Author |
Message |
Beanrua
Member Username: Beanrua
Post Number: 26 Registered: 08-2009
| Posted on Friday, June 11, 2010 - 03:18 pm: | |
Léigh mé - "Thig argóint ó seo go Lá Sheoin Dic faoi na buntáistí a théann le ......". Tuigim an chiall ach cad é an 'Lá Sheoin Dic'. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9984 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, June 12, 2010 - 04:42 am: | |
Lá deireadh na Cruinne. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 837 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, June 12, 2010 - 06:47 am: | |
Lá Philib an Chleite? An lá a chasfar Pilib Aingeal orainn ag geata na bhFlaitheas agus an leabhar mór aige, leabhar inar breacadh síos na rudaí maithe go léir a rinneamar ar an domhan seo ar nós páirt a ghlacadh i bhFóram na Gaeilge ar Dhaltaí. Is ionann cleite agus peann agus nuair a fheicfidh sé an méid teachtaireachtaí a scríobhamar chuig an bhFóram seo osclóidh sé na geataí agus seolfaidh sé isteach ar Neamh muid áit nach mbeidh le cloisteáil againn ach an Ghaeilge / Ghaelainn / Ghaeilic / Ghaidhlig is glaine agus is áille dár chualathas ariamh. Tá súil agam go mbeidh mé in ann Seathrún Céitinn, Máirtín Ó Cadhain agus Tomás Ó Criomhthain a thuiscint. An dtuigfidh siad siúd mise? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9986 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, June 12, 2010 - 11:34 am: | |
Ainm eile ar an ulchabháin is ea Pilib a' Chleite. Beidh sé le feiceáil i rith an lae ag deiridh na Cruinne, de réir an tseanchais. |
|
Beanrua
Member Username: Beanrua
Post Number: 27 Registered: 08-2009
| Posted on Saturday, June 12, 2010 - 04:23 pm: | |
Abair le Pilib m'ainm féin a chur ina leabhar mór chomh maith. grma |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 839 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, June 12, 2010 - 11:34 pm: | |
Go raibh maith agat, a Aonghuis, ní raibh a fhios san agam. Coinneoidh mé súil ar na hulchabháin feasta. A Bheanrua, go raibh maith agat as an teachtaireacht úd a léamh ach is baolach gur cumadóireacht agus samhlaíocht a bhí ar siúl agam. Níl a leithéid de leabhar mór ann. Laptap atá aige anois. Tá raic, rí-rá is ruaille buaille ar siúl i measc na n-aingeal. Ba mhaith le Pilib go dtabharfaí "Pilib an Chúrsóra" air feasta ach ní dóigh liom go nglacfadh lucht leasaithe an Chaighdeáin Oifigiúil le "Lá Philib an Chúrsóra." Ar ndóigh cá bhfios nach nglacfaidis le leaganacha níos measa. Is suimiúl an leagan sin "ruaille buaille" a d'fhoghlaimíomar go léir sa bhunscoil fadó. ruaill = a rushed visit buaile = an pháirc taobh leis an teach... "The home farm" (Bóthar na Buaile, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9 = Homefarm Road) ach "ruaille buaille" atá in Ó Dónaill ar "commotion." |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9987 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, June 13, 2010 - 08:40 am: | |
Tá an teideal sin mar chuid dá theideal ag Eoin Baiste (an precursor, i. réamhtheachtaí) Gabriel, nó Pravuil b'fhéidir: is ar ghníomhartha seachas briathra daoine eile a thugann sé aird! |
|
Beanrua
Member Username: Beanrua
Post Number: 28 Registered: 08-2009
| Posted on Sunday, June 13, 2010 - 09:18 am: | |
"Lá Philib an Chúrsóra." - An dtig liom trí mhallacht a agairt ar an lá sin? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9989 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, June 13, 2010 - 09:23 am: | |
Ní thig, muna bhfuil mionnaí móra Béarla agat! |
|
Beanrua
Member Username: Beanrua
Post Number: 30 Registered: 08-2009
| Posted on Sunday, June 13, 2010 - 09:33 am: | |
Tá an t-ádh dearg agam nach bhfuil míonna móra Béarla agam. - sin é an fáth go gcuirfidh Pilib m'ainm ina laptop. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9990 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, June 13, 2010 - 09:35 am: | |
Ach cad a tharlóidh má dhéanann sé mar a dhéanann cléirigh go minic, agus an laptop a fhágáil ina dhiaidh san taxi? |
|
Beanrua
Member Username: Beanrua
Post Number: 31 Registered: 08-2009
| Posted on Sunday, June 13, 2010 - 09:43 am: | |
Cúiteamh a éileamh? Díol mo scéal? |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 841 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, June 13, 2010 - 08:54 pm: | |
Ara bíodh an diabhal ag an laptap is ag an gcleite. Más aingeal é/í nach bhfuil eolas ar gach aon rud aici/aige. Tá sé go léir ina c(h)uimne. Déarfainn gur cuma sa diabhal leis/léi fúinn agus go bhfuil na geataí úd ar oscailt i gcónaí. Beimid go léir i bhfochair a chéile arís: Pádraig Naofa, Seathrún, Aodhagán Ó Rathaille, Adolf, Pol Pot, Benyamin, George W, agus -- mise, tá súil agam. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 842 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, June 13, 2010 - 08:55 pm: | |
recte: go mbíonn na geataí úd ar oscailt de shíor |
|