Ba mhaith liom focal nó dhó a chur in iúl díbh faoi chúrsaí iontacha thuas i nGleann Cholmcille, i nDún na nGall. Téim ann gach bliain agus bíonn caighdeán an-ard ag na múinteoirí ann, iad dúthrachtach, díograiseach, agus na ceachtanna ullmhaithe i gcónaí acu. Tá na ceardlanna thar cionn go deo - bhíos féin i gceardlann a mhúin Lillis Ó Laoire anuraidh agus d'fhoghluim mé na hamhráin traidisiúnta is deise go deo uaidh. An chéad uair a bhí mé ann, thosaigh bean ghorm (as North Dakota) ag caint liom i nGaeilge an-mhaith agus ba bheag nár thit mé as mo sheasamh. Bhí sí ag teacht go dtí Oideas Gael i nGleann Cholmcille ar feadh 4 mblian ar chúrsaí Gaeilge agus féach - bhí scoth na Gaeilge aici. Bíonn an-spraoi agus an-chraic ag na foghluimeoirí i rith an ama. Más Seapáineach, Rúiseach, Iodálach, Meiriceánach, Sasanach, nó Gael, cuirfear céad míle fáilte romhat in Oideas Gael. Is do dhaoine fásta na cúrsaí.
http://www.oideas-gael.com/Leathanacha/cursai.html