Author |
Message |
Rothaí
Member Username: Rothaí
Post Number: 15 Registered: 04-2010
| Posted on Monday, May 17, 2010 - 07:53 pm: | |
Ba mhaith liom tatú a fhail do mo bhó. Is bó bhainne í. Tá mé ag smaoineamh faoi "Táin Bó Abú." An bhfuil sé sin ceart? Go raibh maith agaibh agus tá fáilte roimh cheartucháin. David (Message edited by rothaí on May 17, 2010) |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 608 Registered: 07-2009
| Posted on Monday, May 17, 2010 - 09:58 pm: | |
tatú ort nó branda uirthi? I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9905 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 18, 2010 - 01:49 am: | |
Táin Bó Abú? An mian leat go ngoidfí í? (Tá d'abairt ceart, seachas do + mo -> dom) |
|
Rothaí
Member Username: Rothaí
Post Number: 16 Registered: 04-2010
| Posted on Tuesday, May 18, 2010 - 07:04 am: | |
A Sheáin, tatú uirthi. A Aonghuis, ní mian. Is bó Ghaelach í agus ba mhaith liom a cheiliúradh a h-oidhreacht. Go raibh maith agat as an eolas faoi "dom." FRC-GRMA (Message edited by rothaí on May 18, 2010) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9907 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 18, 2010 - 07:35 am: | |
Bhuel, n'fheadar. Ciallaíonn "Táin Bó" eachtra inar goideadh eallach. Ciallaíonn Táin saibhreas freisin, gan amhras. Ó Bhó go deo.... |
|
Rothaí
Member Username: Rothaí
Post Number: 17 Registered: 04-2010
| Posted on Tuesday, May 18, 2010 - 08:38 am: | |
Tuigim, go raibh maith agat. Agus is maith liom "Ó Bhó go deo" agus déanann sé rim - an deas! An bfhuil moladh ag daoine eile? Fáilte roimh cheartucháin, go raibh maith agaibh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9908 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 18, 2010 - 08:57 am: | |
Seachan, áfach: Tá an chiall "Ochón, ochón" le "ó bhó go deo"! |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 781 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, May 18, 2010 - 10:06 am: | |
Chomh maith leis an "táin" -- eachtra inar goideadh agus gur tiomáineadh líon mór beithígh chun tsiúil fadó -- bhí "an droimeann donn dílis síoda na mbó" ann (Éire?) agus cad faoi bhó na leathadhairce? Ceist agam ort, a Rothaí: cá háit ar an mbó a bhfuil an teatú seo le cur? Ar a húth? Ar a sine? Ar a gorún? Ar a crúb? Ar a gaosán? Ar a cluas? Áit éigin eile? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9909 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 18, 2010 - 10:41 am: | |
Nithe baolacha, nár cheart iontaoibh a bheith agat astu: Crúb chapaill Adharc bhó drannadh madra agus gáire Sasanaigh! (Message edited by aonghus on May 18, 2010) |
|
Rothaí
Member Username: Rothaí
Post Number: 21 Registered: 04-2010
| Posted on Wednesday, May 19, 2010 - 04:53 pm: | |
Sílim go gcuirfidh mé an teatú ar a h-eireaball. Fáilte roimh cheartúcháin, go raibh maith agaibh. (Message edited by rothaí on May 19, 2010) |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 609 Registered: 07-2009
| Posted on Thursday, May 20, 2010 - 11:39 am: | |
Sílim go bhfuil tatuáil ar an chluas coitianta fosta. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 791 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, May 20, 2010 - 12:48 pm: | |
Bhíodh fógraí greannmhara i nuachtáin na bhfeirmeoirí tráth: "Bó ar díol. Gan seodra!" Bó neamhchláraithe a bhí i gceist. Bhíodh suaitheantas agus uimhir ar gach bó a cláraíodh. ++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++ Níor mhaith liom tabhairt faoi teatú a chur ar eireaball bó. Tharlódh go bhfaighinn flíp guairí sna súile, speach crúibe sa ghlúin, sonc adhairce sa tóin, nó go bplúchfadh an boladh mé. Ba leor san. Is buachaill cathardha mé. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 792 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, May 20, 2010 - 12:50 pm: | |
"gan seodra cluaise" a bhí i gceist agam. |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 390 Registered: 06-2009
| Posted on Sunday, May 23, 2010 - 09:38 am: | |
Cé mhéad bó atá agat a Rothaí? |
|
Rothaí
Member Username: Rothaí
Post Number: 34 Registered: 04-2010
| Posted on Sunday, May 23, 2010 - 02:37 pm: | |
Tá an-bhrón a chuile dhuine, ach níl bó ar bith agam. Rinne mé fronsa ach d'fhoghlaim mé morán Gaeilge as an snáth seo. An maith sibh dom? Rothaí gan bó. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9927 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 23, 2010 - 02:46 pm: | |
An maithfidh sibh dom? Maithfidh, cinnte. (Bhí amhras orm pé ar bith faoi do tháinte bó!) (Message edited by aonghus on May 23, 2010) |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 392 Registered: 06-2009
| Posted on Sunday, May 23, 2010 - 03:50 pm: | |
hehe maithfidh muid thú cinnte- ar son na cúise!! :) |
|
Rothaí
Member Username: Rothaí
Post Number: 36 Registered: 04-2010
| Posted on Sunday, May 23, 2010 - 07:35 pm: | |
Go raibh maith agaibh a chairde. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 803 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, May 23, 2010 - 08:01 pm: | |
Maithimid duit do chumadóireacht ach ní chreidfimid arís thú. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 804 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, May 23, 2010 - 08:03 pm: | |
Oooops! Maithfimid duit ach ní chreidfimid arís thú. |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 394 Registered: 06-2009
| Posted on Monday, May 24, 2010 - 07:52 am: | |
Scríobh mé sin go sciobtha inné, ní raibh mé in ann é a cheartú aréir agus d'fhág mé mar a bhí sé! Ach go raibh maith agat. |
|
Rothaí
Member Username: Rothaí
Post Number: 39 Registered: 04-2010
| Posted on Monday, May 24, 2010 - 08:05 am: | |
Chonaic mé i FB agus FGB, ach ní thuigim "sciob." An bhfuil sibh aon sampla? Go raibh maith agaibh. FRC-GRMA |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 395 Registered: 06-2009
| Posted on Monday, May 24, 2010 - 08:31 am: | |
Tá 'sciob'('snatch') in FGB chomh maith a Rothaí. Úsáidtear 'sciob' scaití nuair a fhaigheann duine óg bás. Mar shampla 'sciobadh thú uainn' ('you were snatched from us') |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 397 Registered: 06-2009
| Posted on Monday, May 24, 2010 - 11:48 am: | |
caithfidh mé bheith níos cúramaí - 'sciobadh uainn thú'. brón orm. |
|
Rothaí
Member Username: Rothaí
Post Number: 40 Registered: 04-2010
| Posted on Monday, May 24, 2010 - 03:22 pm: | |
Tuigim anois, go raibh maith agat a Shinéad. |
|