mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through March 04, 2010 » Lá Fhéile Bhríde « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cú_chulainn
Member
Username: Cú_chulainn

Post Number: 4
Registered: 02-2009
Posted on Sunday, January 31, 2010 - 07:54 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ná déanaigí dearmad achan dhuine is Lá Fhéile Bhríde atá inti inniu nó “Imbolg” (Imbolc) mar a thugtaí uirthí sa tseanaimsir fada ó shin roimh ré an Chríostaíochta. Ba í ceann de na féilte ba thabhachtaí in Éirinn fadó agus bhíodh sí ar cheann de na ceithre príomh-fhéilte á cheiliúradh i rith na bliana - ba iad seo a leanas: Imbolg, Bealtaine, Lughnasadh agus Samhain.

Tugadh ómós do Bhríd thar an tréimhse seo sular dtáinig Naomh Pádraig agus Críostaíocht go h-Éireann. Ba Bhandia agus iníon an Dagda (an dea-Dia) í. Rinneadh Naomh aisti ag na Críostaithe ar thoradh moille.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_chilleasrach
Member
Username: An_chilleasrach

Post Number: 205
Registered: 01-2009
Posted on Monday, February 01, 2010 - 09:32 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tháinig m'iníon abhaile ón scoil anuraidh le crois Naomh Bhríde a rinne sí, le chúnamh ón muinteoir. Seans go mbeadh ceann nua ag fanacht orm sa bhaile an trathnóna seo.

Agus muid ag plé le chursaí chreidimh, is abhár conspóide é an cinneadh nach gcraolfar aifreann dé domhnaigh ar Raidío na Gaeltachta ach uair amháin sa mhí as seo amach, de bharr easpa airgid. Is fáda uaimse an ceist sin ach ní fhéadfá cnamh spáirne níos Éireannaí a chumadh. Is trua nach mbeidh an seirbhís ar fháil do na daoine aosta - aifreann ina dteanga dúchais ina gcistiní féin.

(Message edited by an_chilleasrach on February 01, 2010)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 9658
Registered: 08-2004


Posted on Monday, February 01, 2010 - 04:59 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go hairithe ós rud é nach bhfuil RTÉ á chraoladh corr ar bith seachas ar tonn a bhfuil trealamh ar leith de dhíth chun é a ghlacadh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 637
Registered: 07-2006
Posted on Tuesday, February 02, 2010 - 03:06 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá gné eile de scéal an Aifrinn ar Raidió na Gaeltachta ann: aon pharóiste ina mbíonn an t-aifreann Gaeilge le craoladh bíonn an-ullmhúchán le déanamh. Bíonn slua breá i láthair agus stádas ag an aifreann sin agus ag pobal na Gaeilge sa cheantar.

Bhí sé againne cúpla uair agus bhí bród ar gach aon duine a raibh baint acu leis, an cór, an sagart, na léitheoirí, lucht phaidreacha an phobail agus an pobal féin. Léirigh sé neart phobal na Gaeilge san áit.

Tá's agam nach gnó don Aifreann ná don Eaglais a leithéid sin ach b'fhéidir dá dtabharfaín tacaíocht do lucht na Gaeilge in áit seachas bheith ag caitheamh leo mar chancaráin gurbh fhearrde an tarraingt a bheadh ag an Eaglais ar dhaoine.

Ar deireadh thiar ní mhairimid sa saol osnádúrtha ach anseo ar thalamh ...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 4434
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, February 02, 2010 - 10:28 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

“Ar deireadh thiar ní mhairimid sa saol osnádúrtha ach anseo ar thalamh ...”

Áiméan!

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 9665
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, February 03, 2010 - 01:24 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ach?

Agus!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 634
Registered: 04-2008
Posted on Wednesday, February 03, 2010 - 02:50 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

De réir dealraimh, is mó agus is tubaistí na ciorraithe atá curtha i bhfeidhm i RnaG ná sna stáisiúin phoiblí eile. Má fhéachtar ar líon na bpodchraoltaí, mar shampla, ní chuirtear ar fáil feasta ach trí nó ceithre ghiotaí beaga d'Adhmhaidin le haghaidh an lae.

Bíonn RTÉ 1 fós lán de phodchraoltaí agus iad suas chun dáta ar bhonn laethiúil.

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seamás91
Member
Username: Seamás91

Post Number: 167
Registered: 10-2009


Posted on Wednesday, February 03, 2010 - 03:33 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

B'in e na laethanta, ag deanamh crois Naomh Bhride!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cú_chulainn
Member
Username: Cú_chulainn

Post Number: 5
Registered: 02-2009
Posted on Thursday, February 18, 2010 - 03:33 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is maith is cuimhin liom m'iníon s'agamsa ag déanamh amhlaidh dá raibh sí ag fás aníos agus an dóigh a chuir sí gliondar ar mo chroí agus í ag tabhairt a bronntanas domh. Bain sult as na laethanta seo cionn is nach maraíonn siad i bhfad, ar an drochuair.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Brídmhór
Member
Username: Brídmhór

Post Number: 52
Registered: 04-2009


Posted on Friday, February 19, 2010 - 02:58 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní bhfaca mé an post seo go dtí anois.

Déanann mise croiseannaí Bríde chuile bhliain dom féin agus dona comharsanaí, mar a rinne mo mháthair romham.



©Daltaí na Gaeilge