Author |
Message |
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1174 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, November 05, 2009 - 04:53 am: | |
Chuala mé fadó go raibh sé le teacht amach ar DVD, agus diabhal scéal gur chuala mé ina dhiaidh sin. An bhfuil a fhios ag éinne an bhfuil sé sin ar na bioráin acu go fóill? B'ait liom breathnú arís air i dteannta m'fhir gheallta. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Seamás91
Member Username: Seamás91
Post Number: 26 Registered: 10-2009
| Posted on Thursday, November 05, 2009 - 05:00 am: | |
D'iarr mé céist an-cosuil leis sin i bhforum béarla agus Gaeilge. Féach faoi teidéal "Scannán as Gaeilge". |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 140 Registered: 01-2009
| Posted on Thursday, November 05, 2009 - 09:15 am: | |
A Abigail, mura miste leat, tá ceist agam. Ainneoin a thuigim "biorán", níor chuala mé "ar na bioráin" riamh. An rud ar tí teacht amach i gceist nó rud atá ar fionraí? (Léinn alt ag baint le cursaí capaill agus gealltóireachta i bhFoinse. Tugadh "An Biorán" ar an scríobhneoir!) (Message edited by an_chilleasrach on November 05, 2009) |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1175 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, November 05, 2009 - 11:47 am: | |
Rud atá idir lámha, a bhfuil tús curtha leis ach gan a bheith cruthanta go fóill - nó "obair i ndul chun cinn" sa nGaeilge Dheireanach Neamh-Thraidisiúnta atá dá cáineadh ag lucht a neamhlabhartha thall. Sí an tsamhail atá agam féin ná ball úma leath-dheisithe agus é ar crochadh ar bhalla an sciobóil. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9091 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 05, 2009 - 11:55 am: | |
Cniotáil an samhail a rith liomsa! Nó eangach á dheisiú. Níor aimsigh mé aon bhreis eolais, ach tá suíomh anseo: http://www.rosg.ie/ Sheol mé do cheist acu. |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 142 Registered: 01-2009
| Posted on Thursday, November 05, 2009 - 12:21 pm: | |
Go raibh maith agaibh (agus mé ag smaoineamh faoi dtáilliúireacht!). |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9150 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 11, 2009 - 03:24 pm: | |
Seo freagra na ceiste Tá muid ag súil go mbeidh an scannán á eisiúint deireadh na bliana seo chugainn (2010). Beir Bua, Ciarán Ó Cofaigh |
|