Sheol muid 25 scéal beag Bíobla do pháistí i nGaeilge coicís ó shin i gConamara. Cé go bhfuil na leabhair dírithe ar pháistí óga, bheadh siad tarraingteach ag foghlaimeoirí na teanga a bhfuil spéis acu sa Bhíobla. Tá siad scríofa i gcaint nádúrtha mhuintir Chonamara, agus i rím chomh maith. Is féidir an tsraith iomlán de 25 scéal a cheannach ar €50 agus gheobhfar dlúthdhiosca (CD) SAOR IN AISCE isteach leis sin, a chuideoidh le léamh na scéalta (agus le foghraíocht na teanga, más foghlaimeoir Gaeilge thú).
Tuigimid go bhfuil an euro an-chostasach ag lucht an dollair faoi láthair. Mar sin, ba mhaith linn tairiscint speisialta a chur ar fáil do lucht daltaí.com!
In ionad $75 ar an tsraith iomlán + €18 postas ($93), tá muid sásta an tsraith iomlán, CD agus postas a dhíol ar $80 go dtí an 30 SAMHAIN.
Caithigí súil ar
www.lorlum.ie Glacfaimid le híocaíochtaí sa phost nó le cártaí creidmheasa ar an bhfón.
Bail ó Dhia oraibh!
Nóirín & Ian Rafferty, Cló Lorlum