Author |
Message |
Bridget Cleary (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, October 01, 2009 - 12:41 pm: | |
Ceist bheag agam, mura miste libh, conas a chuirtear 'cur i láthair' san iolra. An é 'cur i láithreacha' a bheadh ann? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8898 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 01, 2009 - 03:30 pm: | |
Ní dóigh liom é. Níl aon moladh ag focal.ie, ach is "cur" seachas "i láthair" a chaithfí a chuir san iolra. D'fheadfaí an cheist a sheachaint, agus feidhm a bhaint as láithreoireacht - láithreoireachtaí sílim a bheadh ann. http://www.focal.ie/Search.aspx?term=l%C3%A1ithreoireacht&lang=2 |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 265 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, October 02, 2009 - 07:27 am: | |
Hm... is dócha gur "cuir i láthair" an uimhir iolra ó cheart, ach tá sé sin thar a bheith amscaí. Ní dóigh liom gur chuala nó go bhfaca mé é sin riamh. Mholfainn an fhadhb a sheachaint agus focal éigin eile ar fad a úsáid. Más é sin atá i gceist agat le "cur i láthair" ná sleamhnáin a theilgean ar scáileán mór agus caint a dhéanamh ag an am céanna (PowerPoint agus mar sin de), níl sé neamhghnách "taispeántas" a thabhairt air sin sa chaint neamhfhoirmeálta mar mhalairt ar an téarma amscaí oifigiúil "cur i láthair". Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Bridget Cleary (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 07, 2009 - 12:44 pm: | |
Cad faoi 'óráidí' mar sin nó an bhfuil sé sin rófhad ó chur i láthair? |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, November 26, 2009 - 05:26 am: | |
toirbhirt a úsáidtear go minic sa stlí go bhfaightear toirbhbhirtí san uimhir iolra. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9253 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 26, 2009 - 06:08 am: | |
Tá amhras orm faoi sin. toirbhirt [ainm briathartha][ainmfhocal baininscneach] tabhairt ar láimh; bronnadh; tíolacadh (toirbhirt leabhair). Ní dóigh liom go bhfeileann sé do cur i láthair, ó tharla nach bhfuil ach eolas á thabhairt ar lámh. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 535 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, November 26, 2009 - 05:50 pm: | |
láithriúchán / láithriúcháin? |
|