leis na canuint |
|
toomey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, August 26, 2010 - 05:13 pm: | |
Vabahing, níor chiall tú an gaeilge ar aon nós, is dócha nach mbeidh aon fadbh agat sa teastas. Rinne tú an t-Árd Téist sa gaeilge nuair a bhi tú ar scoil í gCorcaígh nach eá? Tíocfaidh sí ar áis duit gan dabht!! Go n-eirí leat |
|