mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through October 07, 2010 » Athbheochan: An chéad chéim eile « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 673
Registered: 07-2006
Posted on Saturday, March 06, 2010 - 09:07 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Os rud é go bhfuilimidne anseo ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim -- nó cuid di -- riar ár gcáis di -- bímid ag díriú ar fhoclóir, ar dheilbhíocht, ar ghramadach, agus ar fhoghraíocht na teanga agus sinn ag iarraidh an Ghaeilge mar a bhíodh sí anallód "in Éirinn áin" a fhoghlaim agus a chur chun cinn.

Ach is meán cumarsáide idir daoine ó cheart í teanga agus feictear domsa go bhfuil céim eile le tógáil agamsa agus ag gach foghlaimeoir Gaeilge .i. an teanga a úsáid mar theanga chumarsáide oiread is is féidir linn.

Bhítí ag caitheamh anuas ar "ócáidí" tráth dá raibh agus caitheadh droch-mheas ar lucht labhartha na Gaeilge le linn ócáidí eagraithe toisc go labhraídis Béarla ina saol pearsanta sa bhaile agus sa chomharsanacht inar chónaigh siad.

Is é freagra atá agamsa ar an dísbheagadh sín murach na hócáidí chuirfí na Gaeilgeoirí sin ina dtost ar fad agus cheilfí a gcumas agus a líofacht orainn go deo.

Mar sin is dá bhrí sin eagraímis ócáidí: an ciorcal comhrá le cupán caife sa chomharsanacht agus an seisiún comhrá domhanda le SKYPE.

Níor thosaigh mé le SKYPE go fóill ach is gearr go dtosóidh agus beidh fonn orm clárú le grúpa ar bith a ghlacfaidh liom ...



©Daltaí na Gaeilge