mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through March 04, 2010 » Cre na Cille « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seamás91
Member
Username: Seamás91

Post Number: 149
Registered: 10-2009


Posted on Thursday, January 07, 2010 - 07:43 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Chonaic me e areir. Ta se saibhreas le gaeilge i gcomparaid le clair eile agus bhaint me taitneamh as. An fhaca aon sibhse an scannan iontach seo?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 608
Registered: 07-2006
Posted on Thursday, January 07, 2010 - 10:20 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá an leagan drámatúil a chraol Raidio na Gaeltachta fadó cloiste agam ceithre huaire. D'fhág mé na saí-dionna sa seinnteoir sa charr agus d'éist mé leo agus mé ag taisteal. Bainim taitneamh i gcónaí astu, a bhlasta is atá an fhoghraíocht ag na haisteoirí sin.

Thosaigh sé beagán déanach in antráth domsa aréir. Níor mhiste liom an DVD a cheannach má tá a leithéid ar fáil?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 9477
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, January 07, 2010 - 10:47 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá an scannán go diail ar fad. Agus dílis go maith don leabhar, atá níos fusa a léamh ná mórán dár scríobh an Cadhnach.

Go bhfios dom níl an DVD ar fáil fós.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seamás91
Member
Username: Seamás91

Post Number: 150
Registered: 10-2009


Posted on Friday, January 08, 2010 - 06:18 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

tá an leabhar an deor afach, faoi €22!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 9494
Registered: 08-2004


Posted on Friday, January 08, 2010 - 07:37 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá athchló ag CIC ar €20.

http://www.cic.ie/product.asp?idproduct=1642

Leabhar sách mór atá ann, ní dóigh liom go bhfuil sé daor i gcomparáid le leabhair eile.

Pé scéal é, táim cinnte go bhfuil teacht agat air tríd leabharlann éigin.

Má tá tú i do bhall de leabharlann poiblí, beidh tú in ann é a fháil tríd http://www.borrowbooks.ie muna bhfuil sé i do leabharlann áitiúil.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 9495
Registered: 08-2004


Posted on Friday, January 08, 2010 - 07:41 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maidir le DVD, chuir mé ceist orthu tamaill ó shin agus seo an freagra a fuair mé:

"Tá muid ag súil go mbeidh an scannán á éisiuint deireadh na bliana seo chugainn (2010)."

http://www.rosg.ie



©Daltaí na Gaeilge