mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through March 04, 2010 » Gaeltacht « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

cailín (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, November 24, 2009 - 01:44 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is múinteoir Gaeilge mé agus táim ag iarraidh dul go Gaeltacht Conamara agus fanacht le clann ann. Bhí mé ag breathnú ar shuíomh idirlín agus is féidir obair a dhéanamh i dteach éigin i dtír éigin agus tabharfaidh an clann lóistín agus bia duit. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil ar an duine airgead a íoc. An bhfuil aon áit mar sin sna ceantair Ghaeltachta? An bhfuil a fhios ag éinne? Ba bhreá liom feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge. Sin an tslí is fearr.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 532
Registered: 07-2006
Posted on Tuesday, November 24, 2009 - 04:41 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá. Cuir scéala chuig na Coláistí Samhraidh atá á reachtáil sa cheantar agus beidh áthas orthu jaibín beag a thabhairt duit mar Chinnire nó mar Oide nó mar Chúntóir i dteach lóistín éigin. Gheobhaidh tú neart seansanna dul ag caint le daoine agus cuirfidh tú an-aithne ar mhuintir na Gaeltachta.

Cinntigh roimhré go bhfuil Gaeilge mhaith ag muintir an tí sa teach ina mbeidh tú ag fanacht.

Cuir fógra sa Tribune. Inis dúinn cé mar a éireoidh leat.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Guevara
Member
Username: Guevara

Post Number: 46
Registered: 04-2007
Posted on Wednesday, November 25, 2009 - 09:17 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Hi Cailín,

Táimse chun an rud chéana a dhéanamh sa Samhraidh.Is maith an smaoineamh é gan dabht. Au-Pair atá i gceist agat is dóigh liom cuir fógra sa Tribune mar a scríobh Taidhgín. B'fhéidir go bhfuil áit éigin sa Ghaeltacht ag déanamh woofing- workers on organic farms sé sin obair ar fheirm orgánach i rith an lae agus do lóistín agus bia a fháil saor in aisce. Ba mhaith liom trí seachtaine a chaitheamh i gceantar na n-oileáin nó Ros Muc i mí Bealtaine nó Méan Fomhair gan a bheith ag freastal ar ranganna ach obair ar na mbáid nó go deonach le heagrais éicint.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

cailin (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, December 07, 2009 - 09:40 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A Thaidhgin, go raibht maith agat as an eolas a thug tú dom. Cuirfidh mé fógra sa Tribune gan dabht!

A Guevara, cinnte, sin an rud atá ag teastáil uaim - rud cosúil le woofing. Chaith mé 6 seachtaine i gceantar na n-oileáin ag obair mar mhúinteoir ar chúrsa Gaeilge agus bhí sé go hiontach ó thaobh na Gaeilge de. Maidir leis an bpost é féin, bhí uaireanta fada agam agus pá uafásach. Sin an fáth gur mhaith liom rud difriúil a dhéanamh. Nílim ag iarraidh a bheith ag obair le déagóirí mar sin mo 'ghnáthphost' ar aon nós!!

Go raibh maith agaibh!



©Daltaí na Gaeilge