Is é Ar Muin na Muice an clár Gaeilge de Near90FM i mBaile Átha Cliath Thoir-Thuaidh. Téann sé amach gach lá i rith na seachtaine ag 5.30 i.n. agus bíonn sé a athchraoladh ag 9.00 ar maidin chomh maith. Bíonn sé le fáil timpeall na cruinne ar an idirlíon freisin ag
www.near.ie.
Is póca an-mhaith don Ghaeilge i mBaile Átha Cliath é Near90FM. Tá timpeall fiche Gaeilgeoir bainteach leis an stáisiún, an ceannaire don chomharchumainn, Ciarán Ó Muirí, chomh maith le Taighdeoir Gaeilge ag déanamh Scéim Fhostaíochta Pobail, Ciarán Óg Ó Giollabhuí, ina measc.
Bíonn agallaimh againn le daoine áitiúla ó Bhaile Átha Cliath Thoir-Thuaidh agus ó thimpeall na tíre faoi chúrsaí reatha, pholaitíocht, spóirt, taisteal, ceol agus ealaíon.
Tá fáilte roimh chách páirt a ghlacadh agus is féidir libh glaoch a chur orainn sa stáisiún ag (00353) 01 8671190 nó ríomhphost a sheoladh chugainn ag
.
Déanaim an chlár ar an Déardaoin agus bíonn an béim go ginearálta ar chursaí reatha agus polaitíocht. Bíonn de ghnáth beirt aoi ar a laghad agam. Beidh mé ag seoladh an nasc podchraoladh thuas do mo chlár chomh maith leis an t-eolas faoi gach seachtain amach anseo. Mar nóta tá mó chláracha leis na nascanna podchraoltaí ag dul ar ais ar feadh cúpla mhí sna fóram Ghaeilge ar peoplerepublicofcork.com, politics.ie, boards.ie agus indymedia.ie.
(Ní raibh an leathanach podchraoladh ag obair le cúpla seachtaine agus tá roinnt podchraoltaí le chur thuas ach seo leathanach amháin dóibh:
http://nearfm.ie/podcast/index.php?cat=ArMuinnaMuice)
www.myspace.com/armuinnamuice www.bebo.com/armuinnamuice