Author |
Message |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, January 05, 2010 - 06:04 am: | |
An bhfuil a fhios ag aon duine cad is ciall leis an fhocal 'ádhphar'? Ár gcuidne den ádhphar? GRMA |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9451 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 05, 2010 - 06:27 am: | |
Cé a scríobh? Tá an cuma air gur traslitriú ar focal ó theanga eile atá ann, nós a chleachtann abair Alan Titley. "offer", b'fhéidir? |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, January 05, 2010 - 06:32 am: | |
Is ó lámhscríbhinn a thagann sé, c.1600! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9452 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 05, 2010 - 06:41 am: | |
Comhthéacs? Seans gurbh Laidin nó a mhacasamhail atá i gceist, nó fiú Béarla. Sin nó comhfhocal as "ádh" agus "par"? Tá seo ag DIL faoi para, le par mar mhalairt para [f.pl.] nobles, chiefs? co teora para pupaill . . . .i. . . . co ruice in triur is uaisli bis isin pupaill `to the three noblest in the pavilion ', Laws i 164.16 , cf. iii 460.11 (`three best chiefs '). A Rom. loan-word, ns. *pair or *par (cf. Eng. peer)? cf. pardéc. http://www.dil.ie "Taoiseach rathúil?" {murab ionann as an fear reatha!} |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9453 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 05, 2010 - 06:43 am: | |
Tá "par na riogh" liostáilte faoi pór i DIL. Seans go mbeadh níos mó céille leis sin "ádhphar" = sliocht rathúil? |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, January 05, 2010 - 08:23 am: | |
Tá an chéad chuid den lámhscríbhinn le fáil anseo maille le cur síos air: http://litrocht.blogspot.com/2009_08_01_archive.html (ag bun an leathanaigh) "Ar mbennacht chugoiph..." - níl an focal ádhphar ann, ach is as seo a thagann sé. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9456 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 05, 2010 - 09:22 am: | |
É seo? "An sampla is fearr is dócha litir cháiliúil Aodha Mhóir Uí Néill chuig Mac Cochláin atá i gcló in Tobar fíorghlan Gaedhilge lch 57, agus a thosaíonn go bagarthach." An bhfeadfá cúpla abairt thart ar an nath a thabhairt dúinn? |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, January 05, 2010 - 09:45 am: | |
Is ea, an sliocht gairid sin i gcló dearg. "Ar mbennacht chugoiph, a Mheig Cochláin : Do ghlacamar bhar leitir acus issé thuigmid uirre nach ffuil agoiph gá dhénumh acht millsecht bhriathar acus sínteóracht aimsire." Seo an abairt atá ag déanamh buartha dom - ón phíosa chéanna, ach níl sé le fáil ar an suíomh idirlín sin, Ar gcuidne do’n ádhphar cé bé duine nach biaidh linn acus nach gcaithfe ar son na córa tuigmíd gur duine ina ár n-aghaigh in duine sin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9458 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 05, 2010 - 10:04 am: | |
Céard a tháinig díreach roimhe? |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, January 05, 2010 - 10:26 am: | |
Ár mbeannacht chugaibh, a Mhig Cochláin: Do ghlacamar bhur litir agus is ea thuigimid uirre nach bhfuil agaibh gá dhéanamh ach milseacht bhriathar agus sínteoireacht aimsire. Ár gcuidne den áfar cé bé duine nach mbiaidh linn agus nach gcaithfí ar son na córa tuigimid gur duine inár n-aghaidh an duine sin. Sin an píosa ansin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9459 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 05, 2010 - 10:32 am: | |
Tá cuma mionna air, mar seasann an chuid eile den abairt gan é. Ach thairis sin, níl fhios agam. Súil agam do dtiocfaidh saoi éigin an treo agus an cheist a fhuascailt. (Message edited by aonghus on January 05, 2010) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4428 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 05, 2010 - 12:12 pm: | |
adhbhar .i. ábhar ("adbar" an litriú a gheobhaidh tú mar cheannfhocal in DIL) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9461 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 05, 2010 - 05:25 pm: | |
Sea, ach cén tátal a bhaineann tú as? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4429 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 05, 2010 - 11:18 pm: | |
Ár gcuidne den áfar = Our part of the matter = As for our part = As far as we are concerned, whoever is not with us ... is against us. Is mar sin a thuigimse é. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|