mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through March 04, 2010 » Scrúduithe TEG i Nua Eabhrac « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Admin
Board Administrator
Username: Admin

Post Number: 14
Registered: 01-1999


Posted on Monday, February 15, 2010 - 05:00 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá Ionad na dTeangacha Ollscoil na hÉireann Má Nuad an-sásta a chur in iúl go mbeidh scrúduithe A1 agus A2 Teastas Eorpach na Gaeilge ar siúl i Nua Eabhrac i mí na Bealtaine. Rinne grúpa 14 duine an scrúdú i NYU anuraidh agus d’éirigh go hiontach leo go léir. Táimid ag súil go mbainfidh níos mó daoine triail as i mbliana agus go rachaidh grúpa A1 2009 ar aghaidh go dtí leibhéal A2 i mbliana.

Is deis iontach na scrúduithe seo don bhfoghlaimeoir a fháil amach go díreach cá seasann sé/sí ar an dréimire foghlama agus cad iad na rudaí gur chóir dó/di a aird a dhíriú orthu roimh bhogadh ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal eile. Chomh maith leis sin lá an-sóisialta atá ann do dhaoine le Gaeilge agus bíonn deis ag cainteoirí Gaeilge an lá chaitheamh i dteannta a chéile. Féach an píosa seo a scríobh Gearóid Chip Costello sa Cairde Connection http://www.irish-cairde.org/files/newsletters/jul-09.pdf.

Beidh na scrúduithe ar siúl i Nua Eabhrac (NYU) ar na dátaí seo:

Scrúdú A2: 8 Bealtaine 2010
Scrúdú A1: 22 Bealtaine 2010
Is féidir foirmeacha iarratais a íoslódáil ó www.teg.ie <http://www.teg.ie/> nó is féidir iad a fháil ó Glucksman Ireland House. Ba chóir iad a sheoladh ar ais chuig Glucksman Ireland House roimh an 19 Márta 2010 i dteannta seic €120. Ba chóir go mbeadh seiceanna iníoctha le Glucksman Ireland House NYU.

Tuilleadh eolais ar fáil ag www.teg.ie <http://www.teg.ie/> nó ag http://irelandhouse.fas.nyu.edu/object/ne.tega2.2010



©Daltaí na Gaeilge