mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through October 07, 2010 » Aon scéal? (furasta) « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rothaí
Member
Username: Rothaí

Post Number: 25
Registered: 04-2010


Posted on Friday, May 21, 2010 - 07:45 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sílim go tosaím an snáth seo do foghlaimeoir ag an bun leibhéal nó ag an mean leibhéal.

An bhfuil aon scéal ag aon duine?

Fáilte roimh cheartúcháin go raibh maith agaibh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_chilleasrach
Member
Username: An_chilleasrach

Post Number: 281
Registered: 01-2009
Posted on Friday, May 21, 2010 - 09:43 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá mise i mo rothaí freisin. Bím ar mo rothar beagnach gach lá agus mise ag dul go dtí an oifig nó ag bualadh amach le haghaidh píosa aclaíochta. Thosaigh mé ag dul amach sna sleibhte le deanaí ar turais níos faide agus chuir mé rothar nua in airithe an seachtain seo caite. Ar nós gasúir ag tnúth le nollaig atá mé!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 794
Registered: 07-2006
Posted on Friday, May 21, 2010 - 03:33 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá an aimsir in Éirinn go deas anois. Tá sé te. Níl gaoth ar bith ann. Tá sé tirim. Níl báisteach dá laghad ann. Tá gach aon rud sa gháirdín faoi bhláth. Is maith liom an samhradh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Eadaoin
Member
Username: Eadaoin

Post Number: 53
Registered: 02-2009
Posted on Friday, May 21, 2010 - 05:05 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Chaith mé an lá ar fad sa gháirdín inniú, beagnach.
Ta na blathanna agus na glasraí ag fás :)
ach na fiailí freisinn :(

eadaoin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rothaí
Member
Username: Rothaí

Post Number: 27
Registered: 04-2010


Posted on Saturday, May 22, 2010 - 06:51 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Scríobh An Chilleascrach:

...agus chuir mé rothar nua in airithe an seachtain seo caite.

Feicim "áirithe" sa Foclóir Gaeilge Béarla (le á fada) ach ni thuigim an focal. An mbeidh tú ag ceannach rothar nua?

Fáilte roimh cheartúcháin, go raibh maith agaibh.

(Message edited by rothaí on May 22, 2010)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 9923
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, May 22, 2010 - 07:12 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Caith súil ar an bhfoclóir beag:

in áirithe do (i ndán do (an rud atá in áirithe do dhuine); fágtha le haghaidh (tá an t-airgead sin in áirithe don chíos; chuireamar suíocháin in áirithe dúinn féin)).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 795
Registered: 07-2006
Posted on Saturday, May 22, 2010 - 09:25 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Má tá tú ag dul chuig bialann nó go dtí an phictiúrlann is féidir leat suíochán a chur in áirithe duit féin thar an teileafón roimhré.

Má théann aon duine eile go dtí an suíochán sin feicfidh sé fógra "in áirithe" air.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rothaí
Member
Username: Rothaí

Post Number: 28
Registered: 04-2010


Posted on Saturday, May 22, 2010 - 10:09 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is brea liom a dhul chuig bialann - tuigim anois! Go raibh maith agaibh a Thaidhgín agus a Aonghuis.

Is maith liom a fhoglaim i nGaeilge amhain!

Fáilte roimh cheartúcháin, go raibh míle maith agaibh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seánw
Member
Username: Seánw

Post Number: 612
Registered: 07-2009


Posted on Saturday, May 22, 2010 - 06:34 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Tá mise i mo rothaí freisin.


Ba ghnach liom marcaíocht go hobair ar rothar ― 22 km gach bealach! D’éirigh mé aclaí é a dhéamamh, ach thraochadh sé mé fosta. Uair bhí sé ag báisteach go láidir, agus fliuchadh mé go craiceann. No bueno, mar a déarfaimis abhus anseo. Bhuel, cuireadh deireadh leis sin. Ní mharcaím ach le haghaidh pléisiúir anois.

(Message edited by seánw on May 22, 2010)

I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Suaimhneas
Member
Username: Suaimhneas

Post Number: 499
Registered: 08-2006
Posted on Saturday, May 22, 2010 - 07:30 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cé go raibh mé ag féachaint isteach go minic, níor scríobh mé faic ar an mbord seo le déanaí. Beidh orm tomhas, nó cur síos faoin aimsir, no rud mar sin a chur isteach.

Fáilte roimh cheartúcháin, grma

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 799
Registered: 07-2006
Posted on Saturday, May 22, 2010 - 08:55 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Mise? Táim leisciúil. Ní théim ag rothaíocht ró-mhinic agus ní théim ag marcaíocht in aon chor. Táim ró-aosta don rothar agus ró-throm do chapall.

A Rothaí, go raibh maith agat as na rudaí deasa a dúirt fúm i mBéarla. Coinnigh ort!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 800
Registered: 07-2006
Posted on Saturday, May 22, 2010 - 08:57 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Beidh fáilte romhat, a Shuaimhnis, is maith linn tomhaiseanna.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 9926
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, May 23, 2010 - 07:16 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhíos i mo rothaí díograiseach tráth den saol. Suas an cnoc ar scoil, trasna na cathrach go coláiste. Ach d'éirigh mé as an nós sa Ghearmáin, seachas ó am go chéile don pléisiúir. Ar feadh tamaill nuair a d'fhill mé bhíonn ag rothaíocht go dtí an staisúin traenach ar maidin. Ach táim ró fhada uaidh anois. Táim éirithe falsa - na fanaí ró ghéar, na tiomáinaithe ró bhaolach, mise ró shocúlach

....

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Eadaoin
Member
Username: Eadaoin

Post Number: 54
Registered: 02-2009
Posted on Sunday, May 23, 2010 - 08:50 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

nuair a bhí mé óg (fadó, fadó!) bhi mé ag rothaíocht - ní raibh gluaisteán ag m'athair. Ta mo dhroim ró-nimhneach anois, ach is breá liom siúil.

Nuair a bhíomar óg, bhíomar in "An Óige" IYHA agus chuamar ó bhrú go brú ar ár rothair - i gCiarraigh, gCill Mantáin, ins na Sé Chontae (?litr?) agus sa Bhreathain Beag(Bhig?)

Bhain mé an-taithneamh as.

eadaoin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_chilleasrach
Member
Username: An_chilleasrach

Post Number: 282
Registered: 01-2009
Posted on Tuesday, May 25, 2010 - 11:41 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Gheobhaidh mé mo rothar nua amárach. Tastálfaidh mé i gceart é ar maidin dé domhnaigh (maidin domhnaigh?) sna sléibhte Chill Mhantáin. Tá turas 80km leagtha amach againn. Béimid ag tosnú ag 6.30 - go sabhála Dia muid!

Bhuail mo mháthar is m'athair le chéile i gclub rothaíochta. Ní bhéinn ann seachas rothaíocht!

Tháinig mé abhaile ón oifig trathnóna inné agus bhí mo mhac ag rothaíocht timpeall an gháirdín. Níor bhain mé na 'stabilisers' as a rothar ach cúpla lá ó shin. Is treise an dúchas ná an oiliúint*.

*Is seanfhocail é sin - tá an-shaibhreas iontú (ciall agus teanga).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rothaí
Member
Username: Rothaí

Post Number: 41
Registered: 04-2010


Posted on Wednesday, May 26, 2010 - 06:02 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maith thú a An Chilleasrach. Sna Sléibhte Chill Mhantain? Tá suil agam go bhfuil coscáin maith do rothar nua.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_chilleasrach
Member
Username: An_chilleasrach

Post Number: 283
Registered: 01-2009
Posted on Wednesday, May 26, 2010 - 06:13 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Gheobhaidh mé amach é go luath, ar aon nós!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 9935
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, May 26, 2010 - 06:55 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí mé féin, fiche cúig bliain nó mar sin ó shin ag rothaíocht go Gleann Molúra le roinnt cairde.

Ar mo bhealach síos cnoc Shay Elliot theip go hiomlán ar mo choscáin. Chuas síos an cnoic, ag bailiú luais, agus ag crith le sceon. Tríd an crosaire ag an mbun, agus ar aghaidh b'fhéidir ciliméadair suas an fána ar an dtaobh eile sular stop an rothar (agus mo chroí, beagnach!).

Bhí an t-ádh dearg liom.

(Message edited by aonghus on May 26, 2010)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rothaí
Member
Username: Rothaí

Post Number: 42
Registered: 04-2010


Posted on Thursday, May 27, 2010 - 09:22 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is scéal maith é sin! Bhí tú ar rollchóstóir, nach raibh?

FRC-GRMA

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_chilleasrach
Member
Username: An_chilleasrach

Post Number: 284
Registered: 01-2009
Posted on Thursday, May 27, 2010 - 10:47 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dearfainn gurb é sin an cnoc is deacra i gCill Mhantáin. An t-ádh dearg, cínnte.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rothaí
Member
Username: Rothaí

Post Number: 43
Registered: 04-2010


Posted on Thursday, May 27, 2010 - 10:49 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An Chilleasrach,

An bhfuair tú an rothar nua fós?

FRC-GRMA

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 9944
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, May 27, 2010 - 12:57 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Bhí tú ar rollchóstóir, nach raibh?



Bhí. Idir corp agus anam!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_chilleasrach
Member
Username: An_chilleasrach

Post Number: 286
Registered: 01-2009
Posted on Monday, May 31, 2010 - 10:32 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

An bhfuair tú an rothar nua fós?



Fuair. D'éirigh mé ag a sé maidin inné agus suas na sléibhte liom. Bhí an aimsir go brea agus bhí na boithre an chúin. Chonaic mé cúpla sionnach agus grúpa fianna agus d'ith me mo bhricfeasta ar barr easa ar an mbealach.

Tá an rothar an tapaidh ach níl sé chomh compordach ná mo sheancheann. Is gá leat íobartha a dhéanamh má tá luas uait!

An mbíonn tú féin amach ar do rothar go minic?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rothaí
Member
Username: Rothaí

Post Number: 51
Registered: 04-2010


Posted on Monday, May 31, 2010 - 06:20 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bím. Tá athas orm go (bh?)fuair tú do rothar nua. Is maith liom mo rothar nua freisin, ach níl sléibhte againn ach tá móran cnoic anseo.

Fáilte roimh cheartúcháin, go raibh maith agaibh.



©Daltaí na Gaeilge